EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 93/626/CEE i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch

An Coinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Le Cinneadh 93/626/CEE d’fhaomh an Comhphobal Eorpach (ar a dtugtar AE inniu) Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch a síníodh in Rio de Janeiro i Meitheamh 1992. Dearbhaítear leis an gcinneadh tiomantas thíortha AE d’airteagail an choinbhinsiúin a chur chun feidhme.

Tá 3 aidhm leis an gcoinbhinsiún:

  • caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche (i.e. éagsúlacht na nithe beo a fhaightear ar an Domhan);
  • úsáid inbhuanaithe chomhpháirteanna na héagsúlachta bitheolaíche;
  • comhroinnt chóir chothromasach na dtairbhí a fhaightear as acmhainní géiniteacha a úsáid.

Baineann tairbhí ollmhóra éiceolaíocha, géiniteacha, sóisialta, eacnamaíocha, eolaíocha, oideachais, cultúrtha, fóillíochta agus aeistéitiúla leis an éagsúlacht bhitheolaíoch.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ordaítear sa choinbhinsiún go ndéanfaidh gach sínitheoir rialtais an méid seo a leanas:

  • comhoibriú le rialtais eile agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n–éagsúlachtaí bitheolaíche a chinntiú;
  • straitéisí cuí a fhorbairt agus cosaint na bithéagsúlachta a chomhtháthú i gcinnteoireacht náisiúnta, i bpleananna, i gcláir agus i mbearta trasearnálacha;
  • an bhitheolaíocht agus fachtóirí a dtéann i gcion uirthi a aithint agus monatóireacht a dhéanamh orthu;
  • an bhithéagsúlacht a chaomhnú trí:
    • limistéir faoi chosaint a bhunú agus a bhainistiú go cuí agus éiceachórais agus gnáthóga nádúrtha a chosaint;
    • forbairt atá slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i limistéir cóngarach do na limistéir faoi chosaint;
    • éiceachórais díghrádaithe a athshlánú agus cuidiú le speicis faoi bhagairt a aisghabháil;
    • na rioscaí a bhaineann le húsáid agus scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe beo ón mbiteicneolaíocht (i.e. orgánaigh ghéinmhodhnaithe) a rialáil, a bhainistiú agus a rialú;
    • cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, iad a rialú nó iad a dhíothú;
    • úsáid thraidisiúnta acmhainní bitheolaíocha a chosaint agus a spreagadh;
    • bearta comhlántacha caomhnaithe a ghlacadh.

Déantar foráil sa choinbhinsiún chomh maith go ndéanfaidh sínitheoirí an méid seo a leanas:

  • breithnithe bithéagsúlachta a chomhtháthú i gcinnteoireacht náisiúnta;
  • drochthionchar ó úsáid acmhainní bitheolaíocha a sheachaint nó a íoslaghdú (e.g. trí bhíthin measúnachtaí tionchair timpeallachta);
  • comhoibriú maidir le caomhnú na bithéagsúlachta a spreagadh idir údaráis agus an earnáil phríobháideach agus dreasachtaí a chur i bhfeidhm;
  • cuidiú le tíortha i mbéal forbartha a n–éagsúlacht bhitheolaíoch a aithint, a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint aisti trí thaighde, oideachas eolaíoch agus teicniúil agus oiliúint chuí a chur ar fáil dóibh;
  • feasacht a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an éagsúlacht bhitheolaíoch;
  • measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí ar an mbithéagsúlacht nó ar a gcomharsana.

Éascóidh na rialtais náisiúnta rochtain ar a n–acmhainní géiniteacha do shlánúsáidí comhshaoil ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, agus faoi réir ag toiliú oilte roimh ré.

Cinnteoidh páirtithe comhroinnt chóir na dtairbhí airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta ó úsáid (taighde agus forbairt) na n–acmhainní géiniteacha sin.

Comhaontaíonn na rialtais náisiúnta:

  • teicneolaíocht a chomhroinnt, go háirithe le tíortha i mbéal forbartha;
  • faisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n–éagsúlachtaí bitheolaíocha a mhalartú;
  • comhar idirnáisiúnta agus eolaíoch a chur chun cinn;
  • torthaí agus tairbhí na mbiteicneolaíochtaí ó acmhainní géiniteacha a chomhroinnt.

Soláthraítear leis an Áis do Thimpeallacht na Cruinne acmhainní airgeadais do thíortha i mbéal forbartha chun an coinbhinsiún a chur chun feidhme. Tagann a phríomhbhuiséad ó rialtais náisiúnta agus ranníocaíochtaí deonacha breise suntasacha.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 29 Nollaig 1993.

CÚLRA

Comhaontaíodh dhá phrótacal faoin gcoinbhinsiún. Rialaítear gluaiseachtaí na n–orgánach modhnaithe beo ón mbiteicneolaíocht nua–aimseartha ó thír amháin go tír eile i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht. Is é an dara ceann Prótacal Nagoya maidir le Rochtain agus Comhroinnt na dTairbhí. Tá AE ina pháirtí sa dá cheann.

I mí Dheireadh Fómhair 2010 in Nagoya na Seapáine, chomhaontaigh na páirtithe sa choinbhinsiún plean straitéiseach 10 mbliana chun dul i ngleic le cailliúint bithéagsúlachta agus shainigh siad 20 sprioc, ar a dtugtar spriocanna Aichi, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá na tiomantais sin léirithe i Straitéis bithéagsúlachta AE go 2020.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Bithéagsúlacht (IO L 309, 13.12.1993, lgh. 1-2)

Coinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lgh. 3-20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Prótacal Cartagena ar an mbithshábháilteacht a ghabhann leis an gcoinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch (IO L 201, 31.7.2002, lgh. 50-65)

Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 234–249)

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lgh. 35-55)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 10.07.2020

Top