RSS
Innéacs A - Z

Bithdhramhaíl

Comhshaol

Gach bliain táirgtear 2 000 milliún tona dramhaíola nó mar sin — lena n-áirítear dramhaíl atá thar a bheith guaiseach — sna Ballstáit, agus tá sé sin ag dul i méid i gcónaí. Ní rogha inmharthana é dramhaíl a charnadh agus bheadh sé míshásúil é a scrios mar gheall ar na hastaíochtaí agus na hiarmhairtí truaillithe rí-chomhchruinnithe a thiocfadh as. An réiteach is fearr i gcónaí ná táirgeadh dramhaíola mar í a chosc, tríd í a thabhairt isteach an athuair sa timthriall táirge, agus a comhpháirteanna a athchúrsáil i gcás ina bhfuil modhanna inmharthana éiceolaíocha agus eacnamaíocha ann chun é sin a dhéanamh.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh