RSS
Innéacs A - Z

Forálacha ginearálta

Comhshaol

Sa Séú Clár Gníomhaíochta um an Chomhshaol, a glacadh in Iúil 2002, leagtar amach tosaíochtaí an AE don tréimhse go dtí 2010. Luaitear ceithre réimse ar leith ina ndéanfar beart tosaíochta: athrú aeráide, an dúlra agus an bhithéagsúlacht, an comhshaol agus an tsláinte, agus bainistíocht acmhainní nádúrtha agus dramhaíola. Is é an prionsabal réamhchúraim agus an prionsabal "íoc mar a thruaillítear" a threoraíonn beartas comhshaoil an AE. Tá ionstraimí éagsúla institiúideacha, airgeadais agus bainistíochta ar fáil le cinntiú go bhfeidhmítear é go héifeachtach. Eochairpháirt den bheartas comhshaoil is ea bainteacht an phobail i gcoitinne.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh