EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An fliú éanúil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/94/CE — Bearta AE maidir le rialú an fhliú éanúil

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi bearta le déanamh chun an fliú éanúil a rialú a luaithe agus a bhíonn amhras ar bith ann faoi láithreacht an ghalair seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagann AE síos bearta chun an fliú éanúil a rialú a luaithe agus a bhíonn amhras ar bith ann faoi láithreacht an ghalair seo.

Tá tíortha AE freagrach as:

  • cláir faireachais a chur i gcrích a bhfuil sé d’aidhm acu an víreas a bhrath agus eolas sa réimse seo a mhéadú;
  • a chinntiú go gcuirfear láithreacht an ghalair seo in iúl don údarás inniúil agus go dtarlaíonn fiosruithe eipidéimeolaíochta i gcomhréir lena bplean teagmhais arna cheadú ag an gCoimisiún Eorpach.

Nuair a mheastar go bhfuil ráig ann, cuireann an t–údarás inniúil imscrúdú ar bun láithreach chun galar a dheimhniú nó a eisiamh trí scrúdú cliniciúil a dhéanamh agus samplaí a ghlacadh do scrúduithe saotharlainne.

Cuireann an t–údarás an gabháltas amhrasach faoi fhaireachas oifigiúil agus cuireann sé sraith de bhearta ar bun lena n–áirítear:

  • na hainmhithe a chomhaireamh;
  • taifead a dhéanamh faoi na hainmhithe atá breoite, marbh nó gur dóigh go bhfuil siad ionfhabhtaithe;
  • an gabháltas a leithlisiú;
  • cosc a chur ar éin, táirgí éin, beatha agus dramhaíl a theacht isteach chun na tíre agus a fhágáil;
  • srian a chur le gluaiseacht daoine agus feithiclí;
  • díghalrú an ghabháltais.

Tarraingítear na bearta seo siar nuair a dhéantar amhras faoin ngalar a chur as an áireamh go hoifigiúil.

Déanann na húdaráis inniúla scrúduithe eipidéimeolaíochta freisin chun gabháltais teagmhála agus leathnú víris breise féideartha a aithint.

Tá foráil sa treoir seo do bhearta sonracha a bheidh le déanamh ag brath ar chineál an ghalair.

Fliú éanúil ardphataigineach (HPAI)

A luaithe a dhearbhaítear láithreacht HPAI, déanann an t–údarás inniúil deimhin de go gcuirfear na bearta seo a leanas i gcrích:

  • tá na héanlaithe clóis agus na héin i mbraighdeanas* eile go léir le marú;
  • tá gach conablach le diúscairt faoi mhaoirsiú oifigiúil;
  • tá éanlaithe clóis a tháinig amach as uibheacha sular cuireadh na bearta tosaigh i bhfeidhm le cur faoi fhaireachas oifigiúil;
  • tá feoil ó éanlaithe clóis a maraíodh agus uibheacha a bailíodh sular cuireadh na bearta tosaigh i bhfeidhm le haithint agus le diúscairt;
  • tá gach substaint gur dóigh go bhfuil sí éillithe le dul faoi chóireáil chuí;
  • tá aoileach, gláras (iarmhar ainmhithe, chomh maith le hábhar orgánach neamh-inúsáidte eile), easair agus gach ábhar gur dócha go bhfuil sé éillithe le glanadh agus le díghalrú;
  • ní mór d’aon ghluaiseacht d’ainmhithe ag teacht isteach agus ag fágáil an ghabháltais tarlú faoi mhaoirsiú;
  • tá an víreas le leithlisiú ag baint úsáid as an ngnáthamh saotharlainne is iomchuí.

Ina theannta sin, ní mór “crios cosanta” le ga 3 km ar a laghad a bhunú timpeall ar an ngabháltas ionfhabhtaithe mar aon le “crios faireachais” mórthimpeall le ga 10 km timpeall an ghabháltais sin. Áirítear i measc na mbeart a chuirtear i bhfeidhm sna criosanna seo:

  • daonáireamh ar na gabháltais;
  • cuairteanna ag an tréidlia oifigiúil;
  • srianta ar éin, uibheacha, feoil éanlaithe agus conablaigh a iompar.

Fanann na bearta seo i bhfeidhm go dtí go gcuirfear na hoibríochtaí glantacháin tosaigh i gcrích, i ndiaidh 21 lá sna criosanna cosanta agus 30 lá sa chrios faireachais ar a luaithe.

Fliú éanúil lagphataigineach (LPAI)

A luaithe a dhearbhaítear láithreacht LPAI, déanann an t–údarás inniúil deimhin de go gcuirfear sraith de bhearta i gcrích ar bhonn an mheasúnaithe riosca iomchuí. Tá bearta éagsúla le déanamh ag brath ar na critéir atá leagtha síos, lena n–áirítear an speiceas atá i gceist, líon na ngabháltas sa limistéar atá i gceist, suíomh na seamlas agus na bearta bithshlándála*. Is iad seo a leanas na bearta atá le cur i bhfeidhm:

  • tá na héanlaithe clóis go léir atá i láthair ar an ngabháltas agus na héin eile go léir i mbraighdeanas le marú ar an láthair nó le dídhaonrú trína n–iompar go díreach chuig an seamlas i ndiaidh gaibhnithe agus torthaí saotharlainne ina bhfuil toradh dearfach ar thástáil do ghalar. Ní mór na hoibríochtaí seo a chur ar bun i gcomhréir leis na comhchaighdeáin íosta maidir le cosaint ainmhithe ag am an mharaithe;
  • ní mór diúscairt conablach agus uibheacha goir a dhéanamh faoi mhaoirsiú oifigiúil;
  • cuirtear uibheacha goir a bailíodh agus éanlaithe clóis a tháinig as uibheacha sular cuireadh na bearta tosaigh i bhfeidhm faoi fhaireachas oifigiúil;
  • tá uibheacha boird a táirgeadh ar an ngabháltas roimh an dídhaonrú le diúscairt nó le hiompar chuig ionad pacála nó bunaíocht chun táirgí uibheacha a dhéanamh;
  • tá gach ábhar gur dócha go mbeidh sé éillithe le diúscairt;
  • tá aoileach, gláras, easair agus gach ábhar gur dócha go bhfuil sé éillithe le glanadh agus le díghalrú;
  • tá cosc le cur ar mhamaigh de speicis tí teacht isteach sa ghabháltas nó an gabháltas a fhágáil;
  • tá an víreas le leithlisiú.

Ina theannta sin, tá bearta sonracha le cur i bhfeidhm sa chrios ar a dtugtar an “crios srianta” nach mór é a bhunú timpeall ar an ngabháltas ionfhabhtaithe le ga 1 km ar a laghad.

Baineann na bearta a chuirtear i bhfeidhm sa limistéar seo le:

  • daonáireamh agus trialacha ar ghabháltais tráchtála;
  • bainistíocht ar ghluaiseachtaí éanlaithe clóis, éan eile i mbraighdeanas agus uibheacha.

Fanann na bearta seo ar bun ar feadh tréimhse ama atá ag brath ar rogha an údaráis inniúil.

Leathnú chuig speicis eile

Agus dearbhú déanta go bhfuil ráig den fliú éanúil ann ar ghabháltas, déantar trialacha ar mhamaigh eile a choimeádtar ar an ngabháltas a d’fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe, muca go sonrach, agus ní fhéadfaidh an t–údarás gluaiseacht na muc sin chuig gabháltais eile nó chuig seamlais a údarú ach amháin má léiríonn tuilleadh tástála gur beag an riosca go leathnófar an víreas.

Glantachán, díghalrú agus athdhaonrú

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go ndéanfar rud ar bith ar dóigh iad a bheith éillithe, lena n–áirítear gabháltais, seamlais, feithiclí agus trealamh eile, a ghlanadh agus a dhíghalrú. Féadfar an gabháltas a athdhaonrú 21 lá i ndiaidh an glantachán agus díghalrú deiridh a chur i gcrích.

Nósanna imeachta diagnóiseacha

I lámhleabhar diagnóiseach a glacadh le Cinneadh 2006/437/CE leagtar síos ceanglais, critéir agus nósanna imeachta le cur i bhfeidhm ar thástálacha diagnóiseacha agus scrúduithe cliniciúla iarbháis (féach “Doiciméid ghaolmhara”). Is i saotharlanna náisiúnta údaraithe amháin a tharlaíonn na hoibríochtaí seo.

Ainmníonn gach tír AE saotharlann tagartha ar leibhéal náisiúnta atá ag obair i gcomhar le saotharlann tagartha AE (ceapfar saotharlann nua ón 1 Eanáir 2019) agus atá freagrach as an gcomhordú ar nósanna imeachta comhchuibhithe (e.g. trí thástálacha bliantúla a dhéanamh) agus comhairle a chur ar an gCoimisiún agus tíortha AE maidir leis an bhfliú éanúil.

Vacsaíniú

Ag brath ar staid an ghalair agus an toradh ó mheasúnú riosca, féadfaidh tíortha AE cinneadh a dhéanamh vacsaíniú éigeandála nó coisctheach ar éanlaith clóis agus éin i mbraighdeanas a thabhairt isteach faoi phlean vacsaínithe nach mór a bheith faofa ag an gCoimisiún roimh ré. Ní mór d’fheirmeacha a choimeádann éin vacsaínithe dul faoi dhianfhaireachas, go háirithe má bhaintear úsáid as vacsaíniú éigeandála. Áirítear sa treoir treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na mbeart seo agus tá an fhéidearthacht ann go mbunófar bainc vacsaíní.

Nós imeachta coiste

Faigheann an Coimisiún cúnamh bainstíochta ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar bhearta a bhaineann leis an bhfliú éanúil. I measc nithe eile, féadfaidh an coiste seo ról a ghlacadh sa sainmhíniú ar bhearta bithshlándála coisctheacha.

Aisghairm

Déanfar an treoir a aisghairm agus a ionadú le Rialachán nua (AE) 2016/429 i dtaca le Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe an 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Feabhra 2006 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Iúil 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éin i mbraighdeanas: éin nár rugadh orthu sa dúiche fhiáin ach a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas ó thuismitheoirí a rinne cúpláil nó ar aistríodh gaiméití leo ar bhealach eile i mbraighdeanas.
Bearta bithshlándála: sraith de bhearta coisctheacha atá ceaptha le laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar galair ionfhabhtaíocha a tharchur i mbarra agus beostoc.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2005/94/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le bearta Comhphobail maidir le rialú an fhliú éanúil agus lena n–aisghairtear Treoir 92/40/CEE (IO L 10, 14.1.2006, lgh. 16-65)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2005/94/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/263 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2017 maidir le maolú riosca agus bearta bithshlándála agus córais luathbhraite i dtaca leis na rioscaí a bhaineann le héin fhiáine chun víris fliú éanúil ardphataigineacha a tharchur chuig éanlaithe clóis (IO L 39, 16.2.2017, lgh. 6–11)

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in-tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2010/367/AE ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2010 maidir le cur chun feidhme ag Ballstáit ar chláir faireachais don fliú éanúil in éanlaith chlóis agus éin fhiáine (IO L 166, 1.7.2010, lgh. 22-32)

Cinneadh 2007/118/CE ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2007 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le marc aitheantais malartach de bhun Threoir 2002/99/CE ón gComhairle (IO L 51, 20.2.2007, lgh. 19-21)

Cinneadh 2007/598/CE ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2007 maidir le bearta chun cosc a chur ar leathnú an fhliú éanúil ardphataiginigh chuig éin eile i mbraighdeanas a choimeádtar i zúnna agus comhlachtaí, institiúidí nó ionaid fhaofa sna Ballstáit (IO L 230, 1.9.2007, lgh. 20-26)

Cinneadh 2006/415/CE ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2006 maidir le bearta cosanta áirithe i dtaca leis an bhfliú éanúil ardphataigineach den fochineál H5N1 in éanlaith chlóis sa Chomhphobal agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2006/135/CE (IO L 164, 16.6.2006, lgh. 51-60)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 09.04.2018

Top