RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

Bunaíodh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise sa bhliain 1999 chun raon na gníomhaíochta i gcoinne éilliú agus i gcoinne gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna an Chomhphobail a fhairsingiú agus a héifeacht a mhéadú.

ACHTANNA

Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Rialacha mionsonraithe oibriúcháin:

Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999/CE, CEGC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

ACHOIMRE

Leis an gCinneadh seo bunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), ar cuid é den Choimisiún Eorpach le stádas neamhspleách speisialta chun imscrúduithe frith-chalaoise a dhéanamh. Tá coinníoll in dhá Rialachán agus i gComhaontú Idirinstitiúideach faoin tslí ina n-oibreoidh sí.

Inniúlachtaí OLAF

Le Cinneadh an Choimisiúin bunaítear OLAF agus leagtar amach a cumhachtaí, arb iad:

  • imscrúduithe riaracháin seachtracha a dhéanamh mar chuid den chomhrac i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Chomhphobail agus chun calaois a bhfuil aon ghníomh nó aon ghníomhaíocht eile a sháraíonn forálacha an Chomhphobail ag roinnt léi, a chomhrac;
  • imscrúduithe riaracháin inmheánacha a dhéanamh chun críocha:
    1. calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Chomhphobail a chomhrac;
    2. imscrúdú a dhéanamh ar chásanna tromchúiseacha maidir le comhlíonadh dualgas gairmiúil a bhféadfadh gurb éard iad neamhchomhlíonadh oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh na gComhphobal a bhféadfadh imeachtaí araíonachta, nó más cuí sin, imeachtaí coiriúla, leanúint uathu, nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí den chineál sin de chuid bhaill na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí nó a bhfoirne nach bhfuil faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach;
  • sannacháin imscrúdaithe a dhéanamh i limistéir eile ar iarratas ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Chomhphobail;
  • cuidiú chun comhar a neartú le Ballstáit i réimse chosc na calaoise;
  • straitéisí a fhorbairt i leith chomhrac na calaoise (tionscnaimh reachtacha agus rialála a ullmhú i réimsí gníomhaíochta na hOifige);
  • aon ghníomhaíocht oibríochta eile sa chomhrac i gcoinne calaoise a sheoladh (bonneagar a fhorbairt, faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, tacaíocht theicniúil a sholáthar);
  • teagmháil dhíreach a choinneáil leis na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha;
  • an Coimisiún a ionadú i réimse chosc na calaoise.

Is iad príomhchumhachtaí imscrúdaithe seachtracha OLAF na cumhachtaí sin a bronnadh ar an gCoimisiún faoi Rialacháin (CE, Euratom) Uimhreacha 2988/95 (leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach) agus 2185/96 (seiceálacha ar an toirt agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint). Thairis sin, oibríonn OLAF ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 515/97 maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach.

An tslí a dtéann OLAF i mbun imscrúduithe

Athshonraítear sa dá Rialachán um imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, ceann amháin a bhaineann leis an CE agus an ceann eile le Euratom, príomhfheidhmeanna na hOifige agus sainítear iontu na socruithe praiticiúla maidir leis an tslí a ndéanfar na himscrúduithe riaracháin is cúram di.

Na seiceálacha agus fíoruithe a dhéanann OLAF go seachtrach (sna Ballstáit agus i dtíortha áirithe nach Ballstáit iad a bhfuil comhaontuithe comhair ag an gComhphobal leo) agus go hinmheánach (laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhlachtaí a bunaíodh leis na Conarthaí nó ar bhonn na gConarthaí), ní dhéanann siad aon difear do chumhachtaí na mBallstát i réimse an ionchúisimh choiriúil.

Seolann agus stiúrann Stiúrthóir OLAF imscrúduithe ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát a bhfuil leas aige san ábhar (i gcás imscrúduithe seachtracha) nó ón institiúid nó ón gcomhlacht i dtrácht (i gcás imscrúduithe inmheánacha).

Mar chuid de na himscrúduithe seachtracha aici, déanann OLAF seiceálacha ar an toirt, seiceálacha as a bhfuil an Coimisiún freagrach faoi Rialacháin (CE, Euratom) Uimhreacha 2988/95 agus 2185/96.

I gcás na n-imscrúduithe inmheánacha aici, tá de cheart ag OLAF rochtain láithreach neamhfhógartha a bheith aici ar aon fhaisnéis arna sealbhú ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail. Lena chois sin, féadfaidh sí faisnéis ó bhéal a iarraidh ar aon duine i dtrácht, agus seiceálacha ar an toirt a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha.

I gcás ina bhfaigheann an Oifig, i gcúrsa imscrúdaithe inmheánaigh, go bhféadfadh ball, bainisteoir, oifigeach nó seirbhíseach eile a bheith i dtreis ann go pearsanta, cuireann sé an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann an duine sin ar an eolas, ach i gcás nach mbeadh nochtadh na faisnéise sin ag luí leis an ngá atá le dianrúndacht iomlán a choinneáil chun críocha an imscrúdaithe nó chun críocha imscrúdaithe náisiúnta féideartha.

Ar iarratas ó OLAF nó ar a dtionscnamh féin, ní mór do na Ballstáit, na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí aon doiciméad nó aon fhaisnéis atá ina seilbh acu, agus a bhaineann le himscrúdú seolta, a sholáthar don Oifig.

Tabharfar cosaint chuí don fhaisnéis go léir a chuirtear ar aghaidh go dtí an Oifig.

Ar chríoch an imscrúdaithe, dréachtaíonn OLAF tuairisc ina mbíonn moltaí maidir leis an mbeart ar cheart a dhéanamh. Cuirtear an tuairisc chuig na Ballstáit i gcás imscrúduithe seachtracha agus chuig na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí i gcás imscrúduithe inmheánacha.

Lena chois sin, féadfar faisnéis a chur chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus chuig na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí i dtrácht, agus an t-imscrúdú fós ar bun (tá teagmháil dhíreach ag an Oifig leis na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus breithiúnacha).

Ceapann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Coiste Maoirseachta, ar a bhfuil cúigear neamhspleách nach bhfuil aon bhaint acu leis an imscrúdú, chun neamhspleáchas oibríochtúil OLAF a chosaint. Thairis sin, má mheasann an Stiúrthóir go gcuireann beart a dhéanann an Coimisiún amhras ar a neamhspleáchas, tá sé de cheart aige caingean a thionscnamh ina choinne os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Aon bhall foirne de chuid institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaíocht Chomhphobail a mheasann go bhfuil dochar á dhéanamh dá leasanna i gcúrsa imscrúdaithe inmheánaigh, féadfaidh sé gearán a dhéanamh le Stiúrthóir OLAF nó caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Comhaontú Idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún

Is é is cuspóir don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ná a ráthú gur féidir imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh faoi dhálaí coibhéiseacha sna trí institiúid agus i ngach ceann de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí an Chomhphobail, lena n-áirítear An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE).

Chun é sin a chur i gcrích, tá na trí institiúid tar éis teacht ar chomhaontú chun cinneadh inmheánach a ghlacadh bunaithe ar an múnla caighdeánach i gceangal leis an gComhaontú, agus iarraidh ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí eile aontú don Chomhaontú.

Leis an samhailchinneadh seo ceanglaítear ar an Ard-Rúnaí, ar na ranna agus ar bhaill foirne na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta i dtrácht comhoibriú go hiomlán le gníomhairí OLAF agus an fhaisnéis úsáideach go léir a sholáthar.

I gcás ina bhfuil toimhde calaoise, éilliúcháin nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanadh dochar do leasanna na gComhphobal:

  • ní mór do dhuine ar bith a thagann ar an bhfianaise sin, í a chur in iúl gan mhoill dá Cheann Seirbhíse nó Ard-Rúnaí nó, má mheasann sé é a bheith úsáideach, d'Ard-Rúnaí OLAF go díreach;
  • ní mór don Ard-Rúnaí, do na hArd-Stiúrthóirí agus do na Cinn Seirbhíse nó bainisteoirí aon fhianaise óna bhféadfaí neamhrialtachtaí a thoimhdiú a tharchur gan mhoill chuig OLAF;
  • ní mór do bhaill institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an tUachtarán, nó OLAF, más cuí, a chur ar an eolas láithreach.

Nuair is soiléir é le linn imscrúdaithe inmheánaigh go bhfuil ball, bainisteoir, oifigeach nó seirbhíseach eile i dtreis ann, cuirtear an duine i dtrácht ar an eolas go pras. Iarrfar air/uirthi a a thuairimí/a tuairim a thabhairt ar na hábhair a bhaineann leis/léi. D’fhéadfaí an cuireadh sin a chur siar más gá chun críocha an imscrúdaithe nó chun críocha aon fhiosruithe breithiúnacha náisiúnta ina dhiaidh sin.

Tugann OLAF tuairim ar iarratas ar bith ar tharscaoileadh díolúine ó údaráis phóilíní nó bhreithiúnacha i mBallstát, má bhaineann an t-iarratas le bainisteoir, le hoifigeach nó le seirbhíseach eile de chuid institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta. Má bhaineann an t-iarratas le ball d’institiúid nó de chomhlacht, cuirtear in iúl don Oifig é.

Cúlra

Tugann Conradh CE bonn dlí sainráite le haghaidh oibríochtaí ag an gComhphobal agus ag na Ballstáit chun calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile atá dochrach do leasanna airgeadais an Chomhphobail a chomhrac (Airteagal 280). Le teacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam tugadh acmhainní níos substaintiúla don Chomhphobal chun calaois a chomhrac agus deireadh a chur le coireacht eacnamaíoch agus airgeadais.

Ar an tslí sin ghabh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ionad Thascfhórsa an Choimisiúin chun an Cosc Calaoise a Chomhordú, oifig a bhfuil freagracht uirthi as imscrúduithe a dhéanamh agus lena chois sin, as reachtaíocht a cheapadh agus a ullmhú chun leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint agus an chalaois a chomhrac. Tá neamhspleáchas níos mó ag OLAF chun imscrúduithe a dhéanamh, ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí.

TAGAIRT

AchtTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil
Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom

28.4.1999

IO L 136 den 31.5.1999

Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999

1.6.1999

IO L 136 den 31.5.1999

Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999

1.6.1999

IO L 136 den 31.5.1999

Comhaontú Idirinstitiúideach

1.6.1999

IO L 136 den 31.5.1999

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [COM(2006) 244 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].
Ó thaobh ábhair, tá ag an togra na príomhchuspóirí seo a leanas:

