EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Baint agus diúscairt suiteálacha ola agus gáis as úsáid amach ón gcósta

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COIM(98) 49 leagan deireanach – baint agus diúscairt suiteálacha ola agus gáis as úsáid amach ón gcósta

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach an comhshaol a chosaint trí laghdú a dhéanamh ar thruailliú ó shuiteálacha ola agus gáis as úsáid amach ón gcósta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Rinneadh an díospóireacht maidir le diúscairt suiteálacha ola agus gáis iomarcacha amach ón gcósta a athoscailt i 1995 le “cás” Brent Spar. Chinn Shell, le húdarú ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, a mbaoi stórála ola Brent Spar a chur go tóin poill ag láithreán domhain san Atlantach Thuaidh.
  • Cháin pobal an cinneadh sin go láidir i ngeall ar an damáiste don mhuirthimpeallacht. Sa Dearbhú Airí i ndiaidh Chomhdháil na Mara Thuaidh a bhí ar siúl ag an am céanna, d’éiligh formhór na nAirí a bhí i láthair, seachas Airí na Ríochta Aontaithe agus na hIorua, toirmeasc iomlán ar dhiúscairt suiteálacha dá leithéid ar muir.
  • I ndiaidh baghcat tomhaltóirí ar tháirgí Shell i roinnt tíortha AE, d’éirigh an chuideachta ar deireadh as a plean agus chinn sí struchtúr na suiteála a dhíchóimeáil agus an chabhail a athúsáid mar chuid de shíneadh cé san Iorua. Mar sin féin, níor cuireadh freagra ginearálta ar fáil leis an réiteach aonuaire seo ar an 600 suiteáil eile den chineál seo in uiscí Eorpacha, an chuid is mó díobh in uiscí na Breataine agus na hIorua.
  • Scrúdaíodh diúscairt na suiteálacha as úsáid faoi Choinbhinsiún OSPAR (OSPAR: An Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Dhumpáil ó Longa agus Aerárthaí, a síníodh in Osló an 15 Feabhra 1972, ar tháinig an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh ina dhiaidh, a síníodh i bPáras an 9 Meán Fómhair 1992), inar glacadh cinneadh gaolmhar i 1998.
  • I mí na Samhna 1996, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar ar na gnéithe teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha maidir le baint agus diúscairt suiteálacha dá leithéid, inar thángthas ar na conclúidí seo a leanas:
  • Maidir le suiteálacha móra coincréite:
    • go raibh easpa eolais ann ar ghnéithe teicniúla a ndiúscartha;
    • nach raibh gá iad a dhiúscairt go hiomlán ó thaobh an chomhshaoil de;
    • nach bhféadfaí costas a ndiúscartha a mheas.
  • Maidir leis na suiteálacha eile le struchtúir chruach:
    • gur féidir iad a dhiúscairt go hiomlán ón taobh teicniúil de;
    • go raibh bonn eacnamaíoch leis;
    • gur féidir é dhéanamh go lánsábháilte;
    • gur féidir iarmhair substaintí tocsaineacha nó guaiseacha a laghdú;
    • gur féidir an chruach a athchúrsáil ar an talamh.
  • Is iad úinéirí na suiteálacha, i.e. na cuideachtaí ola agus gáis, a íocann as na costais bainte agus diúscartha. Tá roinnt den chaiteachas seo inasbhainte roimh cháin. Meastar go gcosnódh sé EUR 2 bhilliún thar 25 bliain, nó EUR 80 billiún ar an meán in aghaidh na bliana, chun na hardáin ar fad a thabhairt i dtír lena n-athchúrsáil. Bheadh tionchar cinnidh den sórt sin ar chostais fhoriomlána táirgthe an ola agus gáis i dtéarmaí ginearálta diomaibhseach.
  • Tá a lán téacsanna idirnáisiúnta ann faoina gcumhdaítear suiteálacha ola agus gáis as úsáid amach ón gcósta, lena n-áirítear:

Níl comhchreat dlíthiúil sonrach ar bith sa réimse seo, áfach. Ina theannta sin, ní phléitear sna Coinbhinsiúin sin ach caighdeáin íosta. Féadfaidh tíortha aonair coinníollacha níos doichte a fhorchur.

  • Is iad seo a leanas na buntáistí a bhaineann le reachtaíocht idirnáisiúnta aonfhoirmeach a ghlacadh sa réimse seo:
    • réidh a fháil leis an riosca iomaíochta a thagann as difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta;
    • srianta ar scaoileadh truailleán ó shuiteálacha;
    • laghdú ar thruailliú na muirthimpeallachta;
    • sábháilteacht níos fearr i loingseoireacht.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le baint agus diúscairt suiteálacha ola agus gáis as úsáid amach ón gcósta (COIM(98) 49 leagan deireanach, 18.2.1998)

Nuashonraithe 23.02.2017

Top