EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foghlaim ar feadh an tsaoil: cáilíochtaí Eorpacha

ACHOIMRE AR:

Bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil – Moladh

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH SEO?

Cruthaítear comhscéim, dá ngairtear an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), d'fhonn cabhrú le tíortha AE agus a gcuid institiúidí oideachais, le fostóirí agus le daoine aonair cáilíochtaí a chur i gcomparáid lena chéile ar fud na gcóras oideachais agus oiliúna AE. Uirlis bhunriachtanach is ea an creat sin i dtaobh margadh fostaíochta Eorpach a chruthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Trína fhágáil gur mó an méid trédhearcachta a bhaineann le hinniúlachtaí agus le cáilíochtaí, ionstraim is ea EQF chun Erasmus+ a chur chun cinn. Trí bhíthin sainchomhad caighdeánaithe, déanann EQF comhlánú freisin ar na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES) agus ar an tionscnamh Europass, atá araon ina gcúnamh do mhuintir na hEorpa agus obair nó oiliúint á lorg acu in áit ar bith san Eoraip
  • Beidh EQF, lena gclúdaítear an t-ardoideachas (ollscoileanna agus forais den sórt sin) agus an ghairmoiliúint araon, ina chúnamh maidir le cur le soghluaisteacht an lucht saothair agus mac léinn trí fhoráil a dhéanamh go n-aithneofar a gcuid cáilíochtaí lasmuigh dá dtír féin.
  • Uirlis is ea EQF atá bunaithe ar thoradh foghlama seachas ar an tréimhse staidéir. Is iad seo a leanas na príomhthuairisceoirí leibhéil thagartha:
    • scileanna (an cumas eolas a chur i bhfeidhm d’fhonn cúraimí a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach);
    • inniúlachtaí (an cumas eolas nó scileanna a úsáid i gcomhthéacsanna oibre nó staidéir); agus
    • eolas.
  • Tá EQF bunaithe ar ocht leibhéal tagartha lena ndéantar cur síos ar an méid atá ar eolas ag foghlaimeoir, an méid a thuigeann sé nó sí, agus an méid atá ar a chumas nó ar a cumas a dhéanamh. Mar shampla, bheadh leibhéal 1 (buneolas ginearálta) i gceist i gcás duine nach raibh oiliúint ná oideachas ar bith air nó uirthi, agus bheadh leibhéal 8 (an leibhéal is airde eolais) i gceist i gcás duine a raibh céim Dhochtúireachta aige nó aici.
  • Níl EQF ceaptha a theacht in ionad creataí náisiúnta cáilíochtaí, ach chun éascú don chomhoibriú eatarthu. Déantar Pointe Comhordaithe Náisiúnta EQF a bhunú i ngach tír atá páirteach san EQF, a dhéanann comhordú ar an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus a chuireann eolas ar fáil faoin ngaol atá idir creataí náisiúnta cáilíochtaí agus EQF.

CÚLRA

Faoi Dhearbhú Bologna na bliana 1999, cuireadh chun cinn an tsoghluaisteacht agus na trédhearcachta san oideachas in AE. Idir an dá linn, faoi Phróiseas Bologna, tá AE tagtha níos giorra do chóras inchomparáide, comhoiriúnach agus comhleanúnach i dtaobh an ardoideachais. Dá bharr sin, spreagadh an gá le gníomh den sórt céanna lena gclúdófaí an ghairmoiliúint.

GNÍOMH

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 111, 6.5.2008, lgh. 1-7)

Nuashonraithe 12.01.2016

Top