RSS
Innéacs A - Z

Gnóthais sa mhargadh inmheánach

Margadh inmheánach

Eochair-chuid de thabhairt chun críche an mhargaidh aonair Eorpaigh is ea gnóthais a fhorbairt ar bhonn trasnáisiúnta. I gceist anseo tá an timpeallacht rialacháin a fheabhsú, cumasú do ghnóthais diminsean Eorpach a ghlacadh chucu féin agus bheith iomaíoch ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal Eorpach. Comhchuibhiú dhlí na gcuideachtaí (chun timpeallacht dlí níos simplí a sholáthar lena laghad maorlathais is féidir), nuachóiriú an tsoláthair phoiblí (chun deiseanna gnó a mhéadú agus seirbhísí ar chaighdeán níos fearr a ráthú do shaoránaigh) agus cosaint do mhaoin intleachtúil (chun nuáil agus cruthaitheacht a spreagadh), is iad sin an bunús le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit ar son gnóthas Eorpach.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh