EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Feidhmíocht chomhshaoil níos fearr: Scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an scéim um éiceabhainistíocht agus um éiciniúchóireacht (EMAS), ar uirlis bainistíochta comhshaoil deonach den scoth í do gach cineál eagraíochta atá sásta a bhfeidhmíocht chomhshaoil a mheas, a thuairisciú agus a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Próiseas clárúcháin EMAS

Chun clárúchán EMAS a fháil, ní mór d’eagraíocht:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil uile maidir lena gníomhaíochtaí, a táirgí agus a seirbhísí;
  • beartas comhshaoil a ghlacadh ina mbeidh gealltanas an reachtaíocht ábhartha uile a chomhlíonadh agus feabhas leanúnach a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil;
  • clár a fhorbairt ina mbeidh faisnéis ar chuspóirí agus spriocanna comhshaoil ar leith;
  • córas bainistíochta éifeachtúil a bhunú chun a beartas comhshaoil a bhaint amach agus chun feabhsúchán leanúnach a áirithiú;
  • iniúchadh comhshaoil a chur i gcrích a dhéanann meastóireacht ar an gcóras bainistíochta atá ar bun agus comhréireacht fhoriomlán lena beartas agus clár;
  • ráiteas comhshaoil a sholáthar faoina feidhmíocht, i gcomparáid lena cuspóirí, agus na céimeanna a dhéanfar amach anseo.

Bailíocht

Ní mór an t–athbhreithniú comhshaoil, an córas bainistíochta, nós imeachta agus ráiteas iniúchta a bheith faofa ag fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe.

Déantar an ráiteas fíoraithe a chlárú agus a chur ar fáil go poiblí.

Úsáid lógó EMAS

Féadfaidh eagraíocht a chuireann na céimeanna sin ar fad i gcrích go rathúil lógó EMAS a úsáid ar a ceannchlónna agus i dtaca lena gníomhaíochtaí agus seirbhísí, chun a tiomantas d’fheabhas ar a feidhmíocht chomhshaoil a léiriú.

Cinntí ón gCoimisiún Eorpach

Ghlac an Coimisiún Eorpach sraith cinntí i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009. Áirítear leo sin:

  • Cinneadh 2011/832/AE maidir le treoir maidir le clárú corparáideach an Aontais Eorpaigh (AE), clárú tíre nach tír den Aontas Eorpach í agus clárú domhanda faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009;
  • Cinneadh (AE) 2016/1621 maidir le treoirdhoiciméad maidir le fógra do chomhlachtaí creidiúnaithe agus ceadúnaithe arna dtabhairt ag fíoraitheoirí comhshaoil atá gníomhach i mBallstát AE seachas an Ballstát inar deonaíodh an creidiúnú nó an ceadúnas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009;
  • Cinneadh (AE) 2023/2463 maidir le foilsiú na treorach úsáideora, lena leagtar amach na céimeanna is gá chun a bheith rannpháirteach in EMAS.

Ghlac an Coimisiún sraith eile cinntí chomh maith maidir le doiciméid tagartha earnála — a bhaineann leis na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais le haghaidh:

  • an earnáil trádála miondíola (Cinneadh (AE) 2015/801);
  • an earnáil tuarasóireachta (Cinneadh (AE) 2016/611);
  • an earnáil déantúsaíochta bia agus deochanna (Cinneadh (AE) 2017/1508);
  • an earnáil talmhaíochta (Cinneadh (AE) 2018/813);
  • an earnáil déantúsaíochta trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (Cinneadh (AE) 2019/63);
  • an earnáil déantúsaíochta carr (Cinneadh (AE) 2019/62);
  • an earnáil riaracháin phoiblí (Cinneadh (AE) 2019/61);
  • an earnáil bainistíochta dramhaíola (Cinneadh (AE) 2020/519);
  • an earnáil monaraíochta táirgí miotail (Cinneadh (AE) 2021/2053);
  • an earnáil seirbhísí teileachumarsáide agus teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (Cinneadh (AE) 2021/2054).

Leasú ar an reachtaíocht

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 trí huaire.

  • Le Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 leasaíodh an rialachán chun an Chróit a bheith ina comhalta den AE i mí Iúil 2013 a chur san áireamh.
  • Leasaíodh Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III le Rialachán (AE) 2017/1505 chun na ceanglais a leagtar amach sa leagan nua de Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO 14001 a chur san áireamh. Is minic a sheolann eagraíochtaí ar mian leo clárúchán EMAS agus deimhniú ISO 14001 araon a fháil nó a chothabháil próiseas aonair fíoraithe/deimhnithe, agus mar sin ba cheart comhleanúnachas a choinneáil idir ceanglais an dá ionstraim sin.
  • Leasaíodh Iarscríbhinn IV le Rialachán (AE) 2018/2026 chun aghaidh a thabhairt ar fheabhsuithe a sainaithníodh ón taithí a fuarthas le linn oibriú EMAS. I bhfianaise líon agus chineál na leasuithe sin, ar mhaithe le soiléireacht, measadh gur iomchuí Iarscríbhinn IV a athrú ina hiomláine.

Aisghairm

Aisghairtear le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinneadh 2001/681/CE agus Cinneadh 2006/193/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Eanáir 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lgh. 1–45).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1533 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cheanglais chóras bainistíochta comhshaoil Ecoprofit mar cheanglais a chomhlíonann ceanglais chomhfhreagracha na scéime um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 186, 25.7.2023, lgh. 28–32)

Cinneadh (AE) 2023/2463 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2023 ar fhoilsiú an treoirleabhair d’úsáideoirí ina leagtar amach na céimeanna is gá chun bheith rannpháirteach i scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad CC(2023) 720) (OJ lgh. 2023/2463, 10.11.2023).

Cinneadh (AE) 2021/2053 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil agus ar na tagarmharcanna barr feabhais i ndáil leis an earnáil monaraíochta táirgí miotail chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 420, 25.11.2021, lgh. 55–86).

Cinneadh (AE) 2021/2054 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil agus ar na tagarmharcanna barr feabhais le haghaidh earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 420, 25.11.2021, lgh. 87–122).

Cinneadh (AE) 2020/519 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil bainistíochta dramhaíola faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 115, 14.4.2020, lgh. 1–49).

Cinneadh (AE) 2019/61 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil riaracháin phoiblí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 17, 18.1.2019, lgh. 1–57).

Cinneadh (AE) 2019/62 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil déantúsaíochta carr faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 17, 18.1.2019, lgh. 58–93).

Cinneadh (AE) 2019/63 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil déantúsaíochta trealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 17, 18.1.2019, lgh. 94–123).

Cinneadh (AE) 2018/813 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2018 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bhainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil talmhaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 145, 8.6.2018, lgh. 1–64).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2286 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017 maidir le haitheantas a thabhairt do cheanglais chóras bainistíochta comhshaoil Ecoprofit mar cheanglais a chomhlíonann ceanglais chomhfhreagracha na scéime um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht dheonach eagraíochtaí i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (dá dtugtar fógra faoi dhoiciméad C(2017) 8082) (IO L 328, 12.12.2017, lgh. 87–117).

Cinneadh (AE) 2017/1508 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2017 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar an gcleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil déantúsaíochta bia agus deochanna faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 223, 30.8.2017, lgh. 1–35).

Cinneadh (AE) 2016/1621 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2016 lena nglactar treoirdhoiciméad maidir le fógra do chomhlachtaí creidiúnaithe agus ceadúnaithe arna dtabhairt ag fíoraitheoirí comhshaoil atá gníomhach i mBallstát seachas an Ballstát inar deonaíodh an creidiúnú nó an ceadúnas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 242, 9.9.2016, lgh. 32–35).

Cinneadh (AE) 2016/611 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar an gcleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil turasóireachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 104, 20.4.2016, lgh. 27–69).

Cinneadh (AE) 2015/801 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2015 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar an gcleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus tagarmharcanna barr feabhais don earnáil trádála miondíola faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 127, 22.5.2015, lgh. 25-60).

Cinneadh 2011/832/AE ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2011 maidir le treoir i ndáil le clárú corparáideach AE, clárú tríú tíre agus clárú domhanda faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2011) 8896)(IO L 330, 14.12.2011, lgh. 25–38).

Nuashonraithe 22.12.2023

Top