EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Calaois agus éilliú

fight_against_fraud

Is bagairtí tromchúiseacha iad an chalaois agus an t-éilliú do shlándáil agus do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE). Is tosaíocht é d’institiúidí AE na leasanna sin a chosaint, ar mhaithe le lántairbhe a bhaint as airgead na gcáiníocóirí agus chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus leis an sceimhlitheoireacht, dhá rud a chothaíonn an t–éilliú.

Is é Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE. San Airteagal sin, cuirtear de chúram ar AE agus ar Bhallstáit AE buiséad AE a chosaint.

Ar leibhéal AE, déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise an méid seo a leanas:

  • imscrúduithe neamhspleácha riaracháin ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile bhaineann le cistí nó ioncam AE, lena áirithiú go mbainfear úsáid as airgead cháiníocóirí AE ar thionscadail a chabhróidh le poist a chruthú agus fás a chur chun cinn san Eoraip;
  • imscrúdú ar mhí–iompar tromchúiseach ag baill foirne agus baill d’institiúidí AE, agus ar an mbealach sin cuidiú le muinín an phobail as na hinstitiúidí sin a neartú;
  • beartais frith–chalaoise AE a cheapadh ina cháil mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin.

Cuireadh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939, agus is é an chéad chomhlacht de chuid AE atá i dteideal imscrúduithe coiriúla a dhéanamh agus calaois agus éilliú a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE a ionchúiseamh.

Téann an Coimisiún Eorpach i ngleic leis an éilliú ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe trína Ard–Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile agus trína Ard–Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí.

Cruthaíonn an t–éilliú neamhchinnteacht ghnó, íslíonn sé leibhéil na hinfheistíochta agus cuireann sé cosc ar oibriú rianúil an mhargaidh aonair. Agus go háirithe, laghdaíonn sé muinín an phobail as rialtais, institiúidí poiblí agus as an daonlathas i gcoitinne.

Tá sé d’aidhm ag institiúidí AE:

  • na rialacha dlíthiúla a imríonn tionchar ar an éilliú a chuíchóiriú agus a nuachóiriú;
  • súil a choinneáil ar na forbairtí a dhéantar i dtaca leis an éilliú a chomhrac sna Ballstáit mar chuid de chreat an tSeimeastair Eorpaigh;
  • tacú le cur chun feidhme beart náisiúnta frith-éillithe trí mhaoiniú agus cúnamh teicniúil a thabhairt agus trí thaithí a chomhroinnt.

In Airteagal 83(1) CFAE aithnítear an t–éilliú mar “choir Eorpach” agus liostaítear é i measc coireanna an-tromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. 

Le hAirteagal 83(2) CFAE féadfar rialacha bunaidh a chur ar bun maidir le cionta agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimsí a comhchuibhíodh. Beidh feidhm leis sin i gcás gur léir go bhfuil comhfhogasú dhlíthe coiriúla na mBallstát riachtanach chun cur chun feidhme éifeachtach bheartais AE sa réimse sin a áirithiú. Bunaithe ar an Airteagal sin, ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Treoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil.