Leas ainmhithe
Aithníonn an tAontas Eorpach gur neacha mothaitheacha iad ainmhithe a bhfuil cosaint ag dul dóibh. Leagann reachtaíocht Chomhphobail síos íoschaighdeáin chun nach ngortófar ainmhithe go neamhriachtanach i dtrí réimse ar leith: feirmeoireacht, iompar agus marú. Téann sé i ngleic le saincheisteanna eile chomh maith, dála trialacha ar ainmhithe agus an tionscal fionnaidh. I bplean gníomhaíochtaí 2006-2010 leagtar amach foirm ghinearálta na hidirghabhála Eorpaí sa réimse seo, laistigh den AE agus lastall de araon.



