RSS
Innéacs A - Z

Caomhnú agus bainistíocht uisce

Comhshaol

Farraigí agus aigéin a chlúdaíonn 70 % nó mar sin de dhromchla an domhain, agus is iad a tháirgeann trí cheathrú, nach mór, den ocsaigin a análaímid. Níl ach 1 % den uisce seo ar fáil dár n-úsáid dhíreach, áfach, agus is iomaí cineál gníomhaíochta daonna a chuireann acmhainní uisce faoi bhrú mór. Sreabhann uisce truaillithe, is cuma cad í an fhoinse truaillithe, ar ais isteach sa timpeallacht nádúrtha, ar shlí amháin nó ar shlí eile — isteach san fharraige nó sna táblaí uisce — mar ar féidir leis éifeacht dhochrach a bheith aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Tá an Chreat-treoir Uisce ar cheann de na míreanna reachtaíochta is tábhachtaí sa réimse seo.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh