RSS
Innéacs A - Z

An Eoraip a thógáil trí mheán na gconarthaí

Gnóthaí institiúideacha

Cuireadh tús le breis is leathchéad bliain de chonarthaí Eorpacha nuair a síníodh conarthaí an Chomhphobail (CEGC sa bhliain 1951, CEE agus Euratom sa bhliain 1957). Na conarthaí “bunaidh” a chuir an Comhphobal Eorpach agus an tAontas Eorpach ar bun agus na conarthaí leasaitheacha móra, is ionann iad seo agus príomhdhlí, mar atá, ard-dlí an Aontais agus na gComhphobal Eorpach.
Ghlac Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát leis na conarthaí, agus tá na rialacha foirmiúla substainteacha iontu siúd a gcuireann na hinstitiúidí beartais éagsúla an Chomhphobail agus an Aontais i bhfeidhm dá réir. Leagann siad amach na rialacha foirmiúla a shocraíonn roinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus na Stáit, agus a shonraíonn cumhachtaí na n-institiúidí. Ina theannta sin, sonraíonn siad na rialacha substainteacha a dhéanann amach réimse na mbeartas agus gníomhaíochtaí na n-institiúidí taobh istigh de gach beartas.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh