EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Seachtú Creatchlár (2007-2013)

Is páirt de “thriantán an eolais” é an taighde a threiseoidh fás agus fostaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) i ngeilleagar domhandaithe. Is é atá i gceist leis an Seachtú Creatchlár le haghaidh taighde, ar feadh na tréimhse 2007-2013, ná deis don AE a chuid beartas faoin taighde agus a chuid cuspóirí geilleagracha agus sóisialta a chur le chéile tríd an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a dhaingniú. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, tá súil ag an gCoimisiún buiséad bliantúil an AE a mhéadú maidir leis an taighde agus tuilleadh infheistíochta náisiúnta agus príobháidí a tharraingt. I rith a chur i bhfeidhm, beidh ar an Seachtú Creatchlár riachtanais an tionscail agus riachtanais a bhaineann le beartais Eorpacha go ginearálta a chomhlíonadh maidir leis an taighde agus leis an eolas. Tá ceithre phríomhchlár ann sa Chreatchlár, agus simplíodh go mór é chun a bheith níos inrochtana do thaighdeoirí agus níos éifeachtaí.

ACHTANNA

Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh taighde, forbartha teicneolaíochta agus gníomhaíochtaí taispeántais (2007–2013).

Cinneadh Uimh.2006/969/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) le haghaidh an taighde agus na hoiliúna i dtaobh ábhair núicléach (2007–2011).

ACHOIMRE

Tá an Seachtú Creatchlár in oiriúint do riachtanais an AE maidir leis an bhfás agus an bhfostaíocht. I ndiaidh comhairliúcháin fhorleathain phoiblí, aithníodh ceithre phríomhchuspóir agus freagraíonn siad do cheithre shainchlár a thugann struchtúr ar an taighde san Eoraip.

Na ceithre phríomhchlár sainiúla

Tá de chuspóir ag an gClár Comhar an comhar a spreagadh agus na naisc a neartú go trasnáisiúnta idir an tionscal agus an taighde. Tosach na hEorpa a chruthú agus a dhaingniú in eochair-réimsí an taighde is ea an cuspóir. Tá 9 dtéama ann, agus iad á riaradh ina n-aonar ach á gcur i bhfeidhm go comhlántach:

  • an tsláinte;
  • an bia, an talmhaíocht agus an bhith-theicneolaíocht;
  • teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;
  • na naineolaíochtaí, an nanaitheicneolaíocht, ábhair agus teicneolaíochtaí nua an táirgthe;
  • an fuinneamh;
  • an comhshaol (athruithe aeráide ina mheasc);
  • an t-iompar (agus an aerloingseoireacht san áireamh);
  • eolaíochtaí socheacnamaíocha agus daonna;
  • an tslándáil agus an spás.

Is é atá i gceist leis an gClár Smaointe ná an taighde thaiscéalaíoch a neartú san Eoraip, .i. fionnachtain eolais nua a athródh go bunúsach ár ndearcadh ar an domhan agus ár modh maireachtála. Chuige sin, tacóidh an Chomhairle Eorpach um Thaighde leis na tionscadail thaighde is uaillmhianaí agus is nuálaí. Sa struchtúr nua seo ar thús cadhnaíochta an taighde Eorpaigh, cinnteoidh comhairle eolaíoch na tosaíochtaí agus na straitéisí eolaíocha aisti féin. Is í an aidhm atá aici ná dearscnaitheacht an taighde Eorpaigh a threisiú tríd an iomaíocht agus an fiontar a spreagadh.

Cuireann an Clár Daoine acmhainní tábhachtacha airgeadais ag obair chun ionchas gairme na dtaighdeoirí a fheabhsú san Eoraip agus chun níos mó taighdeoirí óga ardchaighdeáin a tharraingt. Tá an Coimisiún ag iarraidh an oiliúint agus an tsoghluaisteacht a spreagadh chun a mhór a dhéanamh d’acmhainn lucht taighde na hEorpa. Is as rath ghníomhaíochtaí Marie Curie an chláir seo, agus iad ag tairiscint dheis na soghluaisteachta agus na hoiliúna do thaighdeoirí na hEorpa leis na blianta.

Tugann an Clár Cumas uirlisí feidhmiúla do thaighdeoirí chun a bheith in ann caighdeán an taighde Eorpaigh a ardú agus í a dhéanamh níos iomaíche. Is é an rud atá i gceist ná breis infheistíochtaí i mbonneagar an taighde sna réigiúin is lú feidhmíocht, i gcruthú mol réigiúnach taighde agus i dtaighde le leas fiontar beag agus meánmhéide. Léiríonn an clár seo tábhacht an chomhoibriú idirnáisiúnta sa taighde agus ról na heolaíochta sa tsochaí.

Ina theannta sin, maoineoidh an Seachtú Creatchlár gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) agus na gníomhaíochtaí ar páirt de Chreatchlár Euratom iad sna réimsí seo a leanas:

  • taighde ar an bhfuinneamh comhleá;
  • an t-eamhnú núicléach agus cosaint ar radaíocht.

Athrú ar fhad an chláir

Glacann an Seachtú Creatchlár cúram a lán rudaí ó chláir roimhe a raibh dea-thionchar acu ar an taighde san Eoraip. Is amhlaidh cás na dtionscadal a riarann grúpaí comhpháirtithe Eorpacha iad, agus beidh siad seo i gcroí an Chreatchláir go fóill. Mar an gcéanna, chláraigh an Coimisiún an creatchlár don Limistéar Eorpach Taighde, a bhfuil gach aon ghníomhaíocht an AE sa réimse seo ann. Ós rud é gur fadaíodh an clár ó cheithre bliana go seacht mbliana, is léir go bhfuil fonn ann Eoraip an taighde a spreagadh go marthanach.

Agus na tréithe is fearr á gcoinneáil ó na cláir roimhe, tionscnaíonn an Seachtú Creatchlár le haghaidh an taighde bearta nua chun comhleanúnachas agus feidhmiúlacht bheartas taighde an AE a fheabhsú. Seo iad na príomhnuálaíochtaí a bhaineann leis an gCreatchlár:

  • simpliú nósanna imeachta na rannpháirtíochta sa chlár;
  • cur i bhfeidhm an chláir agus a bhuiséid de réir téama, seachas de réir ionstraime, faoi choinne gníomhaíochta níos comhordaithe agus níos éifeachtaí;
  • cruthú na Comhairle Eorpaí um Thaighde faoi chreat an Chláir Smaointe chun an taighde thaiscéalaíoch a thacú;
  • treisiú an comhair leis an tionscal trí mheán “comhthionscnaimh theicneolaíocha” a chuirfidh le chéile infheistíochtaí príobháideacha agus maoiniú poiblí;
  • tabhairt isteach beartais Eorpaigh um bonneagar an taighde mar thacaíocht;
  • cur ar bun “meicníocht maoinithe ar riosca i gcomhroinnt” chun rochtain na rannpháirtithe ar iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a éascú.

Lena chois sin, mar a bhí an cás leis an Séú Creatchlár, ní bhfaighidh roinnt réimsí taighde maoiniú ar bith ón gComhphobal:

  • an chlónáil atáirgeach daoine;
  • an taighde atá dírithe ar linn géinte daoine a athrú ar mhodh is go mbeidh na hathruithe seo san oidhreacht;
  • an taighde a bhfuil de chuspóir aige suthanna daonna a chruthú faoi choinne na taighde amháin nó faoi choinne gascheall.

Creatchlár simplithe

Ó 1984, tá líon na nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a rialaíonn gníomhaíochtaí an AE maidir leis an taighde méadaithe ag na creatchláir éagsúla le haghaidh an taighde. Tá an Coimisiún ag iarraidh leanúint leis an simpliúchán a tosaíodh sa Tríú Creatchlár chun éifeachtacht mhaoiniú agus riaradh na dtionscadal taighde a fheabhsú.

Seo cuid de na sainbhearta chun cur i bhfeidhm an Chreatchláir a shimpliú:

  • córais maoinithe a athchóiriú chun éifeachta trí rogha na n-ionstraimí a laghdú faoi choinne maoinithe níos comhleanúnaí;
  • úsáid caint níos simplí agus is lú maorlathas ar mhodh is go dtuigeann an pobal i gcoitinne;
  • laghdú líon agus méid na ndoiciméad oifigiúil;
  • simpliú na nósanna imeachta do rannpháirtithe;
  • laghdú na réamhscrúduithe sula nglactar le tionscadal;
  • breis neamhspleáchais do ghrúpaí comhpháirteacha;
  • simpliú phróiseas roghnúcháin na dtionscadal.

Buiséad mór ach buiséad riachtanach

Mhol an Coimisiún buiséad EUR 50 521 milliún don tréimhse 2007-2013, mar atá, EUR 7 217 milliún an bhliain ar an meán. Breis is oiread go leith airgid é seo agus a bhí i mbuiséad bliantúil an Séú Creatchláir (EUR 4 375 milliún an bhliain, .i. EUR 17 500 milliún le haghaidh ceithre bliana). Comhroinnfear an buiséad mar seo a leanas:

  • Comhar: EUR 32 413 milliún,
  • Smaointe: EUR 7 510 milliún,
  • Daoine: EUR 4 750 milliún,
  • Cumas: EUR 4 097 milliún
  • Gníomhaíochtaí neamhnúicléacha faoi riar an JRC: EUR 1 751 milliún,
  • Euratom: EUR 2 700 milliún (2007-2011).

