RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Cabhair dhaonnúil

Cabhair dhaonnúil

Is é an tAontas Eorpach an soláthraí is mó ar domhan de chabhair dhaonnúil. Féachann an cúnamh seo, a thugtar i bhfoirm mhaoinithe, soláthar earraí nó seirbhísí, nó cúnamh teicniúil, le hullmhú faoi choinne na ngéarchéimeanna móra lena mbuailtear daonraí lasmuigh den Aontas, cibé an tubaistí nádúrtha, tubaistí de thoradh ghníomhaíocht an duine, nó géarchéimeanna struchtúracha is cúis leo, agus freagairt phráinneach a thabhairt orthu.
Tá gníomhaíocht an Aontais bunaithe ar bhunphrionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, agus trí ionstraim atá i gceist léi: cúnamh éigeandála, cúnamh bia, agus cúnamh le haghaidh teifeach agus daoine easáitithe. Comhordaíonn ECHO an ghníomhaíocht seo agus comhoibríonn sí go dlúth leis na comhpháirtithe a fheidhmíonn an cúnamh ar an talamh, go háirithe na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Féach leis

  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Cabhair dhaonnúil
  • Eolas breise: An Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus um Chosaint Shibhialta (ECHO) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh