EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeacht dhíreach dhlí an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Van Gend en Loos i leith Riarachán Ioncam Intíre na hÍsiltíre — bunphrionsabal na héifeachta dírí

CAD A BHUNAÍTEAR LEIS AN MBREITHIÚNAS?

  • Ina breithiúnas, cumhdaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt) éifeacht dhíreach dhlí an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Sonraítear sa bhreithiúnas, ní hamháin go gcruthaítear oibleagáidí do Bhallstáit AE le dlí AE, ach go gcruthaítear cearta do dhaoine aonair chomh maith. Dá réir sin, féadfaidh daoine aonair leas a bhaint as na cearta sin agus dlí AE a agairt go díreach os comhair cúirteanna náisiúnta agus Eorpacha, go neamhspleách ar cibé an bhfuil tástáil an dlí náisiúnta ann nó nach bhfuil (is é sin, i gcás nach bhfuil leigheas breithiúnach ar bith ann faoin dlí náisiúnta).

PRÍOMHPHOINTÍ

Éifeacht dhíreach chothrománach agus ingearach

Tá dhá ghné le héifeacht dhíreach: gné ingearach agus gné chothrománach.

  • Tá iarmhairt dhíreach ingearach tábhachtach don chaidreamh idir daoine aonair agus an tír. Ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine aonair foráil dhlí AE a agairt i ndáil leis an stát.
  • Tá iarmhairt dhíreach chothrománach tábhachtach don chaidreamh idir daoine aonair. Ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine aonair foráil dhlí AE a agairt i ndáil le duine aonair eile.
  • De réir an chineáil gnímh lena mbaineann, ghlac an Chúirt le héifeacht dhíreach iomlán (i.e. éifeacht dhíreach chothrománach agus éifeacht dhíreach ingearach) nó éifeacht dhíreach pháirteach (teoranta d’éifeacht dhíreach ingearach).

Éifeacht dhíreach agus dlí príomha

  • A mhéid a bhaineann leis an dlí príomha, bhunaigh an Chúirt prionsabal na héifeachta dírí i mbreithiúnas Van Gend en Loos. Leag sí síos an coinníoll, áfach, go gcaithfidh na hoibleagáidí a bheith beacht, soiléir agus neamhchoinníollach agus nach n–éileofaí bearta breise leo, bíodh siad ina mbearta náisiúnta nó Eorpacha.
  • I mbreithiúnas Becker, dhiúltaigh an Chúirt éifeacht dhíreach a thabhairt i gcás go bhfuil corrlach lánroghnach ag na tíortha, is cuma cé chomh beag agus atá sé, maidir le cur chun feidhme na forála lena mbaineann. In Kaefer agus Procacci i leith Stát na Fraince, dhearbhaigh an Chúirt go raibh an fhoráil lena mbaineann neamhchoinníollach toisc nár fhág sí aon rogha ag na Ballstáit agus dá bhrí sin nach raibh éifeacht dhíreach léi.

Éifeacht dhíreach agus dlí tánaisteachn

Baineann prionsabal na héifeachta dírí le gníomhartha ón dlí tánaisteach, is é sin gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí AE, amhail rialacháin, treoracha agus cinntí, a fhaightear as na prionsabail agus na cuspóirí atá leagtha amach sna conarthaí. Braitheann cur i bhfeidhm na héifeachta dírí ar an gcineál gnímh, áfach.

  • rialacháin infheidhme go díreach sna Ballstáit, mar atá sonraithe in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus tá éifeacht dhíreach leo dá bhrí sin. Mar sin féin, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta, ní bheidh sé sin i bhfeidhm ach faoin gcoinníoll go bhfuil na rialacha soiléir, beacht agus ábhartha go leor maidir le cás an dlíthí aonair (éifeacht dhíreach arna soiléiriú leis an mBreithiúnas Cúirte i gcás Politi v Ministero delle finanze).
  • Gníomhartha is ea treoracha a dhírítear ar Bhallstáit nach mór a thrasuí sa dlí náisiúnta. I gcásanna áirithe, áfach, aithníonn an Chúirt éifeacht dhíreach treoracha d’fhonn cearta daoine aonair a chosaint. Dá réir sin, leag an Chúirt síos ina breithiúnas Van Duyn i leith na hOifige Baile go bhfuil éifeacht dhíreach le treoir nuair a bhíonn a forálacha neamhchoinníollach agus sách soiléir agus beacht agus i gcás nach ndearna Ballstát AE an treoir a thrasuí faoin spriocdháta. Ní fhéadfar ach éifeacht dhíreach ingearach a bheith léi, áfach, — Tá oibleagáid ar na Ballstáit treoracha a chur chun feidhme ach ní fhéadfaidh Ballstát treoracha a lua i gcoinne duine aonair (féach breithiúnas Ratti).
  • D’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith le cinntí nuair a thagraíonn siad do Bhallstát mar an seolaí. Dá réir sin, ní aithníonn an Chúirt ach éifeacht dhíreach ingearach (breithiúnas Hansa Fleisch i leith Landrat des Kreises Schleswig-Flensburg).
  • Comhaontuithe idirnáisiúnta. Ina breithiúnas Demirel i leith Stadt Schwäbisch Gmünd, d’aithin an Chúirt éifeacht dhíreach comhaontuithe áirithe de réir na gcritéar céanna a sainaithníodh i gcás Van Gend en Loos.
  • Ní ghabhann fórsa ceangailteach dlíthiúil le tuairimí agus moltaí. Dá réir sin, níl éifeacht dhíreach leo.

CÚLRA

Mar aon le tosaíocht dhlí an Aontais (ar a dtugtar tosaíocht freisin), tá éifeacht dhíreach ina bunphrionsabal i ndlí AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Breithiúnas an 5 Feabhra 1963, NV Algemene Transport- en Expeditie Onderneming van Gend en Loos i leith Riarachán Ioncam Intíre na hÍsiltíre, C-26/62, EU:C:1963:1.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Breithiúnas an 10 Samhain 1992, Hansa Fleisch Ernst Mundt GmbH & Co. KG i leith Landrat des Kreises Schleswig-Flensburg, C-156/91, ECLI:EU:C:1992:423.

Breithiúnas an 12 Nollaig 1990, Peter Kaefer and Andréa Procacci i leith Stát na Fraince, cásanna uamtha C-100/89 agus C-101/89, ECLI:EU:C:1990:456.

Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 1987, Meryem Demirel i leith Stadt Schwäbisch Gmünd, C-12/86, ECLI:EU:C:1987:400

Breithiúnas an 19 Eanáir 1982, Ursula Becker i leith Finanzamt Münster-Innenstadt, C-8/81, ECLI:EU:C:1982:7.

Breithiúnas an 5 Aibreán 1979, Imeachtaí coiriúla i gcoinne Tullio Ratti, C-148/78, ECLI:EU:C:1979:110.

Breithiúnas an 4 Nollaig 1974, vonne van Duyn i leith na hOifige Baile, C-41-74, ECLI:EU:C:1974:133.

Breithiúnas an 14 Nollaig 1971, Politi s.a.s. i leith Aireacht Airgeadais Phoblacht na hIodáile, C-43/71, ECLI:EU:C:1971:122.

Nuashonraithe 25.11.2022

Top