EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Eoraip a chruthú atá níos láidre agus níos sábháilte ó thaobh cúrsaí digiteacha
Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomnaithe don timpeallacht ar líne is sábháilte ar domhan a chur ar fáil chun luachanna saoirse agus daonlathais AE a chur chun cinn agus chun a chinntiú go bhfásfaidh an geilleagar digiteach go sábháilte.
GNÍOMH
Comhtheachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéis Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás oscailte, sábháilte agus slán (JOIN(2013) 1 final an 7.2.2013)
ACHOIMRE
Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomnaithe don timpeallacht ar líne is sábháilte ar domhan a chur ar fáil chun luachanna saoirse agus daonlathais AE a chur chun cinn agus chun a chinntiú go bhfásfaidh an geilleagar digiteach go sábháilte.
CÉARD A DHÉANANN AN CHOMHTHEACHTAIREACHT SEO?
Leagtar amach sa chomhtheachtaireacht seo straitéis cibearshlándála na hEorpa. Déantar foráil sa straitéis sin do:
Foilsíodh an chomhtheachtaireacht i dteannta le togra le haghaidh treorach maidir le slándáil ghréasáin agus faisnéise.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ba cheart an beartas cibearshlándála in AE agus go hidirnáisiúnta a rialú le cúig phrionsabal:
na croíphrionsabail AE (nach mór iad a chur i bhfeidhm go cothrom sa saol digiteach agus sa saol fisiciúil);
cearta bunúsacha, saoirse cainte, príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint;
ceart an phobail i gcoitinne chun rochtana sábháilte ar an idirlíon agus chun shreabhadh neamhshrianta faisnéise;
rialachas éifeachtach daonlathach, earnálacha uile na sochaí san áireamh;
freagracht chomhpháirteach as an tslándáil a chinntiú.
Tá an straitéis bunaithe ar chúig thosaíocht:
Agus nádúr idirnáisiúnta an chibearspáis á chur san áireamh sa straitéis, iarrtar inti ar chomhlachtaí ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta freagracht a ghabháil orthu féin, obair le chéile agus dul i gcomhairle leis an tionscal agus le lucht na hacadúlachta. Áirítear leis na comhlachtaí údaráis inniúla náisiúnta agus AE:
Áirítear leis an straitéis freisin dul i gcomhairle le comhlachtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus na Náisiúin Aontaithe.
Féach “Cibearshlándáil”ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Nuashonraithe 14.09.2015