EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2006/313/CBES maidir leis an gcomhaontú idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh a thabhairt i gcrích

Comhaontú idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh

Cinneadh 2011/168/CBES maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Le Cinneadh 2006/313/CBES, faomhadh an Comhaontú idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh thar ceann an Aontais Eorpaigh.
  • Sainmhínítear sa Chomhaontú téarmaí an chomhair agus an chúnaimh idir an tAontas Eorpach agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Cuirtear ceangal leis an gComhaontú ar an Aontas Eorpach, agus ní ar thíortha an Aontais Eorpaigh.
  • Tá sé mar aidhm le Cinneadh 2011/168/CBES tacaíocht uilíoch a chur chun cinn do Reacht na Róimhe, arb é an conradh lena mbunaítear an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, sláine Reacht na Róimhe a chaomhnú, tacú le neamhspleáchas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus lena feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil, tacú le comhar leis an gan Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus tacú le prionsabal na comhlántachta* a chur chun feidhme.
  • Aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES le Cinneadh 2011/168/CBES.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais um Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála freagrach as comhordú a dhéanamh ar na bearta a dhéanann an tAontas agus tíortha an Aontais chun Airteagail 2 go 5 de Chinneadh 2011/168/CBES a chur chun feidhme, go háirithe ar na 3 ábhar a leanas:

Tacaíocht uilíoch a chur chun cinn

  • Cuireann an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh leis an gcuspóir an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir i Reacht na Róimhe tríd an gceist a ardú in idirbheartaíocht agus in idirphlé polaitiúil le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad (tríú Stáit) nó eagraíochtaí réigiúnacha; agus/nó trí thionscnaimh a ghlacadh lena gcuirtear luachanna, prionsabail agus rialacha Reacht na Róimhe chun cinn.
  • Comhoibríonn an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh le Stáit leasmhara, le hinstitiúidí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha d’fhonn tacaíocht uilíoch a chur chun cinn.
  • Roinneann tíortha AE a dtaithí maidir le cur chun feidhme an reachta le Stáit leasmhara. Thairis sin, cuireann an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh leis an obair reachtach atá riachtanach chun páirt a ghlacadh i Reacht na Róimhe agus á chur chun feidhme ag tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Neamhspleáchas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a ráthú

D’fhonn neamhspleáchas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a ráthú, déanann an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh an méid seo a leanas;

Tacú le hoibriú éifeachtach

  • Déanann an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh forbairtí maidir le comhar leis an gCúirt Coiriúil Idirnáisiúnta a leanúint go dlúth. Féadfaidh siad socruithe ad hoc nó comhaontuithe a dhéanamh chun tacú le feidhmiú éifeachtach na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Is é sin cás an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Chúirt Coiriúil Idirnáisiúnta maidir le comhar agus cúnamh.
  • Glacann an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh gníomh chun comhoibriú iomlán tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad leis an gCúirt Coiriúil Idirnáisiúnta a áirithiú, lena n–áirítear barántais ghabhála a fhorghníomhú go pras.
  • Dírítear i bhfreagra AE 2013 maidir le neamh–chomhoibriú tíortha nach tíortha AE iad maidir leis an gCúirt Coiriúil Idirnáisiúnta ar an gcaoi ar cheart don Aontas Eorpach agus do thíortha an Aontais Eorpach neamh–chomhoibriú a láimhseáil.

Plean Gníomhaíochta

Dírítear leis an bPlean Gníomhaíochta ar obair leantach a dhéanamh ar Chinneadh 2011/168/CBES ar:

  • gníomhaíochtaí AE a chomhordú chun cuspóirí an chinnidh a chur chun feidhme,
  • uilíocht agus sláine Reacht na Róimhe,
  • neamhspleáchas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
  • an comhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus
  • cur chun feidhme phrionsabal na comhlántachta.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2006.

CÚLRA

Is é an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an chéad agus an t-aon chúirt choiriúil idirnáisiúnta bhuan ar domhan agus tá sé lonnaithe sa Háig, an Ísiltír. Déanann an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta imscrúdú agus, nuair is gá, déanann sí daoine atá cúisithe as na coireanna tromaí is ábhar imní don phobal idirnáisiúnta a thriail: cinedhíothú*, coireanna cogaidh*, coireanna in aghaidh na daonnachta* agus coir an ionsaithe*. Tá sé bunaithe agus rialaithe ag Reacht na Róimhe, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2002 agus atá daingnithe ag tíortha uile an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhlántacht: sa chomhthéacs sin, is é an prionsabal trína bhfuil an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta beartaithe mar chúirt na rogha deiridh, rud a chiallaíonn nár cheart di ach imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh nuair a theip ar chúirteanna náisiúnta.
Cinedhíothú: gníomhartha a dhéantar le hintinn grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó reiligiúnach a scriosadh go hiomlán nó go páirteach.
Coireanna cogaidh: gníomhartha a dhéantar lena sáraítear an dlí agus na custaim is infheidhme i gcoinbhleachtaí armtha (e.g. Coinbhinsiún na Ginéive). Áirítear mar shamplaí drochíde a thabhairt do phríosúnaigh chogaidh, gialla a mharú, nó cathracha, bailte agus sráidbhailte a scriosadh d’aon ghnó.
Coireanna in aghaidh na daonnachta: gníomhartha a dhéantar mar chuid d’ionsaí forleathan nó córasach a dírítear ar aon phobail shibhialta a bhfuil eolas acu ar an ionsaí.
Coir an ionsaithe: duine atá in ann go héifeachtach smacht a fheidhmiú ar ghníomh polaitiúil nó míleata Stáit nó gníomh polaitiúil ionsaitheach Stáit a phleanáil, a ullmhú, a thionscnamh nó a fhorghníomhú, ar sárú follasach é, de réir a chineáil, a thromchúise agus a scála, ar Chairt na Náisiún Aontaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2006/313/CBES ón gComhairle an 10 Aibreán 2006 maidir leis an gComhaontú idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh a thabhairt i gcrích (IO L 115, 28.4.2006, lch. 49)

Comhaontú idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh (IO L 115, 28.4.2006, lgh. 50-56)

Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n–aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lgh. 56-58)

Nuashonraithe 15.05.2020

Top