RSS
Innéacs A - Z

Comhshaol

Comhshaol

Uisce, bia, ocsaigin, fuinneamh agus tuilleadh nach iad … is ón gcomhshaol a fhaighimid líon mór dár riachtanais don bheatha. Ar ár son féin ba cheart dúinn an comhshaol a chaomhnú agus úsáid chúramach a bhaint as; ár sláinte agus fiú ár mbeatha féin atá i dtreis. Ó na 1970í luatha i leith tá an Eoraip tiomanta go daingean don chomhshaol: do chosaint cháilíocht an aeir agus an uisce, do chaomhnú acmhainní agus do chosaint don bhithéagsúlacht, do bhainistíocht dramhaíola agus do rialú gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar díobhálach acu ar an gcomhshaol; níl ansin ach cuid de na réimsí ina bhfuil an AE gníomhach, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Cibé an trí bhearta ceartaitheacha maidir le fadhbanna sonracha comhshaoil nó bearta leathana laistigh de réimsí beartais eile, féachann an beartas Eorpach comhshaoil, bunaithe ar Airteagal 174 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, le forbairt inbhuanaithe a chinntiú ar shamhail Eorpach na sochaí.

Féach leis

  • Táirgí ceimiceacha
  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Comhshaol (DE) (EN ) (FR)
  • Eolas breise: Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (DE) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh