EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn

 

ACHOIMHRE AR:

Treoir 2009/28/CE — úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leis an treoir seo, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear na Treoracha níos luaithe 2001/77/CE agus 2003/30/CE, cruthaítear sraith rialacha maidir le húsáid fuinnimh inathnuaite in AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a theorannú agus iompar níos glaine a chur chun cinn.
  • Leagtar síos spriocanna ceangailteacha náisiúnta inti do gach tír AE agus is é an aidhm fhoriomlán go mbeidh 20 % d’fhuinneamh AE agus 10 % den fhuinneamh go sonrach san earnáil iompair ó fhoinsí in-athnuaite (tomhaiseadh an dá cheann díobh i gcomhthéacs oll-ídiú deiridh fuinnimh, i.e. an fuinneamh iomlán a ídíodh ó na foinsí uile, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá plean náisiúnta gníomhaíochtaí le déanamh ag gach tír AE do 2020, ina leagfar síos conas an sprioc náisiúnta a bhaint amach in oll-ídiú deiridh fuinnimh mar aon leis an sprioc 10% le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh san iompar.
  • Chun spriocanna a bhaint amach ar bhonn cost-éifeachtúil, is féidir le tíortha AE fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite* a mhalartú. Le cur san áireamh ina bpleananna gníomhaíochta, is féidir le tíortha AE fuinneamh inathnuaite a fháil ó thíortha lasmuigh d’AE, ar an gcoinníoll go n-ídeofar fuinneamh in AE agus go dtáirgfear é i suiteálacha comhaimseartha / éifeachtacha.
  • Ní mór do gach tír AE bheith ábalta bunús an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe a tháirgtear ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chinntiú.
  • Ba chóir do thíortha AE an bonneagar riachtanach le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh a úsáid san earnáil iompair a thógáil.

Le Treoir (AE) 2015/1513 leasaítear Treoir 2009/28/CE agus Treoir 98/70/CE, dlí AE maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail. I measc nithe eile, tá sé mar aidhm léi tús a chur leis an aistriú ó bhithbhreoslaí traidisiúnta* (den chéad ghlúin) go hard-bhithbhreoslaí* (den dara glúin) lena seachadtar coigiltis shuntasacha GCT. Tugtar isteach léi uasteorainn 7 % ar bhithbhreoslaí traidisiúnta le cur san áireamh i spriocanna na treorach maidir le fuinnimh inathnuaite i gcomhair ídiú deiridh fuinnimh san iompar faoi 2020.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 25 Meitheamh 2009. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 5 Nollaig 2010.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite: fuinneamh ó fhoinsí neamh-iontaise, amhail gaoth, grian, geoiteirmeach, hidreachumhacht, bithmhais agus gás ionaid chóireála camrais (e.g. meatán).

Bithbhreoslaí traidisiúnta: déanta as barra bia, amhail siúcra, stáirse agus plandolaí. Tá siad táirgthe ón talún ag baint úsáid as bunábhar, is féidir a úsáid chomh maith do bhia agus do bheathú.

Ard-bhithbhreoslaí: déanta as foinsí nach gcuirtear san iomaíocht go díreach le barra bia agus beathaithe, amhail dramhaíl agus fuíll talmhaíochta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lgh. 16-62)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin comhleanúnacha ar Threoir 2009/28/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lgh. 58-68)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 21.02.2017

Top