EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua chun astaíochtaí CO2 a laghdú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis ceanglais maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite AE chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Feithiclí lena mbaineann

Baineann an rialachán seo le feithiclí chatagóir N1, is é sin, feithiclí tráchtála éadroma a dheartar agus a thógtar chun earraí a iompar, ag a bhfuil uasmheáchan 3.5 tona, agus nach bhfuil níos troime ná 2,610 cileagram gan lasta, a chláraítear in AE den chéad uair.

Spriocanna astaíochtaí AE ar fud flít

  • Ní bheidh meánleibhéal astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua níos mó ná 175 gram de CO2 in aghaidh an chiliméadair (ceanglas a tugadh isteach de réir a chéile ó 2014 i leith faoi mar a mhínítear thíos).
  • Ó 2020 ar aghaidh, ní bheidh na meánastaíochtaí níos mó ná 147 gram de CO2 in aghaidh an chiliméadair.

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróirí

Ní mór do mhonaróirí feithiclí tráchtála éadroma a áirithiú go gcomhlíonadh meánastaíochtaí sonracha CO2 a bhfeithiclí tráchtála éadroma nua atá cláraithe in AE na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I an rialacháin. Tá na spriocanna sin i leith astaíochtaí sonracha bunaithe ar spriocanna astaíochtaí AE ar fud flít, agus meánmheáchan na bhfeithiclí i bhflít mhonaróra á chur san áireamh.

Cuireadh na spriocanna i bhfeidhm de réir a chéile ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh faoi mar a leanas:

  • le haghaidh 70 % d’fheithiclí in 2014;
  • le haghaidh 75 % d’fheithiclí in 2015;
  • le haghaidh 80 % d’fheithiclí in 2016;
  • le haghaidh 100 % d’fheithiclí in 2017;

Buíonta monaróirí

Féadfaidh monaróirí feithiclí tráchtála éadroma buíon a chruthú agus gníomhú le chéile chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a bhaint amach.

Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí

Gach bliain, ní mór do thíortha AE sonraí a bhailiú maidir le gach feithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ina gcríoch (e.g. monaróir, cineál, astaíochtaí sonracha CO2 agus mais).

Bailíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil na sonraí sin i gclár lárnach atá ar fáil don phobal. Ar bhonn na sonraí sin, déanann an Coimisiún Eorpach ríomh sealadach, le haghaidh gach monaróra agus le haghaidh gach bliana féilire:

  • meánastaíochtaí sonracha CO2;
  • an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;
  • an difear idir na meánastaíochtaí sonracha CO2 agus an sprioc i leith astaíochtaí sonracha.

Nuair a bheidh siad seiceáilte ag na monaróirí, dearbhaíonn an Coimisiún na ríomhanna faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

“Sárchreidmheasanna”

Bhí dreasacht ann do mhonaróirí chun feithiclí a tháirgeadh lenar bhain rátaí ísle astaíochtaí (níos lú ná 50 gram in aghaidh an chiliméadair) le linn na mblianta 2014 go 2017. Agus meánastaíochtaí sonracha monaróra á ríomh, ríomhadh gach ceann de na feithiclí sin mar fheithiclí 3.5 in 2014 agus in 2015 mar fheithiclí 2.5 in 2016 agus mar fheithiclí 1.5 in 2017. D’fhéadfadh gach monaróir an “sárchreidmheas” a éileamh le haghaidh uaslíon 25,000 feithicil tráchtála éadrom idir 2014 agus 2017.

Préimh astaíochtaí iomarcacha

  • Ó 2014 i leith, i gcás gur sháraigh a meánastaíochtaí sonracha na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, b’éigean do mhonaróirí préimh a íoc a ríomhadh de réir na n–astaíochtaí iomarcacha.
  • Go dtí 2018, b’ionann méid na préimhe in aghaidh na feithicle cláraithe agus €5 i gcomhair an chéad ghraim in aghaidh an chiliméadair a sáraíodh, €15 le haghaidh an dara graim, €25 le haghaidh an tríú graim agus €95 le haghaidh gach graim bhreise in aghaidh an chiliméadair.
  • Ó 2019 i leith, is ionann €95 agus an pionós in aghaidh gach feithicle cláraithe le haghaidh gach graim in aghaidh an chiliméadair a shárófar.

Díolúintí do mhonaróirí áirithe

  • Déantar monaróir a tháirgeann níos lú ná 1,000 feithicil tráchtála éadrom nua in AE in aghaidh na bliana a dhíolmhú go huathoibríoch ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha.
  • Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar dhíolúine óna sprioc i leith astaíochtaí sonracha má tháirgeann sé níos lú ná 22,000 feithicil tráchtála éadrom nua in AE gach bliain. Sa chás sin, beidh sé faoi réir sprioc aonair, a bheidh comhsheasmhach lena chumas um laghdú.

Éiceanuálaíocht

Féadfaidh soláthraithe nó monaróirí a n–astaíochtaí CO2 a laghdú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha, nach bhfuil cumhdaithe i dtomhas CO2 an timthrialla chaighdeánaigh tástála nó i rialacha éigeantacha AE. Is ionann 7 ngram de CO2/km agus an méid iomlán ar féidir cur le laghdú na n–astaíochtaí sonracha do mhonaróir leis na teicneolaíochtaí sin.

Leasuithe ar an rialachán

Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta chun coinneáil suas le forbairtí teicniúla, amhail:

  • athruithe ar nósanna imeachta tástála rialála agus i ndáil le meánastaíochtaí sonracha; agus
  • an gá a bhí le nósanna imeachta a thabhairt isteach maidir le faomhadh agus deimhniú na dteicneolaíochtaí nuálacha.

Athbhreithniú ar an rialachán

Faoin 31 Nollaig 2015, bhí ar an gCoimisiún gnéithe éagsúla den rialachán seo a athscrúdú chun spriocanna nua a shocrú le haghaidh na tréimhse 2020. I mí na Samhna 2017, chuir sé a thogra i láthair a mbeidh, nuair a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é, aisghairm an rialacháin seo mar thoradh air.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 3 Meitheamh 2011.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lgh. 1-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí le haghaidh gluaisteáin phaisinéirí nua agus le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú) (COM(2017) 676 críochnaitheach/2, 26.1.2018)

Rialachán (CE) Uimh. 253/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir leis na rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a laghdú (IO L 84, 20.3.2014, lgh. 38-41)

Nuashonraithe 10.01.2019

Top