  • rialachas, comhar idir na hinstitiúidí agus an Coiste Maoirseachta. Feictear don Choimisiún go bhfuil gá le rialáil pholaitiúil maidir le tosaíochtaí na ngníomhaíochtaí imscrúdaithe. Molann sé cruinnithe rialta idir an Coiste Maoirseachta agus institiúidí Eorpacha eile mar chuid de chomhphlé struchtúrtha, gan cur isteach ar na gníomhaíochtaí imscrúdaithe;
  • cearta na ndaoine atá luaite a ráthú. Molann an Coimisiún foráil mhionsonraithe a bheith sa Rialachán maidir leis na ráthaíochtaí nós imeachta a urramófar agus imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha á seoladh;
  • monatóireacht fheabhsaithe ar imscrúduithe. Ba cheart feabhas a thabhairt ar an monatóireacht a chinntíonn go gcloítear le nósanna imeachta ar leith agus ba cheart áis a thabhairt isteach le gur féidir tuairim a iarraidh. Tá soláthar ann le haghaidh comhairleora athbhreithnithe chun ról mar sin a chomhlíonadh;
  • an sreabhadh faisnéise a fheabhsú. Leis an togra seo, tá ar intinn ag an gCoimisiún an sreabhadh faisnéise a fheabhsú idir OLAF agus comhlachtaí agus institiúidí Eorpacha, idir OLAF agus na Ballstáit, agus idir OLAF agus sceithirí, chomh maith;
  • éifeachtúlacht oibríochtúil OLAF a neartú. Tá an Coimisiún ag moladh beart le gur féidir le OLAF díriú ar a gníomhaíochtaí tosaíochta. Mar shampla, tá soiléiriú de dhíth maidir le hoscailt agus dúnadh imscrúduithe;
  • éifeachtacht imscrúduithe OLAF a fheabhsú. Molann an Coimisiún cumhachtaí imscrúdaithe OLAF a shoiléiriú i gcomhthéacs imscrúduithe seachtracha atá bainteach le hoibreoirí eacnamaíocha, oibreoirí atá ag fáil cistí Comhphobail ar bhonn conarthaí, comhaontuithe nó dámhachtainí deontas (caiteachas díreach);
  • téarma oifige an Ard-Stiúrthóra. Ba cheart téarma oifige neamh-inathnuaite a thabhairt isteach d'Ard-Stiúrthóir OLAF chun neamhspleáchas a neartú.

Nós imeachta comhchinnteoireachta (COD/2006/0084)

Tuarascálacha gníomhaíochta:

Tuarascáil na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise — An tOchtú Tuarascáil Ghníomhaíochta (DE ) (EN ) (FR ) don tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2007 [Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].
Tugann an t-ochtú tuarascáil ghníomhaíochta seo bunús le príomhthreochtaí na mblianta roimhe. Tá méadú réidh tagtha ar mhéid agus ar chaighdeán na faisnéise a fhaigheann OLAF le blianta anuas, rud a dheimhníonn muinín an phobail san Oifig. D’oscail OLAF níos mó cásanna sa bhliain 2007 ná mar a d’oscail sí sa bhliain 2006. Ar an gcuma chéanna, mhéadaigh líon na gcásanna a dúnadh chomh maith, i gcomparáid le blianta roimhe sin nuair a chonacthas titim i líon na gcásanna a dúnadh. Thairis sin, is mó “imscrúduithe dílse” a rinne OLAF ná imscrúduithe ina soláthraíonn sí cúnamh d'údaráis náisiúnta, agus é sin amháin. Mhéadaigh meánfhad na gcásanna beagán sa bhliain 2007, de bharr chastacht na gcásanna a thagann os comhair na hOifige na laethanta seo agus an gá atá le Ballstáit nó comhpháirtithe seachtracha a bheith bainteach leis na himscrúduithe. Tá comhar ar siúl i gcónaí i measc OLAF agus Ballstáit, comhlachtaí an AE atá i gceannas ar chomhar póilíní agus breithiúnach agus comhpháirtithe idirnáisiúnta sa chomhrac i gcoinne na calaoise.

Tuarascáil na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise — An Seachtú Tuarascáil Ghníomhaíochta (EN ) don tréimhse 1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2006 [Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].
Leanann an tuarascáil seo as an Séú Tuarascáil Ghníomhaíochta. Sa tuarascáil seo, measúnaíonn an Coimisiún na neamhrialtachtaí a rinneadh agus cuireann sé i láthair na bearta is tábhachtaí a rinne na Ballstáit agus é féin sa bhliain 2006 chun cosc agus comhrac na calaoise a fheabhsú. Mionsonraítear sa tuarascáil seo chomh maith an tslí a gcinneann OLAF imscrúdú frith-chalaoise a oscailt agus mínítear an tslí a mbainistítear cásanna.

Tuarascáil na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise — An Séú Tuarascáil Ghníomhaíochta (DE ) (EN ) (FR ) don tréimhse 1 Iúil 2004 go 31 Nollaig 2005 [Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

Tuarascáil mheastóireachta: Tuarascáil an Choimisiúin (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV) an 2 Aibreán 2003 — Meastóireacht ar ghníomhaíochtaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) [COM(2003) 154 críochnaitheach — Iris Oifigiúil C 76 an 25.3.2004].

