EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlí AE maidir le bainistíocht dramhaíola

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear Treoracha áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear creat dlíthiúil leis maidir le dramhaíl a chóireáil san Aontas Eorpach (AE).
  • Ceapadh an creat chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí bhéim a chur ar chomh tábhachtach is atá bainistíocht chuí dramhaíola, teicnící aisghabhála agus athchúrsála chun brúnna ar acmhainní a laghdú agus a n–úsáid a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Treoir 2008/98/CE

  • Bunaítear leis an treoir ord na réiteach dramhaíola:
    • cosc;
    • ullmhú d’athúsáid;
    • athchúrsáil;
    • aisghabháil eile (e.g. aisghabháil fuinnimh); agus
    • diúscairt.
  • Dearbhaítear léi an “prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” sa chás go gcaithfidh an buntáirgeoir dramhaíola íoc as na costais a bhaineann leis an mbainistíocht dramhaíola.
  • Tugtar an coincheap “freagracht leathnaithe táirgeora”isteach léi.
  • Déantar idirdhealú léi idir dramhaíl agus seachtháirgí*.
  • Ní mór bainistíocht dramhaíola a dhéanamh gan an t–uisce, an t–aer, ithir, plandaí nó ainmhithe a chur i mbaol, gan bheith ina chúis le núis trí thorann nó trí bholadh, nó gan dochar a dhéanamh don taobh tíre nó d’áiteanna sainspéise.
  • Ní mór do tháirgeoirí agus do shealbhóirí dramhaíola í a chóireáil iad féin nó oibreoir atá aitheanta go hoifigiúil a fháil lena láimhsiú. Ní mór dóibh cead a fháil agus déantar iniúchadh orthu ar bhonn tréimhsiúil.
  • Ní mór d’údaráis inniúla náisiúnta pleananna um bainistíocht dramhaíola agus cláir um chosc dramhaíola a bhunú.
  • Baineann coinníollacha speisialta le dramhaíl ghuaiseach, olaí dramhaíola agus bithdhramhaíl.
  • Tugtar isteach léi spriocanna athchúrsála agus aisghabhála atá le baint amach faoi 2020 maidir le dramhaíl tí (50 %) agus dramhaíl tógála agus scartála (70 %).
  • Ní chumhdaítear cineálacha áirithe dramhaíola sa reachtaíocht amhail eilimintí radaighníomhacha, pléascáin dhíchoimisiúnaithe, ábhar faecach, uiscí dramhaíola agus conablaigh ainmhithe.

Treoir Leasaitheach (AE) 2018/851

  • Mar chuid den phacáiste beart maidir leis an ngeilleagar ciorclach, leasaítear Treoir 2008/98/CE le Treoir (AE) 2018/851.
  • Leagtar amach léi na híoscheanglais oibriúcháin maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora*. D’fhéadfadh freagracht eagraíochtúil agus freagracht as cur le cosc dramhaíola agus le hath–inúsáidteacht agus in–athchúrsáilteacht táirgí a bheith i gceist leo sin chomh maith.
  • Neartaítear léi rialacha maidir le cosc dramhaíola. Agus dramhaíl á giniúint, ní mór do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun:
    • tacú le táirgeadh inbhuanaithe agus samhlacha tomhaltais;
    • dearadh, monaraíocht agus úsáid táirgí a spreagadh atá tíosach ar acmhainní, atá marthanach, inleigheasta, in–athúsáidte agus ar féidir iad a uasghrádú;
    • díriú ar tháirgí ina bhfuil amhábhair chriticiúla ionas nach ndéanfar dramhaíl de na hábhair sin;
    • infhaighteacht páirteanna spártha, lámhleabhar treorach, faisnéise teicniúla, nó bealaí eile lena gcumasaítear deisiú agus ath–úsáid táirgí gan cur as dá gcáilíocht nó dá sábháilteachta a spreagadh;
    • giniúint dramhaíola bia a laghdú chun cur le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe maidir le laghdú 50% a dhéanamh ar an dramhbhia domhanda per capita ar na leibhéil mhiondíola agus tomhaltóirí agus maidir le caillteanais bhia feadh na slabhraí táirgthe agus bia a laghdú faoi 2030;
    • laghdú ábhar na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a chur chun cinn;
    • deireadh a chur le giniúint bruscair mhuirí.
  • Leagtar síos léi chomh maith spriocanna úra um athchúrsáil dramhaíola cathrach: faoi 2025, ní mór 55% ar a laghad den dramhaíl chathrach de réir meáchain a athchúrsáil. Ardófar an sprioc sin go 60% faoi 2030 agus go 65% faoi 2035.
  • Ní mór do na Ballstáit:
    • faoin 1 Eanáir 2025, bailiúchán deighilte teicstílí agus dramhaíola guaisí a ghineann teaghlaigh a bhunú;
    • a áirithiú faoin 31 Nollaig 2023, go ndéanfar bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh nó a athchúrsáil ag an bhfoinse (mar shampla, trí mhuiríniú).
  • Tugtar samplaí de dhreasachtaí chun suntais sa treoir chomh maith maidir le hord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm, amhail muirir i leith cur i líonadh talún agus loscadh agus scéimeanna “íoc mar a chaitear”.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir 2008/98/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 12 Nollaig 2010.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2018/851 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 5 Iúil 2020.

CÚLRA

  • Ba ghnách le giniúint dramhaíola a bheith ina seachtháirge dosheachanta agus mí-ámharach a bhain le gníomhaíocht agus fás eacnamaíoch. Le teicneolaíocht chomhaimseartha agus bainistíocht chúramach, is féidir an nasc féiltiúil sin a bhriseadh.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seachtháirge. Substaint nó ní a bhíonn mar thoradh ar phróiseas táirgthe nach é táirgeadh na substainte nó an ní sin an phríomhaidhm leis. Leagtar síos coinníollacha sa treoir faoina meastar nach ionann substaint nó ní dá leithéid agus dramhaíl.
scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Sraith beart a dhéanann na Ballstáit lena áirithiú go nglacfaidh táirgeoirí táirgí an fhreagracht airgeadais nó an fhreagracht airgeadais agus eagraíochtúil as céim dhramhaíola saolré táirge a bhainistiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lgh. 3–30).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/98/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/19 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena leagtar síos modheolaíocht choiteann agus formáid chun athúsáid a thuairisciú i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 12.1.2021, lgh. 1–7).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 lena leagtar síos na rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí maidir le dramhaíl i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 2384 ón gComhairle (IO L 163, 20.6.2019, lgh. 66–100).

Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Treoir Uimh. 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modheolaíocht chomhchoiteann agus íoscheanglais cháilíochta leibhéil na dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach (IO L 248, 27.9.2019, lgh. 77–85).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2000 gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena leagtar síos formáid chun sonraí maidir le dramhaíl bhia a thuairisciú agus chun an tuarascáil seiceála cáilíochta a chur isteach i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 310, 2.12.2019, lgh. 39–45).

Treoir (AE) 2015/1127 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn II le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 184, 11.7.2015, lgh. 13–15).

Cinneadh 2000/532/CE ón gComhairle an 3 Bealtaine 2000 a chuirtear in ionad Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle agus Cinneadh 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta dramhaíola guaisí de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lgh. 3–24).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.06.2022

Top