RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Margadh inmheánach: creat ginearálta

Margadh inmheánach

Ceann de cholúin an Aontais Eorpaigh is ea an margadh inmheánach. Limistéar gan teorainneacha is ea an margadh aonair, a tugadh chun críche sa bhliain 1992, inar féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal gluaiseacht faoi shaoirse, de réir an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Tá an margadh inmheánach riachtanach le go mbeidh rath, fás agus fostaíocht san AE, rud a rannchuidíonn lena chuspóirí faoi straitéis Liospóin a bhaint amach. Mar limistéar lánpháirtithe, oscailte agus iomaíoch, is amhlaidh go gcothaíonn sé iomaíochas agus nuáil, ag idirghníomhú go háirithe le beartais earnála an AE. Le cinntiú gur féidir le gach duine, saoránach nó gnóthas, lánbhuntáiste a bhaint as an margadh aonair, díríonn an AE ar dheireadh a chur le bacainní atá ag cur isteach fós ar a oibriú. Féachann sé le reachtaíocht a chomhchuibhiú chun freagairt níos fearr do dhúshláin an domhandaithe, agus dul in oiriúint d'fhorbairtí nua, na nuatheicneolaíochtaí mar shampla.

Féach leis

  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Margadh Inmheánach (DE) (EN) (FR)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh