RSS
Innéacs A - Z

Trádáil eachtrach

Trádáil eachtrach

Colún de chaidreamh eachtrach an Aontais Eorpaigh is ea an comhbheartas tráchtála. Tá sé bunaithe ar shraith rialacha aonfhoirmeacha faoin Aontas Custaim agus an Chomhtharaif Chustaim agus rialaíonn sé caidreamh tráchtála na mBallstát le tíortha nach balltíortha AE iad. An príomhchuspóir atá leis na n-ionstraimí cosanta trádála agus rochtana ar mhargaí ná gnóthais Eorpacha a chosaint ó bhacainní ar an trádáil. Tá an AE tar éis éabhlóidiú le linn phróiseas an domhandaithe trí dhíriú ar fhorbairt chomhchuibhithe na trádála domhanda agus ar chothroime agus inbhuanaitheacht a chothú. Tugann sé spreagadh gníomhach d'oscailt na margaí agus d'fhorbairt na trádála i gcreat iltaobhach na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Ag an am céanna, tacaíonn sé le tíortha agus réigiúin i mbéal forbartha trí bhíthin caidreamh déthaobhach chun go mbeidh siad bainteach leis an trádáil dhomhanda ag úsáid beart tosaíochta.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh