EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cinneadh lena mbunaítear Eurojust

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2002/187/CGB — lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Bunaítear leis Eurojust, comhlacht AE arb é a ról comhar idir údaráis inniúla thíortha AE a spreagadh, a fheabhsú agus tacú leis i dtaca le comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla.
  • Leasaíodh an cinneadh faoi dhó:
    • Bhí sé mar aidhm le Cinneadh 2003/659/CGB Eurojust a ailíniú leis na rialacha buiséadacha agus airgeadais is infheidhme maidir le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE; agus
    • Bhí sé mar aidhm le Cinneadh 2009/426/CGB Eurojust a fheistiú leis na hacmhainní chun feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe.
  • In 2018, glacadh Rialachán (AE) 2018/1727 (féach achoimre ar Eurojust (athchóiriú)). Aisghairtear leis Cinneadh 2002/187/CGB agus cuirtear in ionad an chinnidh sin é le héifeacht ón 12 Nollaig 2019.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhdhéanamh, inniúlachtaí agus sainchúraimí Eurojust

  • Leis an gcinneadh bunaítear Eurojust mar chomhlacht AE ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach.
  • Cuireann gach tír AE ball náisiúnta chuig ceanncheathrú Eurojust sa Háig: mar ionchúisitheoir, breitheamh nó póilín (ní foláir nó go mbeadh inniúlachtaí ag an bpóilín is comhionann le hinniúlachtaí an bhreithimh nó an ionchúisitheora). Ní mór do dhuine amháin nó níos mó cuidiú leis na baill náisiúnta sin. Tá siad ar fad faoi réir dhlí náisiúnta na tíre a cheap iad.
  • I gCinneadh leasaitheach 2009/426/CGB socraítear an téarma oifige ag 4 bliana ar a laghad agus is féidir é a athnuachan. Cinneadh tír AE cineál na gcumhachtaí breithiúnacha a thugtar dá ball náisiúnta. Mar sin féin, ní foláir nó go mbeidh gnáthchumhachtaí áirithe ar a laghad ag na baill náisiúnta, chomh maith le cumhachtaí eile a fheidhmeofar le comhaontú an údaráis náisiúnta inniúil nó i gcásanna práinneacha, faoi mar a shainítear sa chinneadh.
  • Maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh (a bhaineann le 2 thír AE ar a laghad) i dtaca le coir thromchúiseach, tá an inniúlacht ag Eurojust maidir le:
    • comhar a chur chun cinn idir údaráis inniúla thíortha ábhartha AE;
    • éascaíocht a dhéanamh ar na hiarratais agus na cinntí a bhaineann le comhar breithiúnach a dhéanamh.
  • Clúdaítear in inniúlacht Eurojust na cineálacha coireachta agus cionta a bhfuil inniúlacht ag Oifig Eorpach Póilíní (Europol) ina leith i gcónaí.
  • Le Cinneadh leasaitheach 2009/426/CGB tugtar isteach an ceanglas maidir le córas um chomhordú ar ghlao-dhualgas ina bhfuil ionadaí amháin ó gach tír AE. D’fhéadfadh sé gurb é an ball náisiúnta, a ionadaí (hionadaí) nó a chúntóir (cúntóir) atá i dteideal teacht in aonaid an bhaill náisiúnta é/í an t–ionadaí, a bheidh ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig sa lá/7 lá sa tseachtain, ionas go bhféadfaidh Eurojust a shainchúraimí a chomhlíonadh i gcónaí.
  • Ní mór do Eurojust a shainchúraimí a chomhlíonadh trí bhall amháin nó níos mó de na baill náisiúnta nó mar Choláiste. Féadfaidh Eurojust a iarraidh ar thíortha AE lena mbaineann an méid seo a leanas, i measc nithe eile, a chur san áireamh:
  • Le Cinneadh leasaitheach 2009/426/CGB tugadh isteach an ceart do Choláiste Eurojust tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint sna cásanna seo a leanas:
    • tá 2 bhall náisiúnta nó níos mó nach bhfuil ábalta easaontachtaí dlínse a réiteach;
    • tuairiscíonn údaráis inniúla diúltú leanúnach maidir le, nó deacracht eile maidir le, comhar breithiúnach.
  • Comhaontaíonn an Coimisiún Eorpach, atá páirteach go hiomlán in obair Eurojust, leis na socruithe praiticiúla is gá le Eurojust.
  • Faoi Chinneadh leasaitheach 2009/426/CGB, ní mór do gach tír AE:
    • comhfhreagraí náisiúnta amháin nó níos mo a cheapadh do Eurojust;
    • Córas náisiúnta comhair Eurojust a chur ar bhun lena áiritheofar comhordú na hoibre arna déanamh ag:
      • Comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust;
      • Comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta;
      • Comhfhreagraithe an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus a phointí teagmhála;
      • baill náisiúnta nó pointí teagmhála Ghréasán na gcComhfhoirne Imscrúdaithe; agus
      • ionadaithe na nGréasan le haghaidh Coireanna Cogaidh, Aisghbhail Sócmhainní agus Éillitheachta.
  • Áirítear leis an rialachán rialacha maidir le heagrú agus oibriú Eurojust, amhail an rúnaíocht, ceapadh agus fad théarma oifige an Stiúrthóra Riaracháin, stádas na foirne agus socruithe teanga.

Sonraí pearsanta

  • Chun a chuspóirí a chomhlíonadh, próiseálann Eurojust sonraí pearsanta. Chuige sin, cuireadh sé i bhfeidhm prionsabail Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch.
  • Ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a phróiseáil ach maidir le daoine lena mbaineann an méid seo a leanas:
    • is ábhar iad in imscrúdú nó in ionchúiseamh coiriúil i dtaca le cion a bhfuil inniúlacht ag Eurojust ina leith;
    • is íospartaigh nó finnéithe iad sna himscrúduithe nó sna hionchúisimh sin.
  • Áirítear leis na cineálacha sonraí is féidir a phróiseáil aitheantas an duine (ainm iomlán, dáta agus áit bhreithe, náisiúntacht, sonraí teagmhála, gairm, uimhreacha slándála sóisialta agus doiciméid aitheantais) agus cineál na gcionta líomhnaithe (catagóir choiriúil, dáta agus áit an chiona, agus dul chun cinn an imscrúdaithe). Le Cinneadh leasaitheach 2009/426/CGB cuireadh próifílí DNA, grianghraif agus méarloirg leis an liosta de na cineálacha sonraí a chlúdaítear.
  • Le Cinneadh 2009/426/CGB tugadh isteach leasú lena áirithiú nach mbeidh fáil ar shonraí pearsanta ach ag baill náisiúnta agus a n–ionadaithe agus a gcúntóirí, ag daoine a bhfuil baint acu le córais náisiúnta comhair Eurojust atá nasctha le córas bainistíochta cásanna Eurojust, chomh maith le baill foirne údaraithe Eurojust. Tá gach duine atá bainteach faoi oibleagáid rúndachta a bhíonn fós i bhfeidhm i ndiaidh fhoirceann a ngníomhaíochtaí le Eurojust.
  • Laistigh de Eurojust, ceaptar ball foirne amháin go speisialta a bheidh freagrach as cosaint sonraí agus is é a sainchúram nó sainchúram a áirithiú go bhfuil an phróiseáil dleathach agus go bhfuil taifead i scríbhinn maidir le tarchur agus fáil na sonraí á choinneáil.

Caidreamh le comhlachtaí eile

Lena shainchúraimí a chomhlíonadh, tá dlúthchaidreamh oibre ag Eurojust leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach. Síneadh an caidreamh sin le Cinneadh leasaitheach 2009/426/CGB chun Europol, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach agus Lárionad Faisnéise AE a chlúdach. Le ceadú na Comhairle, féadfaidh Eurojust comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le tíortha neamh-AE, le comhlachtaí náisiúnta agus le hEagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol), chomh maith le comhar breithiúnach le tíortha neamh-AE a chomhordú.

Tuarascálacha

Coinnítear an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí Eurojust agus staid na hoibre maidir le coireacht in AE. Ina thuarascáil bhliantúil don Chomhairle, féadfaidh Eurojust tograí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

  • Tá Cinneadh 2002/187/CGB i bhfeidhm ón 6 Márta 2002.
  • Tá Cinneadh leasaitheach 2003/659/CGB i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2003.
  • Tá Cinneadh leasaitheach 2009/426/CGB i bhfeidhm ón 4 Meitheamh 2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú (IO L 63, 6.3.2002, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2002/187/CGB a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus a ghabhann in ionad an Chinnidh sin (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 138-183).

Nuashonraithe 17.04.2019

Top