EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An euro a chosaint i gcoinne góchumtha – Europol

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2005/511/CGB lena n-ainmnítear Europol mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Ainmnítear leis Europol mar an lároifig le góchumadh an euro a chomhrac chun Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Ghinéiv 1929 maidir le Díchur Góchumadh Airgeadra (Coinbhinsiún na Ginéive) a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus borradh a chur faoin gcomhar i measc thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) iad féin, agus idir tíortha AE, Europol agus tíortha neamh-AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá borradh á chur ag AE faoin gcomhar i measc thíortha AE agus idir tíortha AE agus Europol d’fhonn an euro a chosaint i gcoinne góchumtha ar leibhéal idirnáisiúnta. Teastaíonn pointe teagmhála lárnaí ó thíortha neamh-AE maidir le faisnéis ar euro góchumtha. Ní mór an fhaisnéis sin ar fad a thabhairt le chéile chun críche anailíse ag Europol, a fheidhmíonn mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac de bhun Choinbhinsiún na Ginéive.

Ról Europol

  • Feidhmíonn Europol mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac laistigh de bhrí Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Ginéive, ina sonraítear “i ngach tír, faoi chuimsiú a dlí intíre, ba cheart do lároifig imscrúduithe maidir le góchumadh a eagrú”.
  • Laistigh de chomhthéacs a shainordaithe, déanann Europol na nithe seo a leanas:
    • an fhaisnéis uile de shórt lena n-éascaítear imscrúdú, cosc agus comhrac ghóchumadh an euro a lárú agus a phróiseáil agus cuireann sé an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig lároifigí náisiúnta thíortha AE;
    • comhfhreagras díreach le lároifigí thíortha neamh-AE de réir na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta;
    • sraith samplaí den fhíor-euro a chur ar aghaidh, a mhéid a mheasann sé is fóirsteanach, chuig tíortha neamh-AE;
    • fógra a chur ar bhonn rialta chuig lároifigí thíortha neamh-AE maidir le hairgeadra úr a eisítear, aistarraingt airgeadra ó bheith i gcúrsaíocht, agus aimsiú ar bith d’airgeadra góchumtha nó falsaithe an euro, sonraí faoi aimsiú góchumtha, etc.
  • Chomh fada is a bhaineann sé le gach airgeadra eile, is ag lároifigí náisiúnta a bhíonn an inniúlacht i gcónaí.

Coinbhinsiún na Ginéive, 1929, a chur i bhfeidhm go héifeachtach

  • Ba cheart Coinbhinsiún na Ginéive a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí. Leagtar síos ann rialacha éifeachtacha maidir le sáraithe góchumtha a chosc agus a chomhrac. Tagraíonn an focal “airgeadra” do nótaí bainc agus do bhoinn ag a bhfuil dlíthairiscint.
  • Measann an Chomhairle go bhfuil sé fóirsteanach gur cheart do gach tír AE teacht chun bheith ina páirtí conarthacha leis an gCoinbhinsiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 16 Iúil 2005.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle an 12 Iúil 2005 maidir le cosaint an euro i gcoinne góchumtha, trí Europol a ainmniú mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac (IO L 185, 16.7.2005, lgh. 35-36)

Nuashonraithe 23.03.2017

Top