Cinntí de chuid na n-institiúidí:

Cinneadh 1999/394/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le téarmaí agus coinníollacha imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le cosc na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna an Chomhphobail [Iris Oifigiúil L 149 de 16.6.1999].
Faoi mar atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, deir an Cinneadh seo nach mór don Chomhairle dul i gcomhar leis an Oifig agus í a choimeád ar an eolas; ceanglaíonn sé ar an Oifig Shlándála, leis, cabhrú le foireann OLAF ina cuid oibre. Mar mhalairt air sin, ní mór do OLAF duine ar bith a luaitear a ainm/hainm le himscrúduithe dá cuid a chur ar an eolas.

Cinneadh 1999/396/CE ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 1999 maidir le téarmaí agus coinníollacha imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le cosc na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna an Chomhphobail [Iris Oifigiúil L 149 de 16.6.1999].
Faoi mar atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, deir an Cinneadh seo nach mór don Choimisiún dul i gcomhar leis an Oifig agus í a choimeád ar an eolas; Ceanglaíonn sé ar an Oifig Shlándála, leis, cabhrú le foireann OLAF ina cuid oibre. Mar mhalairt air sin, ní mór do OLAF duine ar bith a luaitear a ainm/hainm le himscrúduithe dá cuid a chur ar an eolas.

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Samhain 1999 maidir le téarmaí agus coinníollacha imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le cosc na calaoise, an éillithe, agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna an Chomhphobail [Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (DE) (EN) (FR), Iarscríbhinn XI — Iris Oifigiúil L 44 de 15.2.2005].
Faoi mar atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, deir an Cinneadh seo nach mór do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhar leis an Oifig agus í a choimeád ar an eolas. Cuireann an Cinneadh d’iallach ar Oifig Shlándála na Parlaiminte cabhrú le foireann OLAF ina cuid oibre. Cuireann sé d’iallach ar OLAF, leis, duine ar bith a luaitear a — le himscrúdú dá cuid a chur ar an eolas.

Cinneadh 1999/726/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Deireadh Fómhair 1999 maidir le cosc na calaoise – [Iris Oifigiúil L 291 de 12.11.1999].
Féachann an Cinneadh le cosaint leordhóthanach a thabhairt i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), agus ag an am céanna dáileadh agus cothromaíocht na bhfreagrachtaí idir an BCE agus na hinstitiúidí Eorpacha a choimeád.
Dá réir sin, bunaítear leis an gCinneadh coiste frith-chalaoise le bheith freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar neamhspleáchas agus ar fheidhmiú Stiúrthóireacht an BCE um Iniúchadh Inmheánach. An coiste frith-chalaoise, leis, atá freagrach as caidreamh le Coiste Maoirseachta OLAF. Prionsabail a bhunaítear le cinneadh de chuid an BCE a rialaíonn an caidreamh sin.

Cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 1999 maidir le téarmaí agus coinníollacha imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le cosc na calaoise, an éillithe, agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna an Chomhphobail [Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].
De réir fhorálacha na Rialachán lena mbunaítear OLAF, ceanglaíonn an Cinneadh seo ar an gCúirt dul i gcomhar leis an Oifig agus í a choimeád ar an eolas. Leagtar síos ann chomh maith na nósanna imeachta atá le leanúint ag foireann OLAF agus imscrúduithe inmheánacha á ndéanamh. Ar aon dul le prionsabal na rúndachta, diúltaíonn sé rochtain do OLAF ar dhoiciméid a bhfuil baint acu le himeachtaí dlíthiúla atá seolta nó atá tagtha chun críche.

Cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 2003 a chuireann ar ceal Cinneadh 1999/726/CE ón mBanc Ceannais Eorpach um chosc na calaoise agus um chosaint leasanna airgeadais na gComhphobal (Cás C-11/00).

Nuashonrú is déanaí: 05.11.2008
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh