EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún OSPAR

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/249/EC — coinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt chun críche

Coinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Bhí an cinneadh ag deireadh an Choinbhinsiúin OSPAR, thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE) - nó an Comhphobal Eorpach mar a thugtaí air ag an am.
  • Is í is aidhm leis an gCoinbhinsiún OSPAR truailliú mara a chosc agus deireadh a chur leis agus dá bhrí sin cosaint a thabhairt do limistéar an Atlantaigh Thoir Thuaidh in aghaidh éifeacht dhíobhálach ghíomhaíochtaí an duine.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is Páirtí Conarthach é an Comhphobal Eorpach leis an gCoinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, coinbhinsiún arna shíniú i bPáras ar an 22 Meán Fómhair. 1992.
  • Leagtar síos sa choinbhinsiún sainmhínithe éagsúla amhail:
    • limistéar muirí*,
    • uiscí inmheánacha*,
    • truailliú*.
  • Thug na páirtithe leis an gcoinbhinsiún faoi gach céim agus ab fhéidir chun:
    • truailliú a chosc agus deireadh a chur leis,
    • na bearta cuí a chur i bhfeidhm chun cosaint a thabhairt do limistéar an Atlantaigh Thoir Thuaidh in aghaidh éifeacht dhíobhálach ghníomhaíochtaí an duine.
  • Is í is aidhm leis na bearta seo sláinte an duine a chosaint, éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus, a mhéid is indéanta, limistéir mhuirí a bhfuil díobháil déanta dóibh a athchóiriú. Chuige seo, is amhlaidh go ndéanfaidh páirtithe (ina n-aonair agus le chéile) an méid seo a leanas:
    • glacfaidh siad le cláir agus le bearta,
    • comhoiriúnóidh siad a gcuid beartas agus straitéisí.
  • Chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ní mór do na páirtithe 2 phrionsabal a bhreathnú.
    • Prionsabal an réamhchúraimc: tá bearta cosanta le glacadh nuair a bhíonn forais réasúnta imní ann go bhféadfadh le substaintí nó fuinneamh a thugtar isteach, go díreach nó go hindíreach, sa mhuirthimpeallacht cuid ar bith den mhéid seo a leanas a dhéanamh, fiú mura bhfuil aon fhianaise chonclúideach ann go bhfuil gaolmhaireacht chúiseach ann idir na hionchuir agus na héifeachtaí;
      • A tharraingeodh guaiseanna ar shláinte an duine.
      • Go ndéanfar dochar d’acmhainní beo agus d’éiceachóras mhuirí.
      • Go ndéanfar dochar do thaitneamhachtaí.
      • Go gcuirfear isteach ar úsáidí dleathacha eile na mara.
    • An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as as :Is é údar an truaillithe féin a íocfaidh na costais a bhaineann le truailliú a chosc, agus as bearta rialaithe agus laghdaithe.
  • Ní mór go nglacfar san áireamh sna cláir a chuireann na páirtithe ar bun na forbairtí teicneolaíochta is déanaí agus an dea-chleachtas is fearr ó thaobh an chomhshaoil de.
  • Ní mór nach méadófar truailliú na mara lasmuigh den limistéar muirí nó i gcodanna ar bith eile den chomhshaol mar thoradh ar na bearta a dtabharfar fúthu.
  • Aontaíonn na páirtithe, ina n-aonair nó le chéile, ar gach céim agus is féidir a ghlacadh chun an méid seo a leanas a chosc agus a dhíothú:
    • truailliú an limistéir mhuirí ó fhoinsí agus gníomhaíochtaí ar talamh ;
    • truaillí trí dhumpáil nó trí loscadh dramhaíola nó ábhair eile san aigéan;
    • truaillí ó fhoinsí amach ón gcósta(suiteálacha amach ón gcósta agus píblínte trína n-aimsíonn substaintí nó fuinneamh an limistéar mara).
  • Is féidir idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontú um chomhar idir na páirtithe chun dul i ngleic le truailliú trasteorann.

Coimisiún Ospar

  • Cuireann an coinbhinsiún Coimisiún ar bun arb é foras cinnteoireachta an choinbhinsiúin é agus ar a bhfuil ionadaithe na bpáirtithe. Pléitear sa choimisiún agus glactar le cinntí agus moltaí áirithe. Éiríonn cinntí ceangailteach ar na páirithe conarthacha i ndiaidh tréimhse de 200 lá, agus ní bhíonn moltaí ceangailteach.
  • Is iad na dualgais atá air, mar choimisiún, ná:
    • maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinbhinsiúin;
    • athbhreithniú a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil an limistéar muirí;
    • seiceáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart a bhfuiltear á nglacadh leo;
    • cláir agus bearta a cheapadh chun truailliú na mara a chosc agus deireadh a chur leis;
    • a chlár oibre a bhunú;
    • na hionstraimí is gá a chruthú chun an clár sin a chur i bhfeidhm.

Obair OSPAR

  • Léirítear i meastóireacht ar dhul chun cinn maidir le Straitéis OSPAR um Substaint Radaighníomhach go bhfuil laghduithe suntasacha bainte amach ag na páirtithe i sceitheadh ón earnáil núicléach.
  • Ghlac na páirtithe le bearta freisin chun speiceas eile a chosaint agus a chaomhnú (an bradán Atlantach) agus gnáthóg (réileáin láibe idirthaoideacha) atá aitheanta ag OSPAR go bhfuil siad i mbaol mór san Atlantach Thoir Thuaidh.
  • D’fhógair OSPAR in 2016 gur cuireadh 10 Limistéar Muirí faoi Chosaintlena líonra agus go bhfuil 423 san iomlán anois ann.
  • Chuir OSPAR an iarracht idirnáisiúnta chun cinn chun bruscar muiría laghdú agus líonra iascaireacht le haghaidh bruscair a chruthú san Atlantach Thoir Thuaidh trína mbeidh cead ag soithí dramhaíl ar bith a thabhairt i dtír i gceann ar bith de na 40 cuan atá i gceist. D’aontaigh páirtithe OSPAR chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí truaillithe micreaphlaisteacha ar thimpeallacht na mara.
  • Feidhmíonn OSPAR freisin mar fhóram le haghaidh chur i bhfeidhm comhordaithe na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí AE (MSFD) ag tíortha de chuid an AE agus le haghaidh comhar idir-réigiúnach bunaithe ar choincheapanna agus modhanna MSFD.

Taighde

  • Éilítear de réir an choinbhinsiúin go mbunófar comhchláir nó cláir chomhpháirteacha de thaighde eolaíochta nó teicniúil, agus go dtarchuirtear sin chuig an gcoimisiún.

Nós imeachta eadrána

  • Leagtar síos nós imeachta eadrána chun aighnis idir na páirtithe conarthacha a réiteach.

Iarscríbhinní

Tá Iarscríbhinní sa Choinbhinsiún OSPAR ina bpléitear leis na réimsí faoi leith seo a leanas

  • Iarscríbhinn I: Truailliú ó fhoinsí ar talamh a chosc agus a dhíothú
  • Iarscríbhinn II: Truailliú ó fhoinsí trí dhumpáil nó trí loscadh a chosc agus a dhíothú
  • Iarscríbhinn III: Truailliú ó fhoinsí amach ón gcósta a chosc agus a dhíothú
  • Iarscríbhinn IV: Meastóireacht ar chaighdeán na muirthimpeallachta
  • Iarscríbhinn V: Maidir le cosaint agus caomhnú na n-éiceachóras agus éagsúlacht bhitheolaíoch an limistéir mhuirí.

