EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Beartas eachtrach agus slándála

foreign_and_security_policy

Is é cuspóir bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh (AE) ná a chur ar chumas na 27 Ballstát cumhacht níos mó a bheith acu go hidirnáisiúnta ná mar a bheadh acu dá ngníomhóidís ina n-aonar.

Mar aon le síocháin a chaomhnú agus slándáil idirnáisiúnta a spreagadh, iarrtar leis an bheartas an daonlathas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí ar fud an domhain a chur chun cinn.

Faoi Chonradh Liospóin 2009 bunaíodh rannóg taidhleoireachta an AE, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.