EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE)

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 287 CFAE AGUS LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa(CIE) iniúchóir seachtrach AE. Dá réir sin, tugann CIE rabhadh maidir le rioscaí, soláthraíonn sí cinnteacht, cuireann sí easnaimh agus dea–chleachtas in iúl, agus cuireann sí treoir ar fáil don lucht déanta beartas agus do reachtóirí maidir le conas bainistiú bheartais agus chláir AE a fheabhsú. Gníomhaíonn CIE mar an caomhnóir ar leas airgeadais shaoránaigh AE.

Sainítear ról na Cúirte in Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Dréachtaíonn an Chúirt a rialacha nós imeachta féin nach mór don Chomhairle iad a cheadú ansin. Rialaítear oibriúcháin inmheánacha an CIE leo. Clúdaítear sna rialacha gnéithe amhail na gnéithe a leanas:

  • eagrú na Cúirte (coinní, téarmaí oifige, dualgais na Cúirte, toghadh an Uachtaráin);
  • nósanna imeachta oibríochtúla (cruinnithe na Cúirte agus na nDlísheomraí; cinnteoireacht na Cúirte, na nDlísheomraí agus na gCoistí; iniúchtaí agus ullmhú tuarascálacha, tuairimí, breathnóireachtaí agus ráiteas urrúis).

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhdhéanamh agus struchtúr

  • Comhlacht coláisteach is ea an Chúirt, i.e. tá na Comhaltaí inti freagrach go comhpháirteach as na cinntí agus na gníomhaíochtaí a nglactar leo. Tá 27 gcomhalta inti — duine amháin ó gach Ballstát AE. Ceaptar comhaltaí ar feadh tréimhse 6 bliana (féadtar iad a athcheapadh). Chun go gceapfar iad, ní mór do na comhaltaí a bheith ina mbaill, anois nó cheana, de chomhlacht iniúchta sheachtraigh ina mBallstát féin nó ní mór dóibh a bheith cáilithe go speisialta don oifig seo. Tá Comhaltaí CIE faoi réir cód iompair lena rialaítear a neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas, tiomantas, coláisteacht, rúndacht, freagracht agus oibleagáidí tar éis dóibh éirí as oifig.
  • Ceapann na comhaltaí comhalta amháin mar Uachtarán ar feadh tréimhse 3 bliana (féadtar an duine sin a athcheapadh). Seo a leanas a d(h)ualgais:
    • cruinnithe na Cúirte a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu;
    • a chinntiú go gcuirtear cinntí na Cúirte i bhfeidhm;
    • a áirithiú go bhfeidhmeoidh rannáin na Cúirte i gceart, prótacal agus cuairteanna, cumarsáid, cúrsaí dlíthiúla agus iniúchadh inmheánach san áireamh agus go ndéanfar bainistíocht fhónta ar a gníomhaíochtaí éagsúla;
    • gníomhaire a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh don Chúirt maidir le dlíthíocht;
    • ionadaíocht a dhéanamh don Chúirt maidir lena caidreamh seachtrach agus a caidreamh le hinstitiúidí AE eile.
  • Ardrúnaí ag an gCúirt atá freagrach as Rúnaíocht na Cúirte a reáchtáil ó lá go lá, chomh maith le riarachán, maoiniú agus tacaíocht, acmhainní daonna, teicneolaíocht faisnéise agus aistriúchán.
  • Coistí agus Dlísheomraí sa Chúirt freisin:
    • Glacann na Dlísheomraí le tuairimí, le tuarascálacha speisialta agus le tuarascálacha sainiúla bliantúla. Ullmhaíonn siad tuarascálacha bliantúla freisin ar an bhuiséad AE a nglacadh an Chúirt leo ansin;
    • Déileálann Coistí (e.g. an Coiste Riaracháin agus an Coiste Iniúchta) le cúrsaí riaracháin agus le cinntí maidir le saincheisteanna cumarsáide agus straitéise.

Tascanna na Cúirte

  • Is í CIE iniúchóir neamhspleách seachtrach an Aontais Eorpaigh. Gnéithe bunriachtanacha de shlabhra cuntasachta AE is ea a cuid tuarascálacha agus tuairimí. Úsáidtear iad chun iad siúd atá freagrach as beartais agus cláir AE a chur i bhfeidhm a thabhairt chun cuntais: an Coimisiún, institiúidí agus comhlachtaí eile AE, agus rialtais sna Ballstáit.
  • Tugann CIE rabhadh maidir le rioscaí, soláthraíonn sí cinnteacht, cuireann sí easnaimh agus dea–chleachtas in iúl, agus cuireann sí treoir ar fáil don lucht déanta beartas agus do reachtóirí maidir le conas bainistiú bheartais agus chláir AE a fheabhsú ionas go bhféadfaidh siad luach ar airgead a bhaint amach.

Iniúchtaí

Tá siad sin:

  • bunaithe ar thaifid agus, más gá, déanta ar an toirt sna hinstitiúidí AE eile;
  • déanta in áitribh eagraíochta ar bith ina ndéantar bainistíocht ioncaim nó caiteachais ar son AE;
  • déanta i mBallstáit agus i dtíortha ar fud an domhain, déanta freisin in áitreabh a bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanacha ann, a fhaigheann íocaíochtaí ón bhuiséad AE.

Sa ról mar iniúchóir seachtrach AE, comhoibríonn an Chúirt leis na húdaráis náisiúnta agus le hinstitiúidí AE. Ina theannta sin, is féidir léi aon fhaisnéis is gá lena tasc a chur i gcríoch a iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí de chuid AE, ar eagraíochtaí a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad Eorpach nó ar institiúidí iniúchta náisiúnta.

Straitéis agus clár oibre

  • Déanann CIE pleanáil maidir lena forbairt straitéiseach agus tosaíochtaí iniúchta roimh ré ionas go mbeidh sí chun tosaigh i gcónaí ar na forbairtí ar iniúchóireacht san earnáil phoiblí. Leagtar amach a gcroíspriocanna i straitéisí ilbhliantúla.
  • Gach bliain, glacann an Chúirt le clár oibre ina liostaítear na tascanna iniúchta ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh. Foilsítear an clár, agus cuireann Uachtarán na Cúirte faoi bhráid an Choiste um Rialú Buiséadach Pharlaimint na hEorpa é.

Nós imeachta urscaoilte bliantúil

  • Níl cumhachtaí breithiúnacha ar bith ag an gCúirt Iniúchóirí agus mar sin níl aon chumhacht aici smachtbhannaí a fhorchur. Ag deireadh na bliana airgeadais i gcónaí, dréachtaítear tuarascáil bhliantúil le foilsiú san Iris Oifigiúil. Áirítear sa tuarascáil seo bainistíocht bhuiséad AE agus Chistí Eorpacha Forbraíochta, ag na hinstitiúidí inniúla. Is cuid bhunúsach í de phróiseas cinnteoireachta Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh buiséid a dheonú don Choimisiún.
  • Cuireann an Chúirt Iniúchóirí ráiteas urrúis ar fáil freisin don Chomhairle agus don Pharlaimint maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dearbhaíonn sí gur baineadh úsáid fhónta as an mbuiséad, de réir na rialacha agus na rialachán. Ina theannta sin, féadfaidh an Chúirt, ag am ar bith freisin, tuairimí a chur isteach, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, maidir le saincheisteanna nó tuairiscí athbhreithnithe agus féadfaidh sí tuairimí a sholáthar i gcásanna ina gceanglaítear leis an dlí ar an gCúirt é sin a dhéanamh, ar iarratas ó cheann de na hinstitiúidí Eorpacha eile nó as a stuaim féin.
  • Glactar leis an tuarascáil bhliantúil ag seisiún foirmiúil na Cúirte, bunaithe ar thromlach na gcomhaltaí. Ní bhíonn cruinnithe poiblí ag an gCúirt ach amháin má shocraíonn sí a mhalairt a dhéanamh. Féadfaidh sí a shocrú freisin, cás ar chás, cinntí a ghlacadh trí nós imeachta scríofa.
  • Tugann CIE tuairisc ar neamhrialtachtaí maidir le húsáid chistí AE agus atreoraíonn sí aon chásanna calaoise a bhfuil amhras fúthu, agus a aimsíodh le linn iniúchtaí, chuig an Oifig Eorpach Frith–Chalaoise (OLAF) ó chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

Tá siad i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2010.

CÚLRA

Cuireadh an Chúirt Iniúchóirí, atá lonnaithe Lucsamburg, ar bun in 1977 agus is institiúidí AE lánfheidhme í ó 1992.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 7 — An Chúirt Iniúchóirí — Airteagal 287 (sean–Airteagal 248 CCE) (OJ C 202, 7.6.2016, lch. 170-171)

Rialacha Nósanna Imeachta Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh (OJ L 103, 23.4.2010, lgh. 1-6)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Cód Iompair do Chomhaltaí agus Iarchomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí (OJ L 128, 2.5.2022, lgh. 102–113)

Nuashonraithe 02.05.2022

Top