RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Cearta bunúsacha laistigh den Aontas Eorpach

Cearta an duine

Tuigtear don Aontas Eorpach (AE) gur ní ríthábhachtach é meas ar chearta an duine laistigh den Aontas. Is sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha atá prionsabail an Aontais maidir le cearta an duine leagtha amach. Díríonn gníomhaíocht an Aontais, atá bunaithe ar thionscnaimh agus ar chláir amhail Daphne agus Progress, ar idirdhealú, ar chiníochas agus ar seineafóibe a chomhrac agus ar ghrúpaí leochaileacha, amhail leanaí, mná agus mionlaigh, a chosaint. Déanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha monatóireacht ar chroíluachanna an Aontais. Go sonrach, soláthraíonn sí cúnamh agus saineolas do Bhallstáit agus do chomhlachtaí an Aontais atá ag feidhmiú dlí an AE maidir le cearta bunúsacha.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh