EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh – Frontex

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear leis Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Leasaítear an t-acht bunaidh le Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 chun feabhas a chur ar bhainistíocht chomhtháite theorainneacha seachtracha AE agus chun comhar a fheabhsú idir údaráis náisiúnta na ngardaí teorann.

I leasú eile, Rialachán (AE) Uimh. 656/2014, leagtar síos rialacha chun faire a dhéanamh ar theorainneacha muirí seachtracha AE i gcomhthéacs an chomhair oibríochta atá á bhainistiú ag Frontex.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cúraimí

Is iad príomhchúraimí Frontex:

  • comhoibríochtaí a phleanáil agus a chomhordú agus mear-idirghabhálacha teorann arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht ag baint leasa as foireann agus trealamh ag teorainneacha seachtracha mara, talún agus aeir;
  • comhordú a dhéanamh ar chomhoibríochtaí fillidh de náisiúnaigh choigríche atá ag cur fúthu go neamhdhleathach in AE agus tíortha Schengen* agus atá ag diúltú imeacht dá saorthoil féin;
  • comhchaighdeáin agus uirlisí oiliúna a dhréachtú le haghaidh gardaí teorann náisiúnta;
  • anailísí riosca a dhéanamh (féachaint le bainistiú comhtháite theorainneacha seachtracha AE a fheabhsú);
  • cuidiú le tíortha Schengen a dteastaíonn cúnamh teicniúil agus oibríochta níos mó uathu ag teorainneacha seachtracha (e.g. éigeandálaí daonna agus tarrtháil ar muir nó nuair a chuirtear brúnna míréireacha ar a gcuid teorainneacha);
  • cumas mearfhreagartha a fhorbairt lena bhfuil baint ag Foirne Gardaí Teorann AE (féach thíos), chomh maith le bunachar sonraí de threalamh agus acmhainní atá ar fáil le húsáid i gcás ina dtarlaíonn géarchéim.

Trealamh

Is féidir le Frontex a trealamh féin a cheannach/léasú le haghaidh rialú na teorann (carranna, soithí, héileacaptair, etc.) nó iad a cheannach i gcomhpháirt le tíortha AE eile.

Plean oibríochta

Ba cheart go gcuimseofaí i bplean oibríochta (arna dhréachtú roimh chomhoibríochtaí, mear-idirghabhálacha teorann agus treoirthionscadail) gach gné den ghníomhaíocht ar leith, amhail:

  • cúraimí agus freagrachtaí,
  • comhdhéanamh na bhfoirne,
  • socruithe ceannais agus comhordaithe (e.g. ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann na tíre óstaí a bhfuil sé de chúram orthu comhoibriú le Frontex agus le haoi-oifigigh ó thíortha AE eile atá ag obair ar chomhoibríochtaí),
  • tuairisciú meastóireachta agus tarluithe, agus an dlínse infheidhme (e.g. i gcás oibríochtaí mara), etc.

Foirne Gardaí Teorann AE

Fostaítear Foirne Gardaí Teorann Eorpacha i gcomhoibríochtaí, i mear-idirghabhálacha teorann agus i dtreoirthionscadail arna gcomhordú ag Frontex.

Tá gardaí teorann as tíortha AE ar na foirne, saineolaithe as réimsí difriúla den bhainistíocht teorann, lena n-áirítear:

  • seiceálacha teorann;
  • faireachas ar theorainneacha talún agus muirí;
  • speisialtóirí i ndoiciméid bhréige a aithint; agus
  • náisiúntachtaí imirceach neamhrialta a aithint.

Comhar

Féadfaidh Frontex comhoibriú le Europol, an an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, údaráis tíre nach bhfuil in AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce.

Eurosur

In 2013, faoi rialachán ar leithligh, chuaigh an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) i mbun oibre. Tá an creat malartaithe faisnéise deartha chun bainistiú theorainneacha seachtracha AE a fheabhsú. Tá sé mar aidhm aige tacú le tíortha AE trí bhíthin:

  • a gcumas feasachta agus freagartha a mhéadú d’fhonn coireacht trasteorann a chomhrac;
  • dul i ngleic le himirce neamhrialta; agus
  • cailliúint imirceach ar muir a chosc.

Tá ról tábhachtach ag Frontex ó thaobh “pictiúr suímh den Eoraip” a thiomsú agus a anailísiú, athbhreithniú a dhéanamh ar na himeachtaí a tharla le déanaí ag teorainneacha tíortha AE áirithe agus a d’fhéadfadh cabhrú chun bealaí athraithe a aimsiú nó modhanna nua arna n-úsáid ag líonraí coiriúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh i bhfeidhm é an 1 Bealtaine 2005.

CÚLRA

Tháinig Frontex chun bheith oibríochtúil in 2005. Tá sé bunaithe i Vársá, an Pholainn.

I gcomhthéacs an Chláir Oibre Eorpaigh um Imirce, i mí na Nollag 2015, d’eisigh an Coimisiún Eorpach togra chun Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chruthú. Thógfaí é sin ó Frontex agus údaráis thíortha AE atá freagrach as bainistiú teorann agus leis sin cheadófaí bainistiú níos comhtháite ar theorainneacha seachtracha AE.

PRÍOMHTHÉARMA

* Tíortha Schengen: Tíortha Eorpacha a bhfuil comhaontú sínithe acu chun deireadh a chur le rialuithe teorann agus saorghluaiseacht gach náisiúnaigh de chuid na stát sínithe, tíortha AE eile agus roinnt tíortha nach bhfuil in AE a cheadú.

Is iad seo a leanas tíortha Schengen: An Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, an Eilvéis, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lgh. 1-11)

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lgh 11-26)

Nuashonraithe 02.05.2016

Top