RSS
Innéacs A - Z

Maoin intleachtúil

Margadh inmheánach

Is é córas aonfhoirmeach cosanta ar chearta maoine intleachtúla, sa raon ó mhaoin intleachtúil go cóipcheart agus cearta gaolmhara, an bonn le cruthaitheacht agus nuáil laistigh den Aontas Eorpach. Tá an meas ar bhunphrionsabail an mhargaidh inmheánaigh (saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoriomaíocht) bunaithe ar chaighdeánú na maoine intleachtúla ar an leibhéal Eorpach. Clúdaítear cosaint na maoine intleachtúla ag roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta, arb iad an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) a fheidhmíonn a bhformhór. Tá dhá chomhlacht thábhachtacha ag an Aontas Eorpach chun a mhisean a chur i gcrích: an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (OHIM), atá freagrach as clárú trádmharcanna agus dearthaí Comhphobail, agus Oifig na bPaitinní Eorpacha (OPE). I láthair na huaire tá feachtas ar cois ag an gCoimisiún chun córas paitinne Comhphobail a thabhairt isteach go héifeachtach, córas a bheadh níos saoire agus níos éifeachtaí ó thaobh dlí de, mar ráthaíocht iomaíochais le haghaidh thionscal na hEorpa. Ar deireadh, cuimsíonn cosaint na gceart seo iad a chosaint chomh maith in aghaidh na píoráideachta, na trádála neamhdhleathaí agus an ghóchumtha.

Féach leis

  • Gheofar breis eolais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Seirbhísí (DE) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh