EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

ACHOIMRE AR:

Cinntí maidir leis an gcárta Eorpach um árachas sláinte

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA CINNTÍ SEO?

Tugtar isteach cárta caighdeánach Eorpach um árachas sláinte. Tagann sé sin in ionad na bhfoirmeacha E111 agus E111B a úsáideadh roimhe seo. Cuireann sé ar chumas saoránach atá ag cur fúthu go sealadach i dtír eile AE leas a bhaint as nósanna imeachta aisíocaíochta níos simplí maidir le haon chúram sláinte a fhéadfaidh siad a fháil.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Eisíonn údarás náisiúnta ábhartha an tsealbhóra an cárta in aisce. Cinntítear leis sin cé chomh fada ba chóir dó a bheith bailí.
  • Féadfar é a úsáid sna 28 dtír AE ar fad agus san Íoslainn, Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis freisin faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm i gcás shaoránaigh na tíre.
  • Áirithítear leis an gcárta go bhfaigheann an institiúid a chuireann an cúram leighis ar fáil do chónaitheoir sealadach aisíocaíocht.
  • Tá ainm an tsealbhóra, dáta breithe agus an uimhir aitheantais phearsanta ar an gcárta. Áirítear leis an bhfaisnéis freisin sonraí maidir le heagraíocht árachais leighis an tsealbhóra.
  • Nuair nach féidir le duine a bhfuil árachas aige an cárta a thaispeáint, féadfar deimhniú athsholáthair sealadach a eisiúint dóibh a mbeidh bailíocht theoranta leis.
  • Tá an cárta deartha de réir formáide agus sonraíochtaí aonfhoirmeacha chun a áirithiú gur féidir le foireann leighis agus le cuideachtaí árachais é a aithint go héasca.
  • Ní rogha eile ar árachas taistil é an cárta agus ní chumhdaíonn sé aon chostais cúram sláinte príobháideach.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise: An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

GNÍOMH

2003/751/CE: Cinneadh Uimh. 189 an 18 Meitheamh 2003 a bhfuil sé mar aidhm leis cárta Eorpach um árachas sláinte a thabhairt isteach chun teacht in ionad na bhfoirmeacha atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 agus (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram sláinte i rith cónaí sealadach i mBallstát seachas an Stát inniúil nó an Stát cónaitheach

2003/752/CE: Cinneadh Uimh. 190 an 18 Meitheamh 2003 maidir le sonraíochtaí teicniúla an chárta Eorpaigh um árachas sláinte

2003/753/CE: Cinneadh Uimh. 191 an 18 Meitheamh 2003 maidir le hathsholáthar fhoirmeacha E111 agus E111B leis an gcárta Eorpach um árachas sláinte

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

2003/751/CE: Cinneadh Uimh. 189

18.6.2003

-

IO L 276, 27.10.2003, lgh 1–3

2003/752/CE: Cinneadh Uimh. 190

18.6.2003

-

IO L 276, 27.10.2003, lgh 4–18

2003/753/CE: Cinneadh Uimh. 191

18.6.2003

-

IO L 276, 27.10.2003, lgh 19–21

Nuashonraithe 22.09.2015

Top