EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ábhair agus earraí plaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia

ACHOIMRE

Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair agus earraí plaisteacha a rachaidh i dteagmháil le bia

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

  • D’fhéadfadh ábhair agus earraí plaisteacha a théann i dteagmháil le bia substaintí tocsaineacha a aistriú chucu agus d’fhéadfaidís sláinte an duine a chur i mbaol.
  • Tugtar isteach teorainneacha ascnaimh* sa rialachán seo maidir le substaintí a úsáidtear i bpacáistiú den sórt sin agus leagtar síos coinníollacha maidir lena n-úsáid chun shábháilteacht bhia a chinntiú.
  • Leagtar amach na ceanglais ann maidir le déantúsaíocht agus margaíocht ábhair agus earraí plaisteacha a théann i dteagmháil le bia. Leis na ceanglais sin forlíontar na rialacha ginearálta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le hábhair agus earraí a úsáidtear i gcomhair pacáistiú bia.
  • D’fhéadfadh na hábhair agus na hearraí plaisteacha nó codanna díobh a bheith déanta de:
    • plaistigh amháin,
    • cúpla sraith plaisteach, nó
    • plaistigh agus ábhair eile le chéile.
  • Níl feidhm ag an rialachán maidir le roisíní ianmhalartaithe, rubar nó sileacóin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Substaintí údaraithe

  • Tá liosta substaintí sa rialachán a d’fhéadfaí a úsáid d’aon turas i ndéantúsaíocht na n-ábhar agus na n-earraí plaisteacha. Áirítear iad seo a leanas ar an liosta:
    • monaiméirí;
    • breiseáin (gan dathúcháin san áireamh);
    • meáin táirgthe polaiméirí (gan tuaslagóirí san áireamh); agus
    • macramóilíní a fhaightear ó choipeadh miocróbach.
  • Cuirtear substaintí úra leis an liosta má eisíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia tuairim fhabhrach i ndiaidh nós imeachta iarratais agus ceada.

Cur ar an margadh

  • Lena gcur ar an margadh, nó mór go gcloíonn na hábhair agus na hearraí plaisteacha lena mbaineann leis an méid seo a leanas:
    • na ceanglais maidir le húsáid, lipéadú agus inrianaitheacht arna leagan amach i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004;
    • an dea-chleachtas déantúsaíochta atá sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006
    • ceanglais maidir le comhdhéanamh agus dearbhú maidir leis an gcomhlíonadh (féach thíos).
  • In iarscríbhinní an rialacháin leagtar amach na coinníollacha úsáide maidir le substaintí údaraithe agus teorainneacha ascnaimh. Ní mór do gach ábhar agus earraí plaisteach cloí le teorainneacha ascnaimh faoi leith agus le teorainneacha ascnaimh foriomlána.
  • Ní mór do chomhdhéanamh gach sraithe plaistigh nó earra cloí leis an Rialachán. Mar sin féin, d’fhéadfadh sraith nach ndéanann teagmháil dhíreach le bia:
    • gan cloí le srianta agus sonraíochtaí an rialacháin seo (ach amháin le haghaidh monaiméir clóiríd vinile, mar a sholáthraítear in Iarscríbhinn I);
    • a bheith déanta le substaintí nach bhfuil ar liosta na substaintí údaraithe (ach ní mór nach bhfuil na substaintí só-ghineach*, carcanaigineach* nó tocsaineach d’atáirgeadh, nó a bheith i nanafhoirm*).
  • Ní mór don mhonaróir dearbhú i scríbhinn a dhréachtú (Iarscríbhinn IV). Ní mór na hábhair, na hearraí agus na táirgí ó chéimeanna idirmheánacha a ndéantúsaíochta, agus na substaintí iad féin a shainaithint sa dearbhú sin. Ní mór é a athnuachan nuair a dhéantar athruithe substaintiúla ar an gcomhdhéanamh nó ar an táirgeadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ó 4 Feabhra 2011.

CÚLRA

  • Ábhair Theagmhála Bia - Réamhrá
  • Treoirlínte an Aontais maidir le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair agus earraí plaisteacha a rachaidh i dteagmháil le bia

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Teorainneacha ascnaimh: an t-uasmhéid substaintí is féidir a aistriú ó ábhair agus earraí chuig bia. Cuirtear in iúl i milleagraim substaintí in aghaidh an chileagraim bia iad (mg/kg).

* Só-ghineach: oibreán fisiceach nó ceimiceach a athraíonn ábhar géiniteach orgánaigh agus dá bhrí sin a mhéadaíonn minicíocht na sóchán os cionn leibhéal an chúlra nádúrtha.

* Carcanaigineach: oibreán is cúis go díreach le hailse.

* Nanafhoirm: substaint nádúrtha, teagmhasach nó déanta ina bhfuil cáithníní, i staid neamhbhundaithe nó mar chomhlán nó mar cheirtleán agus sa chás, maidir le 50 % nó níos mó de na cáithníní sa dáileadh lín/méide, go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seachtracha sa raon méide 1 nanaiméadar -100 nanaiméadar (i.e. aon billiúnú de mhéadar).

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair agus earraí plaisteacha a rachaidh i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lgh. 1-89)

Rinneadh na leasuithe agus an ceartúcháin leantacha ar Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí plaisteacha a rachaidh i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17). Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 ar dhea-chleachtas déantúsaíochta maidir le hábhair agus earraí plaisteacha a rachaidh i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lgh. 75-78). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.11.2015

Top