EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trádáil i dtáirgí róin

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leagtar amach ann rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní féidir táirgí róin a chur ar an margadh in AE ach amháin má thagann siad ó fhiach a dhéanann pobail Ionúiteacha* agus pobail dhúchasacha eile. Ní mór don fhiach:
    • a bheith déanta go traidisiúnta ag an bpobal;
    • rannchuidiú lena mbeatha a shaothrú chun bia agus ioncam a sholáthar agus nach ndearnadh é chun críche tráchtála go príomha;
    • cúram cuí a thabhairt do leas ainmhithe, agus slí mhaireachtála an pobail agus cuspóir cothaithe an fhiaigh a chur san áireamh ag an am céanna.
  • Nuair atá táirge róin á chur ar an margadh, ní mór deimhniú a bheith leis ina ndearbhaítear gur cloíodh leis na coinníollacha uile thuas.
  • Eisíonn comhlachtaí arna n-údarú ag an gCoimisiún Eorpach na deimhnithe.
  • Féadfaidh taistealaithe agus a dteaghlaigh táirgí róin dá n-úsáid phearsanta a allmhairiú. Má tá táirgí dá leithéid le hallmhairiú níos déanaí, ní mór do na taistealaithe na doiciméid ábhartha a bheith acu.
  • Má tá fianaise ag an gCoimisiún go dtagann táirgí ó fhiach rón a rinneadh chun críche tráchtála go príomha, d’fhéadfadh sé toirmeasc nó srian a chur i bhfeidhm maidir lena gcur ar mhargadh in AE.
  • Cuireann an Coimisiún an pobal, na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim ar an eolas faoi na dálaí faoinar féidir na táirgí róin a chur ar an margadh in AE.
  • Faoin 31 Nollaig 2018, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh tíortha AE tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a bheidh déanta acu chun an reachtaíocht a chur chun feidhme.
  • Soláthróidh an Coimisiún, laistigh de bhliain ó na tuarascálacha náisiúnta a fháil tuarascáil fhoriomlán do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin 31 Nollaig 2019.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 20 Samhain 2009.

CÚLRA

Déantar róin a sheilg laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach le haghaidh cuspóirí éagsúla. Úsáidtear iad chun feoil, ola, blonag, orgáin agus craicne fionnaidh a fháil, chomh maith le nithe chomh éagsúil le capsúil Óimige 3 agus éadaí.

PRÍOMHTHÉARMA

* Ionúiteach: daoine dúchasacha de chríoch dhúchais na nIonúiteach, eadhon na ceantair artacha agus fho-artacha sin ina bhfuil cearta agus leasa bundúchasacha ag na hIonúitigh faoi láthair nó go traidisiúnta, agus atá aitheanta ag na hIonúitigh mar dhaoine dá bpobal. Áirítear ar an téarma seo Inupiat, Yupik (Alasca), Ionúiteach, Inuvialuit (Ceanada), Kalaallit (an Ghraonlainn) agus Yupik (an Rúis).

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 286, 31.10.2009, lgh. 36-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán cur chun feidhme (AE) 2015/1850 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 271, 16.10.2015, lgh. 1-11)

Nuashonraithe 31.03.2016

Top