EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/41/CE maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos ann rialacha maidir le húsáid imshrianta* miocrorgánach géinmhodhnaithe (GMManna)* chun sláinte an duine agus an comhshaol in AE a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Aicmithe agus fógraí

  • Ní mó d’úsáideoirí miocrorgánach géinmhodhnaithe measúnú a dhéanamh ar na húsáidí imshrianta maidir leis an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol. Is iad seo a leanas na haicmí a bhíonn mar thoradh ar an measúnú.
    • Aicme 1: maidir le gníomhaíochtaí nach bhfuil riosca ar bith ag baint leo nó a bhfuil riosca diomaibhseach ag baint leo.
    • Aicme 2: maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil riosca íseal ag baint leo.
    • Aicme 3: maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil riosca measartha ag baint leo.
    • Aicme 4: maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil riosca ard ag baint leo.
  • Sa chás ina bhfuil úsáid imshrianta GMM le déanamh den chéad uair, ní mór don úsáideoir fógra a chur isteach ina bhfuil faisnéis (liostaithe in Iarscríbhinn V den treoir) d’údarás inniúil a dtíre AE. Déanfar amhlaidh ionas go mbeidh siad sásta go bhfuil an tsuiteáil atá beartaithe oiriúnach chun críche na gníomhaíochta ionas nach mbeidh riosca ar bith do shláinte an duine nó don chomhshaol.
  • I ndiaidh an fhógra chuig na húdaráis inniúla, féadfar leanúint ar aghaidh le húsáid imshrianta aicme 1 gan fhógra eile.
  • Féadfar leanúint ar aghaidh le húsáid imshrianta Aicme 2 díreach i ndiaidh an fhógra ar an gcoinníoll go raibh an t-áitreabh faoi réir fógra roimh ré chun aicme 2 nó níos airde a dhéanamh. Más rud é, áfach, nach amhlaidh a bhí an cás agus más rud é nár dhiúltaigh an t-údarás inniúil, féadfar leanúint ar aghaidh le húsáid imshrianta aicme 2 45 lá i ndiaidh an fógra a chur isteach (nó níos luaithe le comhaontú an údaráis).
  • Ní féidir dul ar aghaidh le húsáid imshrianta aicme 3 nó 4 gan cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil, nach mór a chinneadh a chur in iúl i scríbhinn.

Timpistí *

  • Sula gcuirtear tús le húsáid imshrianta, ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a chinntiú:
    • chun gníomhú i gcás timpiste, dréachtaítear plean éigeandála sa chás go bhféadfadh contúirt thromchúiseach tarlú le teip na mbeart imshriantachta; agus
    • cuirtear na daoine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ag an timpiste gach gné a bhaineann lena sábháilteacht in iúl dóibh.
  • Sa chás go dtarlódh timpiste, ní mór don tír AE faoi seach a chinntiú go gcuireann an t-úsáideoir GMM na húdaráis inniúla ar aon eolas faoi agus go gcuirfidh sé an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar an gcás agus beart a dhéanamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm é ón 10 Meitheamh 2009.

CÚLRA

Leis an Treoir seo, déantar Treoir 90/219/CEE agus a leasuithe leanúnacha a aisghairm agus a chomhdhlúthú isteach i ngníomh amháin.

Leagtar síos inti na híoschaighdeáin is infheidhme le húsáid imshrianta GMManna. Tá cead ag tíortha AE bearta níos láidre a dhéanamh.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Úsáid imshrianta: Gníomhaíocht ar bith ina ndéantar miocrorgánaigh a ghéinmhodhnú, a shaothrú, a iompar, a scriosadh, a dhiúscairt nó a úsáid ar bhealach ar bith eile agus dá n-úsáidtear bearta imshrianta/sábháilteachta lena dteagmháil leis an bpobal i gcoitinne agus leis an gcomhshaoil a shrianadh.

GMManna: Miocrorgánaigh, amhail baictéir, víris nó fungais, ar modhnaíodh a n-ábhar ar bhealach nach bhfuil nádúrtha agus nach dtarlaíonn go nádúrtha trí chúpláil agus/nó athchuingir nádúrtha.

Timpistí: I gcomhthéacs na treorach seo, baineann siad sin le teagmhas ar bith a bhaineann le scaoileadh sláinte an duine agus neamhbheartaithe GMManna le linn a n-úsáide imshrianta a d’fhéadfadh a bheith guaiseach do shláinte an duine agus don comhshaol.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe (Athmhúnlú) (IO L 125, 21.5.2009, lgh. 75-97)

Nuashonraithe 07.07.2016

Top