EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí bia de bhunús ainmhithe — rialuithe oifigiúla

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 maidir le scrúduithe oifigiúla a eagrú a dhéantar ar tháirgí de bhunús ainmhithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Leagtar síos sa rialachán seo rialacha sonracha maidir le scrúduithe oifigiúla a eagrú a dhéantar ar bhia a ceapadh lena chaitheamh ag an duine.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin reachtaíocht seo, ní mór na rudaí seo a leanas a dhéanamh i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE):

  • Ní mór d’údaráis náisiúnta áitribh a chloíonn le rialacha sláinteachais bia de chuid AE a cheadú agus cód a thabhairt do gach ceann de na háitribh sin a léiríonn cén cineál táirge atá i gceist.
  • Ní mór do ghnóthais bia gach aon chabhair a thabhairt do na cigirí a dhéanann na scrúduithe, lena n-áirítear cead a thabhairt dóibh chun gach foirgneamh agus chun na doiciméid nó taifid atá uathu a rochtain.
  • Ní mór ceisteanna amhail na cinn seo a leanas a chumhdach agusdea-chleachtas sláinteachais á n-iniúchadh: leagan amach agus cothabháil an áitribh agus an trealaimh, srianadh lotnaidí agus teochta agus oiliúint sláinteachais.
  • Ní mór don údarás inniúil nósanna imeachta speisialta maidir le “hanailís ghuaise agus le phointí rialúcháin criticiúla” a chur i bhfeidhm , chun a dheimhniú go bhfuil rialacha de chuid AE maidir le critéir mhiocróbacha, le fuíll, le héilleáin agus le substaintí coiscthe curtha i bhfeidhm ag gnóthais bia.
  • Déanann cigirí scrúdú ar na baill foirne chun a fháil amach an bhfuil na rialacha ábhartha á gcur i bhfeidhm acu ag gach céim den phróiseas táirgthe. D’fhéadfaidís scrúdú a dhéanamh ar thaifid na cuideachta, samplaí a thógáil chun anailís saotharlainne a dhéanamh orthu agus na rioscaí atá ann a mheas.

Déantar cineálacha difriúla bia a chumhdach sa reachtaíocht:

  • Feoil úr: ní mór do thréidlia oifigiúil scrúduithe sonracha a dhéanamh ar na hainmhithe sula maraítear iad, agus tar éis iad a mharú, i seamlais, in áitribh láimhseála géim agus i monarchana ina ndéantar feoil a ghearradh suas agus a ullmhú lena díol.
  • Moilisc dhébhlaoscacha bheo: déantar na limistéir ón dtógtar sliogéisc amhail oisrí, diúilicíní agus breallaigh a rangú bunaithe ar a ghlaine agus atá an t-uisce. Socraíonn sé sin cibé an féidir na sliogéisc a dhíol go díreach lena gcaitheamh ag an duine, nó an gá iad a chóireáil ar dtús in ionad íonúcháin.
  • Táirgí iascaireachta: déantar scrúduithe go rialta ar dhálaí sláinteachais árthaí iascaireachta, ar mhargaí (ceantála agus mórdhíola), ar dhálaí stórála agus iompair agus ar na héisc féin nuair a thugtar i dtír agus nuair a dhíoltar ar dtús iad.
  • Táirgí bainne agus déiríochta neamhchóireáilte (i.e. amh): déantar scrúduithe chun a dheimhniú go gcomhlíontar na riachtanais le haghaidh bainne amh agus go dtugtar aird ar na rialacha maidir le leas ainmhithe agus le húsáid táirgí míochaine tréidliachta.
  • Ní féidir bia a iompórtáilá gcomhlíonadh isteach san Aontas Eorpach ach ó thíortha agus ó áitribh a thaispeánann go bhfuil caighdeáin AEá gcomhlíonadh acu.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2004.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha ar leith maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú a bhaineann le táirgí de bhunús ainmhithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 206-320)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 854/2004. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 04.02.2016

Top