EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht le tíortha i gComhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2017/434 maidir le síniú, thar ceann AE, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhair maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Afganastáin, den pháirt eile

Comhaontú Comhair maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Afganastáin, den pháirt eile

Cinneadh 2004/870/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus an Phacastáin

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus an Phacastáin maidir leis na réimsí comhpháirtíochta agus forbartha

Cinneadh 2001/332/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhanglaidéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhanglaidéis maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

Cinneadh 95/129/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus Srí Lanca maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Srí Lanca maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

Cinneadh 94/578/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus an India maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus an India maidir le comhpháirtíocht agus forbairt

CAD IS AIDHM LEIS NA COMHAONTUITHE AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Idir 1994 agus 2017, thug an tAontas Eorpach (AE), an Comhphobal Eorpach roimhe seo, comhaontuithe comhair i gcrích le sé thír de chuid Chomhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach: An Afganastáin, an Bhanglaidéis, an India, Neipeal, an Phacastáin agus Srí Lanca. Níl an comhaontú le Neipeal i bhfeidhm a thuilleadh.
  • Féachtar leis na comhaontuithe ceangail chomhair a fhorbairt idir na páirtithe, agus meas ar chearta an duine á áirithiú agus prionsabail dhaonlathacha á gcur chun cinn.
  • Tugtar chun críche leis na cinntí na comhaontuithe thar ceann an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann na príomhchuspóirí comhair leis an méid seo a leanas:

  • trádáil, chun trádáil a mhéadú, a éagsúlú agus a léirscaoileadh. Aontaíonn na páirtithe a margaí faoi seach a oscailt agus feabhas a chur ar a gcomhar i gcúrsaí custaim i gcomhréir le prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála;
  • an geilleagar, chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, ar idirphlé idir gnólachtaí, ar chomhroinnt faisnéise agus ar oiliúint fiontraithe;
  • forbairt inbhuanaithe, maidir le dul chun cinn sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac go sonrach. Tá AE le tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn na gcomhpháirtithe sna réimsí sláinte, oideachais, lena gcuirfear feabhas ar chaighdeán na beatha, agus lena gcuirfear ról na mban sa tsochaí chun cinn;
  • acmhainní daonna, cáilíochtaí gairmoiliúna a fhorbairt agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hobair chuibhiúil a chur chun cinn;
  • forbairt tuaithe, lena méadófar trádáil táirgí talmhaíochta, iascaigh agus saothraithe, lena n–áirítear bearta i dtaca le sláintíocht agus fíteashláintíocht.

Soláthraítear leis na comhaontuithe chomh maith cuspóirí sonracha ag brath ar riachtanais éagsúla na tíre maidir le:

  • comhar eolaíoch agus teicneolaíoch, as a dtiocfadh feabhsuithe ar an gcúnamh teicniúil leis an bPacastáin agus le Srí Lanca, agus ar chaighdeáin cháilíochta agus rialaithe na Banglaidéise, agus seoladh comhthionscadal taighde, soghluaisteacht taighdeoirí, agus comhroinnt faisnéise eolaíche (go háirithe sna réimsí biteicneolaíochta, ábhar úr agus na ngeo-eolaíochtaí) leis an India;
  • cosaint an chomhshaoil, go háirithe chun tacú leis an bPacastáin i mbainistíocht acmhainní nádúrtha, creimeadh agus dífhoraoisiú; leis an mBanglaidéis chun baol tubaistí nádúrtha a laghdú; le Srí Lanca chun truailliú tionsclaíoch a chosc agus leis an India chun reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol a dhréachtú agus a chur chun feidhme, agus le haghaidh taighde agus oiliúna;
  • an timpeallacht le haghaidh infheistíocht phríobháideach a fheabhsú leis an India agus le Srí Lanca;
  • tionscal agus seirbhísí a fhorbairt leis an India agus leis an bPacastáin;
  • cearta maoine intleachtúla a chosaint leis an India agus le Srí Lanca;
  • comhar sna réimsí faisnéise, cultúir agus cumarsáide leis an bPacastáin agus leis an mBanglaidéis;
  • an earnáil fuinnimh a chur chun cinn leis an India agus leis an bPacastáin, agus an tábhacht a bhaineann leis an earnáil fuinnimh dá bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta á haithint;
  • gáinneáil ar dhrugaí agus sciúradh airgid a chomhrac, go háirithe leis an bPacastáin agus leis an mBanglaidéis ag baint úsáid as bearta speisialta i gcoinne táirgeadh drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí, agus cosc a chur ar mhí–úsáid drugaí chomh maith;
  • turasóireacht leis an India, leis an bPacastáin agus le Srí Lanca, go háirithe trí staidéar agus comhroinnt faisnéise;
  • cearta an duine agus comhionannas inscne agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn leis an Afganastáin;
  • síocháin agus slándáil a chur chun cinn leis an Afganastáin.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tír

Teacht i bhfeidhm

An Afganastáin

cur i bhfeidhm sealadach ón 1 Nollaig 2017

An Phacastáin

1 Meán Fómhair 2004

An Bhanglaidéis

1 Márta 2001

Srí Lanca

1 Aibreán 1995

An India

1 Lúnasa 1994

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2017/434 ón gComhairle an 13 Feabhra 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhar maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine den pháirt eile (IO L 67, 14.3.2017, lgh. 1-2)

Comhaontú Comhair maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (IO L 67, 14.3.2017, lgh. 3-30)

Cinneadh 2004/870/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine (IO L 378, 23.12.2004, lch. 22)

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine maidir leis na réimsí comhpháirtíochta agus forbartha (IO L 378, 23.12.2004, lgh. 23-36)

Cinneadh 2001/332/CE ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus Daon–Phoblacht na Banglaidéise maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 118, 27.4.2001, lch. 47)

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Daon–Phoblacht na Banglaidéise maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 118, 27.4.2001, lgh. 48-56)

Cinneadh 95/129/CE ón gComhairle an 27 Márta 1995 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhar idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt (IO L 85, 19.4.1995, lch. 32)

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 85, 19.4.1995, lgh. 33-42)

Cinneadh 94/578/CE ón gComhairle an 18 Iúil 1994 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt (IO L 223, 27.8.1994, lch. 23)

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia maidir le comhpháirtíocht agus forbairt (IO L 223, 27.8.1994, lgh. 24-34)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Chomhar maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (IO L 273, 24.10.2017, lch. 1)

Nuashonraithe 06.04.2020

Top