RSS
Innéacs A - Z

Cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta

Comhshaol

An méadú ar uirbiú agus leathadh bhonneagair an duine, ró-dhúshaothrú acmhainní nádúrtha, na foirmeacha éagsúla truaillithe, speicis andúchasacha a thabhairt isteach inár n-éiceachórais — is mór an dochar a dhéanann na nithe seo ar fad don bhithéagsúlacht. Dá thoradh sin, tá 42 % de mhamaigh, 15 % d’éin agus 52 % d’éisc fionnuisce ar fud na hEorpa i mbaol. Lena chois sin, tá 1 000 speiceas planda, nach mór, i mbaol mór nó ar tí imeacht as. Chun an bhithéagsúlacht a choimirciú agus imeacht as speiceas ainmhithe agus plandaí a chomhrac, tá gréasán ollmhór de láithreáin chosanta bunaithe ag an Aontas Eorpach (gréasán Natura 2000) agus ceapadh an bhithéagsúlacht mar eochairchuspóir den Séú Clár Gníomhaíochta um an Chomhshaol.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh