RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Soláthar poiblí

Margadh inmheánach

Conarthaí poiblí is ea é earraí agus seirbhísí a cheannach agus oibreacha a ordú ag údarás poiblí ar nós rialtais náisiúnta, údaráis áitiúil nó a gcomhlachtaí spleácha. Ó osclaíodh na conarthaí seo, arb ionann iad agus cion mór de OTI an AE, tá méadú tagtha ar iomaíocht idir fhiontair an Aontais Eorpaigh, rud a laghdaíonn praghsanna agus a ráthaíonn seirbhísí ar chaighdeán níos fearr do shaoránaigh. In imeacht na mblianta, tá forálacha reachtacha tugtha isteach ag an AE a nuachóiríonn agus a éascaíonn an próiseas dámhachtana conarthaí. Tá méadú tagtha ar thrédhearcacht, ar chothroime agus ar chomh-inoibritheacht de thoradh uirlisí ar nós bhunachar sonraí TED (Tenders Electronic Daily — Forlíonaidh d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh), an chórais aicmithe aonair, (mar is léir ón bhfoclóir coiteann le haghaidh conarthaí poiblí) agus an Chórais Faisnéise ar Sholáthar Poiblí (SIMAP). Lena chois sin, shínigh sé an Comhaontú iltaobhach ar Sholáthar Rialtais agus d’idirbheartaigh sé nós imeachta dámhachtana idirnáisiúnta laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh