RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Dlí na gcuideachtaí

Margadh inmheánach

Eochair-oibreoirí sa mhargadh inmheánach is ea cuideachtaí. Féachann dlí na gcuideachtaí lena n-éifeachtúlacht oibriúcháin a fheabhsú trí bhíthin timpeallacht dhlíthiúil simplithe a chruthú lena laghad rómhaorlathais agus is féidir. Baineann reachtaíocht Eorpach sa réimse seo go háirithe le cumaisc náisiúnta agus idirnáisiúnta agus roinnt cuideachtaí, le cearta scairshealbhóirí na gcuideachtaí liostaithe agus le socruithe cánach le haghaidh máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí na mBallstát difriúil. Is cosúil gur eochairfhorbairtí iad an deis dul i mbun gníomhaíochtaí i mBallstát nach Ballstát na hoifige cláraithe é agus tabhairt isteach an chomhair éifeachtaigh thrasteorann. I gcomhthéacs críoch a chur leis an margadh inmheánach, thángthas ar choincheap den "cuideachta Eorpach", a oireann níos fearr do dhiminsin na bhfiontar arna mbunú i mBallstáit éagsúla, ós rud é go rialaítear é ag dlí na hEorpa agus nach bhfuil sé faoi réir córas difriúil reachtach go comhuaineach a thuilleadh. Tugann an reacht le haghaidh “cuideachta comhair Eorpach” caoi do chomharchumainn a ngnó a fhorbairt ar scála Eorpach. Fiontair Eorpacha nach mian leo cumascadh nó fochuideachtaí a bhunú, tá ionstraim chomhair thrasnáisiúnta ar fáil dóibh, ar a dtugtar an Ghrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE).

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh