RSS
Innéacs A - Z

Cosaint sonraí, cóipcheart agus cearta gaolmhara

Sochaí na faisnéise

Rialaíonn an Treoir 95/46/CE cosaint sonraí pearsanta agus féachann sí le cothrom a dhéanamh idir leibhéal ard cosanta do phríobháid an duine agus saorchúrsaíocht sonraí pearsanta taobh istigh den Aontas Eorpach (AE). Tá an Coimisiún ag obair chun an creat atá ann anois a nuachóiriú ar mhodh is go bhfreagróidh sé níos fearr do na dúshláin nua a bhaineann leis an domhandú agus leis na teicneolaíochtaí nua.

Tá an reachtaíocht Eorpach ar an gcóipcheart agus ar chearta gaolmhara de réir chreat na rialacha a chuir an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) ar bun. Tá dhá chuspóir ag an reachtaíocht seo. Oibríonn sí chun an leas eacnamaíoch a chosaint d’údair saothar ealaíonta amhail leabhair, scannáin, saothair cheoil agus bunachair sonraí gan bac a chur ar an gcruthaitheacht agus ar an nuálaíocht.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh