EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bithéagsúlacht na hEorpa a chosaint (Natura 2000)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Féachtar inti le bithéagsúlacht san Aontas Eorpach a chinntiú trí chaomhnú:
    • gnáthóga nádúrtha, agus
    • speiceas fauna agus flóra fiáine.
  • Bunaítear léi líonra “Natura 2000”, an líonra éiceolaíoch is mó ar domhan. Cuimsítear in Natura 2000 limistéir chaomhantais speisialta arna n-ainmniú ag tíortha AE faoin treoir seo. Cuimsítear in Natura 2000 chomh maith na limistéir faoi chosaint speisialta arna n-aicmiú faoin Treoir maidir le hÉin (Treoir 2009/147/EC).

PRÍOMHPHOINTÍ

Cosaint láithreán (líonra Natura 2000)

  • Déantar liosta in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II den treoir de na cineálacha gnáthóg agus speiceas limistéar caomhantais speisialta a dteastaíonn ainmniú limistéar caomhantais speisialta* ina leith. Sainítear cuid díobh sin mar ghnáthóga nó speicis “tosaíochta” a bhfuil an baol ann go rachaidh siad i léig agus a bhfuil rialacha sonracha ann ina leith.
  • Tá liosta in Iarscríbhinn III de na critéir maidir le láithreáin a roghnú atá incháilithe lena sainaithint mar láithreán lena bhfuil tábhacht Comhphobail agus lena n-ainmniú mar limistéir chaomhantais speisialta.
  • Tá trí chéim sa phróiseas ainmniúcháin:
    • 1.

      Ag baint úsáid as na critéir sna hiarscríbhinní, dréachtaíonn gach tír AE liosta láithreán ina bhfuil gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine.

    • 2.
      Ar bhonn na liostaí náisiúnta agus i gcomhaontú le tíortha AE, glacann an Coimisiún Eorpach ansin liosta láithreán lena bhfuil tábhacht Chomhphobail do gach naoi réigiún bhithgheografacha de chuid AE.
    • 3.

      Laistigh de 6 bliana ó roghnú láithreáin lena bhfuil tábhacht Chomhphobail, ní mór don tír AE lena mbaineann é a ainmniú mar limistéar caomhantais speisialta.

Nós imeachta comhairliúcháin

  • Má mheasann an Coimisiún gur fágadh láithreán ina bhfuil cineál gnáthóige nádúrtha nó speiceas tosaíochta ar lár ó liosta náisiúnta, d’fhéadfadh nós imeachta comhairliúcháin a chur ar bun idir é féin agus an tír lena mbaineann. Mura mbeidh toradh sásúil air, féadfaidh an Coimisiún togra a chur ar aghaidh chuig an gComhairle maidir le roghnú an láithreáin mar láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis.

Cuspóirí agus bearta um chaomhnú

  • A luaithe a ainmnítear limistéir chaomhantais speisialta, ní mór do thíortha AE cuspóirí agus bearta cuí um chaomhnú a thabhairt isteach. Ní mór dóibh gach rud is féidir leo a dhéanamh chun:
    • caomhnú na ngnáthóg sna limistéir sin a chinntiú;
    • a meath agus cur isteach suntasach ar bith ar na speicis a sheachaint.
  • Chomh maith leis sin ní mór do thíortha AE:
    • bainistíocht chuí ar thréithe an tírdhreacha atá riachtanach le haghaidh imirce, scaipeadh agus mhalartú géiniteach na speiceas fiáin a spreagadh.
    • faireachas a dhéanamh ar na gnáthóga agus na speicis araon.

Measúnú a dhéanamh ar phleananna/tionscadail

  • Ba cheart measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar phlean nó ar thionscadal ar bith ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu ar láithreán Natura 2000. Ní chomhaontóidh tíortha AE plean nó tionscadal ach amháin tar éis dóibh a dhearbhú nach mbeidh tionchar suntasach aige ar shláine na láithreán faoi chosaint.
  • Ceal malartaithe eile, d’fhéadfaí roinnt tionscadal a mbeidh tionchar suntasach diúltach acu a cheadú fós ar chúiseanna riachtanacha maidir le leas sáraitheach poiblí (i.e. cúiseanna sóisialta nó eacnamaíocha). I gcás go dtagann sé sin chun cinn, ní mór do thíortha AE bearta cúitimh a thabhairt isteach chun comhtháthú foriomlán líonra Natura 2000 a chinntiú.

Cosaint speiceas

Ní mór do thíortha AE:

  • córais dianchosanta a bhunú do speicis ainmhithe agus do phlandaí atá faoi bhagairt mhór (Iarscríbhinn IV), lena gcuirtear toirmeasc
    • ar gach cineál gabhála nó maraithe a dhéantar d’aon ghnó ar eiseamail de na speicis sin san fhiántas;
    • díshocrú d’aon ghnó ar na speicis sin, go háirithe le linn na tréimhse pórúcháin, tógála, geimhriúcháin agus imirce;
    • uibheacha atá san fhiántas a scriosadh nó a thógáil d’aon ghnó;
    • meath nó díothú ar láithreáin phórúcháin nó áiteanna scíthe;
  • toirmeasc a chur ar úsáid modhanna neamhroghnaitheacha maidir le tógáil, gabháil nó marú speiceas ainmhithe agus plandaí áirithe (Iarscríbhinn V);
  • córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar ghabháil theagmhasach agus ar mharú teagmhasach na speiceas ainmhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn IV(a);
  • na bearta atá déanta acu a thuairisciú don Choimisiún gach 6 bliana. Eiseoidh an Coimisiún tuarascáil ilchodach ansin faoina gclúdófar AE ar fad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 10 Meitheamh 1992. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 10 Meitheamh 1994.

CÚLRA

Is ionann líonra Natura 2000 agus beagnach aon chúigiú d’achar talún AE agus níos mó ná 250 000 km2 d’achar na mara.

Féach chomh maith:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Limistéar caomhantais speisialta: láithreán lena bhfuil tábhacht Chomhphobail (i.e. AE) a ainmníonn tíortha AE i gcás go ndéantar na bearta caomhantais is gá lena chinntiú go ndéanfar stádas caomhantais fabhrach na ngnáthóg nádúrtha agus/nó pobail na speiceas dá bhfuil an láithreán ainmnithe a chothabháil nó a aisiriú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lgh. 7-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/43/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/147/ACE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lgh. 7-25).

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Staid an dúlra san Aontas Eorpach — Tuarascáil maidir le stádas cineálacha agus speiceas gnáthóg agus treochtaí do chineálacha agus speicis gnáthóg arna gcumhdach faoin Treoir maidir le hÉin agus faoin Treoir maidir le Gnáthóga don tréimhse 2007-2012 agus Airteagal 17 den Treoir maidir le hÉin (COM(2015) 219 final, 20.5.2015)

Nuashonraithe 21.02.2017

Top