EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ó cheimiceáin (Coinbhinsiún Stócólm)

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha

Cinneadh 2006/507/CE — Coinbhinsiún Stócólm a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Tá sé mar aidhm leis an gconradh domhanda seo an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha ó thruailleáin orgánacha mharthanacha* (POPanna). Sriantar leis, agus díothaítear leis sa deireadh, a dtáirgeadh, a n–úsáid, a dtrádáil, a scaoileadh agus a stóráil d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe.
  • Leis an gcinneadh ón gComhairle tugtar ceadú dlíthiúil an Aontais Eorpaigh don choinbhinsiún.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an gcoinbhinsiún éilítear an méid seo a leanas ar shínitheoirí:

  • aghaidh a thabhairt ar tháirgeadh agus ar úsáid d’aon ghnó POPanna trí:
    • deireadh a chur le táirgeadh, úsáid, allmhairiú agus onnmhairiú ceimiceán atá liostaithe in Iarscríbhinn A;
    • srian a chur le táirgeadh agus úsáid ceimiceán atá liostaithe in Iarscríbhinn B;
    • a áirithiú nach ndéanfar ach ceimiceáin atá liostaithe in Iarscríbhinní A agus B a allmhairiú le haghaidh úsáid cheadaithe agus gur féidir fáil réidh leo ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de;
    • clár atá inrochtana go poiblí a choinneáil ina bhfuil na díolúintí náisiúnta go léir ó na toirmisc ghinearálta agus na srianta atá liostaithe sa dhá iarscríbhinn;
  • aghaidh a thabhairt ar tháirgeadh agus ar úsáid neamhbheartaithe POPanna trí:
    • phlean gníomhaíochta mionsonraithe a ghlacadh, laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an choinbhinsiúin, chun úsáid ceimiceán atá liostaithe in Iarscríbhinn C a dhíchur agus iad a dhíothú ar deireadh;
  • stoic agus dramhaíl a laghdú nó a dhíchur trí:
    • straitéisí a fhorbairt chun stoc–chairn a shainaithint ina bhfuil ceimiceáin in Iarscríbhinní A nó B, agus táirgí agus earraí atá in úsáid ina bhfuil ceimiceáin nó atá éillithe ag ceimiceáin atá liostaithe i ngach ceann de na trí iarscríbhinn (A, B agus C);
    • stoc–chairn a bhainistiú ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus slán ó thaobh an chomhshaoil de;
    • a áirithiú go ndéanfar gach dramhaíl a láimhseáil, a bhailiú, a iompar agus a stóráil i gceart;
    • dramhaíl a dhiúscairt ionas go ndéanfar gach truailleán a scriosadh nó nach féidir í a athúsáid nó, mura ndéantar sin, é a dhéanamh ar an mbealach is neamhdhíobhálaí don chomhshaol;
  • pleananna cur chun feidhme a dhréachtú (agus iad a nuashonrú de réir mar is cuí), laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an choinbhinsiúin. Leagtar amach leo sin an chaoi a gcomhlíonfaidh siad a ngealltanais, an chaoi a gcomhoibreoidh siad le comhpháirtithe, lena n–áirítear eagraíochtaí domhanda, náisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus an chaoi a rachaidh siad i gcomhairle le páirtithe leasmhara náisiúnta;
  • faisnéis ábhartha a mhalartú, trí rúnaíocht an choinbhinsiúin, ar laghdú POPanna nó deireadh a chur leo le agus ar roghanna inmharthana féideartha;
  • faisnéis, feasacht agus oideachas poiblí a chur chun cinn i measc lucht déanta cinntí agus i measc an phobail, go háirithe mná agus leanaí, agus oiliúint do phríomhphearsanra a éascú;
  • taighde iomchuí náisiúnta agus idirnáisiúnta, forbairt, faireachán agus comhar maidir le POPanna a spreagadh nó a chur i gcrích;
  • cúnamh teicniúil tráthúil agus iomchuí, agus más gá tacaíocht airgeadais, a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha agus geilleagair idirlinne;
  • an maoiniú agus na dreasachtaí riachtanacha a leithdháileadh chun gealltanais náisiúnta a bhaint amach;
  • tuairisc a thabhairt do gach sínitheoir eile (Comhdháil na bPáirtithe — féach thíos) ar na bearta a glacadh, agus a dtionchar, chun gealltanais an choinbhinsiúin a chur chun feidhme;
  • an méid seo a leanas a sholáthar do rúnaíocht an choinbhinsiúin go tréimhsiúil:
    • sonraí, nó meastachán réasúnach, ar chainníochtaí iomlána táirgeachta, allmhairithe agus onnmhairithe gach ceimiceáin in Iarscríbhinní A agus B;
    • liosta de na tíortha a ndearnadh gach substaint a allmhairiú nó a onnmhairiú chucu nó astu.

Bunaítear leis an gcoinbhinsiún:

  • Comhdháil na bPáirtithe, lena gcuimsítear na sínitheoirí go léir. Maidir leis sin:
    • tagann sí le chéile go rialta agus i seisiún urghnách nuair is gá;
    • déanann sí athbhreithniú leanúnach ar chur chun feidhme an choinbhinsiúin;
    • féadfaidh sí foghrúpaí a bhunú a mheasann sé a bheith riachtanach;
    • comhoibríonn sí le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhlachtaí idir–rialtasacha agus neamhrialtasacha;
    • bunaítear léi Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Mharthanach ar a bhfuil saineolaithe atá ainmnithe ag an rialtas;
    • cinntear léi an nglacfar le togra go gcuirfear ceimiceán leis na liostaí in Iarscríbhinní A, B nó C;
    • déantar measúnú léi, den chéad uair 4 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, ar éifeachtacht an choinbhinsiúin;
    • glacann sí bearta chun cásanna neamh-chomhlíonta agus aon leasuithe beartaithe ar an gcoinbhinsiún a chinneadh agus a láimhseáil;
  • rúnaíocht, a gcomhlíonann Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe a fheidhmeanna riaracháin.

Féadfaidh aon sínitheoir aistarraingt ón gcoinbhinsiún, 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, trí fhógra 1 bhliain a thabhairt i scríbhinn.

Tá a ghealltanais choinbhinsiúin á gcomhlíonadh ag an Aontas Eorpach tríd an méid a leanas a ghlacadh:

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Truailleáin orgánacha mharthanacha: substaintí ceimiceacha, a úsáidtear i lotnaidicídí agus i bpróisis thionsclaíocha. Bíonn siad gníomhach ar feadh blianta fada, scaipeann siad go forleathan, bithbhailíonn* siad agus dá réir sin cuireann siad sláinte an duine nó an comhshaol i mbaol.
Bithbhailiú: éirí tiubhaithe laistigh de choirp nithe beo.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 209, 31.7.2006, lgh. 3-29)

Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (athmhúnlú) (IO L 169, 25.6.2019, lgh. 45-77)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/1021 a chorprú sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ar athbhreithniú agus nuashonrú dhara Plean Forfheidhmithe an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 8 (4) de Rialachán Uimh. 850/2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2018) 848 críochnaitheach, 4.1.2019)

An Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 81, 19.3.2004, lgh. 37-71)

Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le cur i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 81, 19.3.2004, lgh. 35-36)

Nuashonraithe 04.09.2020

Top