Cearta an duine
Luacha atá i bpáirt ag gach Ballstát san Aontas Eorpach (AE) is ea meas ar chearta agus ar dhínit an duine mar aon le prionsabail na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais agus riail an dlí. Lena chois sin, treoraíonn siad gníomhaíocht an Aontais laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha. Tá gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse seo bunaithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach. Déanann an Chairt um Chearta Bunúsacha, atá i gceangal leis na Conarthaí, sainiú breise ar chearta bunúsacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais.
-
Cearta bunúsacha laistigh den Aontas Eorpach
An Chairt um Chearta Bunúsacha, Dínit, Saoirse, Comhionannas, Dlúthpháirtíocht, Cearta saoránach, Ceartas -
Cearta an duine i dtíortha nach tíortha AE iad
An Ionstraim Eorpach i gcomhair an Daonlathais agus Cearta an Duine, Caidreamh le tíortha nach tíortha AE iad, Tuarascálacha, Gnéithe earnála
Féach leis
- Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Cearta an duine
- Suíomhanna gGréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála (EN) agus An Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh



