EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta i gcoinne thinneas Afracach na gcapall

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/35/CEE — rialacha agus bearta rialaithe le tinneas Afracach na gcapall a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Galar víreasach is ea tinneas Afracach na gcapall a bhuaileann gach eachainmhí*. Faigheann capaill bás leis de ghnáth agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha socheacnamaíocha a bheith ag baint leis. Leagtar amach sa treoir rialacha agus bearta rialaithe leis an ngalar a chomhrac.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Má bhítear in amhras go bhfuil tinneas Afracach na gcapall ar chapall amháin nó níos mó i ngabháltas, ba cheart é sin a fhógairt láithreach do na húdaráis ábhartha. Ba cheart do na húdaráis an gabháltas a chur faoi fhaireachas oifigiúil, agus na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
    • áireamh oifigiúil a dhéanamh ar na heachainmhithe, lena n-áirítear na cinn a fuair bás cheana, na cinn atá ionfhabhtaithe nó na cinn atá i mbaol ionfhabhtaithe;
    • áireamh a dhéanamh ar na háiteanna ina mbíonn feithidí iompróra;
    • fiosrú iomlán agus scrúdú cliniciúil a dhéanamh ar na heachainmhithe;
    • ní mór eachainmhithe a chosaint i gcoinne feithidí iompróra;
    • tá cosc ar ghluaiseacht eachainmhithe chuig an ngabháltas nó ón ngabháltas;
    • iarrachtaí chun feithidí iompróra a dhíothú in áiteanna a gcoinnítear eachainmhithe;
    • ní mór conablaigh eachainmhithe a scriosadh.
  • dhearbhaítear an galar, áireofar iad seo a leanas ar na bearta a chuirfear i bhfeidhm:
    • ní mór na heachainmhithe ionfhabhtaithe ar fad, nó na cinn a bhfuil siomptóim orthu, a mharú láithreach agus na conablaigh a scriosadh;
    • tá na bearta réamhchúraim do ghabháltas a meastar go bhfuil an galar iontu sínte go gabháltais laistigh de 20 km ar a laghad dóibh siúd sna háiteanna ina n-dearbhaítear an t-ionfhabhtú;
    • ní mór eachainmhithe laistigh den chrios 20 km seo a vacsaíniú, seachas i gcúinsí faoi leith.
  • Ní mór crios cosanta 100 km ar a laghad thart ar ghabháltais ionfhabhtaithe a bhunú, sa chás go ndéantar scrúdú cliniciúil ar gach eachainmhí agus go gcuirtear cosc ar ghluaiseacht ach amháin chuig seamlas laistigh den chrios cosanta nó crios atá faoi fhaireachas. Gabhann crios faireachais 50 km thar an gcrios cosanta de ghnáth i limistéir nach ndearadh vacsaíniú córasach ar bith iontu le 12 mhí roimhe sin.
  • Ní mór na srianta ar fad a chuirfear i bhfeidhm a chur in iúl do na daoine atá ina gcónaí sna criosanna sin. Ní féidir vacsaíniú córasach a dhéanamh ar na hainmhithe ach amháin sa chrios cosanta.
  • Ní mór do thíortha AE saotharlann náisiúnta a ainmniú chun an fhreagairt don ghalar a chomhordú, ag obair i gcomhar le tíortha AE eile agus an tsaotharlann tagartha sa Spáinn.
  • Ní mór do gach tír a plean teagmhasach féin a dhréachtú chun freagairt don ghalar, lena n-áirítear ionad géarchéime agus ionaid rialaithe galar áitiúla a bhunú. Féadfaidh saineolaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh spotseiceálacha a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh go hiomlán ag na forais sin.
  • Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún chun tinneas Afracach na gcapall a bhainistiú.

Aisghairm

Déanfar Treoir 92/35/CEE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 agus cuirfear ina hionad é ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh i bhfeidhm í an 18 Bealtaine 1992. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1992

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

eachainmhithe: ainmhithe eachaí amhail capaill, asail agus séabraí, agus ainmhithe óga crosphóraithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/35/CEE ón gComhairle an 29 Aibreán 1992 lena leagtar síos rialacha agus bearta rialaithe le tinneas Afracach na gcapall a chomhrac (IO L 157, 10.6.1992, lgh. 19-27).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/35/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe sa réimse sláinte ainmhithe (“Dlí Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208).

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta um shábháilteacht bhia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.10.2016

Top