Straitéis an AE i leith an Artaigh

Moltaí i gcomhchumarsáid ó 2016 go leanann an AE

  • ar aghaidh i gcomhpháirtíocht i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a bhfuil baint faoi leith acu leis an Artach, go háirithe OSPAR;
  • limistéir mhuirí faoi chosaint a bhunú san Artach d’fhonn bithéagsúlacht a chosaint;
  • ag obair le stáit an Artaigh agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile chun ionstraim a fhorbairt de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraiged’fhonn caomhnú agus úsáid inbhuanaithe bithéagsúlacht mhuirí i limistéar atá thar dhlínse náisiúnta.

CÁ HUAIR A MBEIDH FEIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Beidh feidhm leis an gcinneadh ón 7 Deireadh Fómhair 1997.
  • Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 25 Márta 1998. Tá sé ann in áit Choinbhinsiún Osló (1972) agus Phárais (1974).
  • Tá an coinbhinsiún sínithe agus daingnithe ag an mBeilg, an Danmhairg, an Fhionnlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn, an Éilvéis agus an Ríocht Aontaithe ( 1 ) a bhíonn ag comhoibriú, leis an AE, chun muirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Limistéar muirí:

gach ceann acu seo a leanas:

Uiscí inmheánacha agus farraigí teorann na bpáirtithe conarthacha.

An mhuir lastall de agus cóngarach don fharraige theorann faoi dhlínse an stáit chósta sa mhéid is go n-aithnítear é de réir dlí idirnáisiúnta.

An mhórmhuir, lena n-áirítear grinneall na n-uiscí sin ar fad agus an fho-ithir fúithi, lonnaithe laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

  • Na codanna sin de na hÁigéin Altantacha agus Artacha agus a bhfo-fharraigí a luíonn ó thuaidh de 36° domhanleithead thuaidh agus idir 42° domhanfhad thiar agus 51° domhanfhad thoir ach diomaite den
    • Mhuir Bhailt agus na Beilteanna ina luí ó dheas agus soir ó línte tarraingthe ó Cheann Hasenore go Pointe Gniben, ó Korshage go Spodsbjerg agus ó Cheann Gilbjerg go Kullen, agus
    • an Mheánmhuir agus a fo-fharraigí chomh fada le pointe trasghearrtha líne dhomhanleithid thuaidh 36° agus líne domhanfhaid thiar 5° 36'..
  • An chuid sin den Áigéan Altantach a luíonn ó thuaidh de 59° domhanleithead thuaidh agus idir 44° domhanfhad thiar agus 42° domhanfhaid thiar.

Uiscí inmheánacha: uiscí atá laistigh de na bonnlínte óna dtomhaistear leithead na farraige teorann (ag síneadh i gcás sruthchúrsaí a fhad leis an teorainn fionnuisce (an áit ar an sruthchúrsa ina mbíonn, ag taoide thráite agus le linn tréimhse de shruth íseal fionnuisce, a mbíonn méadú suntasach i salandacht mar gheall ar sháile a bheith ann)).
Truailliú:

tabhairt isteach ag an gcine daonna, go díreach nó go hindíreach, substaintí nó fuinnimh sa limistéar muirí a mbíonn an méid seo a leanas mar thoradh air, nó a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air:

  • guaiseanna do shláinte an duine,
  • díobháil d’acmhainní beo agus d’éiceachórais mhara,
  • díobháil do thaitneamhachtaí,
  • cur isteach ar úsáidí dleathacha eile na mara.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh ón gComhairle 98/249/EC ar an 7 Deireadh Fómhair 1997 ar chonclúid an Choinbhinsiúin le haghaidh chosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1)

Coinbhinsiún le haghaidh chosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 104, 3.4.1998, lgh. 2–21)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht phobail i réimse beartas na muirthimpeallachtaí(Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19–40)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/56/CE a chorprú sa bhuntéacs. Ní ach luach tráchtaireachta leis Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Polasaí comhtháite de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh an Artaigh (JOIN(2016) 21 deiridh, 27.4.2016)

Nuashonraithe 26.11.2017



( 1 ) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top