EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tAontas Eorpach agus Cearta an Linbh

ACHOIMRE AR:

Clár Oibre AE maidir le Cearta an Linbh - COIM(2011) 60 leagan deireanach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Cuirtear clár oibre i láthair inti maidir le cearta an linbh a neartú agus a chosaint arna leagan amach i bprionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL). Ba cheart cearta an linbh a urramú i ngach beartas AE a théann i gcion ar leanaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ba cheart do chearta an linbh a bheith ina chuid lárnach de cheapadh beartas AE. Ciallaíonn sé sin go bhfuil “seiceáil ceart bunúsach” ina chuid de gach píosa dréacht-reachtaíochta.

Ní mór do chórais cheartais éagsúla AE níos mó tacaíochta a thabhairt do leanaí. Baineann sé sin le:

díospóidí an dlí teaghlaigh,

clárú doiciméad,

coimeád,

imeachtaí coiriúla agus príosúin,

stádas sibhialta, agus

mar a chaitear le leanaí mar fhinnéithe leochaileacha.

Bíonn cosaint de dhíth ar fhormhór na leanaí leochaileacha cibé acu an bhfuil siad:

faoi mhíchumas,

i mbaol na bochtaineachta,

ina n-íospartaigh dúshaothraithe ghnéasaigh nó gáinneála,

ag lorg tearmainn, nó

leo féin.

Ba cheart comhairle a thabhairt do ghairmithe a bhfuil taithí acu agus atá dea-oilte, atá ábalta cuidiú le leanaí déileáil leis an tráma a tharlaíonn dóibh, ionas go dtuigfidh siad cearta agus riachtanais na n-aoisghrúpaí éagsúla.

Ba cheart aird speisialta a bheith ar fáil do leanaí Rómaigh in AE toisc go bhfuil siad thar a bheith leochaileach agus nochta.

Oibríonn AE beolíne (Uimh: 116 000) do leanaí atá ar iarraidh.

Tá AE tiomanta do chearta leanaí a fhorfheidhmiú ar fud an domhain chun iad a chosaint ó bhagairtí amhail foréigean, fostú leanaí, coinbhleacht armtha agus turasóireacht ghnéis.

Déanann AE a chinntiú:

go bhfuil eolas ag leanaí faoina gcearta;

gur féidir leo a dtuairimí a thabhairt;

go dtéitear i gcomhairle leo agus go n-éistear leo; agus

go bhfaigheann siad faisnéis faoi bheartais AE a d’fhéadfadh dul i gcion orthu.

CÚLRA

Aithnítear cosaint chearta an linbh sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 3(3) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an AE (Airteagal 24).

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre AE maidir le Cearta an Linbh (COIM(2011) 60 leagan deireanach an 15.2.2011)

Nuashonraithe 25.01.2016

Top