Léiríonn an méadú seo cé chomh tábhachtach is atá an taighde in athlainseáil Straitéis Liospóin, a bhfuil de chuspóir aici geilleagar an eolais is iomaíche agus is fuinniúla sa domhan a dhéanamh d’Eoraip. Chaill an Eoraip deiseanna tábhachtacha in eochair-réimsí áirithe an taighde le déanaí de bharr easpa ciste. Féadfaidh an Creatchlár seo tuilleadh tionscadal ardchaighdeáin a mhaoiniú agus cumas nuála an AE a neartú.

Is iad an t-eolas agus an teicneolaíocht na sócmhainní is mó atá ag an Eoraip agus is iad seo bun an fháis agus na fostaíochta. Ba chóir go ndéanfaidh an Creatchlár méadú ar chaiteachas náisiúnta don taighde, chun go gcaitear 3 % den Olltáirgeacht Intíre (OTI) ar an taighde san Eoraip. Tá an Coimisiún ar intinn páirt mhór a bheith aige mar thiománaí agus mar chomhordaitheoir chun an t-eolas a chur ag obair ar son an fháis agus ar son na fostaíochta san Eoraip.

Cúlra

Ó 1984, riarann an AE beartas taighde agus forbartha teicneolaíche atá bunaithe ar chreatchláir ilbhliantúla. Is é an Seachtú Creatchlár an dara ceann ó lainseáladh Straitéis Liospóin sa bhliain 2000 agus ba chóir go mbeidh ról ríthábhachtach aige san fhás agus san fhostaíocht san Eoraip sna blianta le teacht. Tá an Coimisiún ag iarraidh “triantán an eolais” a fhorbairt agus é déanta de bheartais le haghaidh an taighde, an oideachais agus na nuála chun an t-eolas a chur ag obair ar son na fuinniúlachta eacnamaíche agus ar son an dul chun cinn sóisialta agus an chomhshaoil.

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE

2.1.2007 – 31.12.2013

Iris Oifigiúil L 412 an 30.12.2006

Cinneadh Uimh. 2006/969/CE

1.1.2007 – 31.12.2011

Iris Oifigiúil L 391 an 3012.2006

ACHTANNA GAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2009 maidir leis an dul chun cinn bainte amach agus an Seachtú Creatchlár le haghaidh taighde á chur i bhfeidhm [COM(2009) 209 – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]. Tá an Seachtú Creatchlár á chur in oiriúint do chuidiú leis an AE sochaí eolais a chruthú ar bheagán astú carbóin. Tá sé ag dréim le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus san fhorbairt a spreagadh agus lena chuid ionstraimí a éagsúlú chun an breisluach Eorpach a uasmhéadú.

Tá an Seachtú Creatchlár ríthábhachtach leis an dearscnaitheacht eolaíoch agus forbairt na teicneolaíochta a chothú. Is amhlaidh is tábhachtaí a ról sna dálaí eacnamaíocha atá ann an lá inniu. Cuireann an Seachtú Creatchlár le saothar buan taighde, mar is léir ó na comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí i dtaobh gluaisteán glas, foirgneamh tíosach ar fhuinneamh agus monarchana don am le teacht, a lainseáladh faoi chreat an Phlean Eorpach don Téarnamh.

D’iarr an Coimisiún ar ghrúpa saineolaithe measúnú eatramhach a dhéanamh ar an Seachtú Creatchlár chun a thionchar ar chur i bhfeidhm an Limistéir Eorpaigh Taighde a fheabhsú. Úsáidfear toradh an mheasúnaithe seo le díospóireacht a fhothú maidir le creataí airgeadais le teacht de chuid an Aontais Eorpaigh, le Straitéis Liospóin i ndiaidh na bliana 2010 agus leis an chéad chreatchlár eile.

Rialachán (Euratom) Uimh. 1908/2006 ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 lena leagtar amach na rialacha rannpháirtíochta do ghnóthais, do lárionaid taighde agus d’ollscoileanna maidir le cur i bhfeidhm Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh an fhuinnimh adamhaigh agus na rialacha maidir le scaipeadh torthaí na taighde (2007-2011).

Baineann an rialachán seo le modhanna rannpháirtíochta na ngnóthas, na lárionad taighde agus na n-ollscoileanna i Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh an fhuinnimh adamhaigh (Euratom) (2007-2011). Tá ceithre chaibidil sa doiciméad: na forálacha tosaigh (ábhar, sainmhíniú agus rúndacht), an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha (coinníollacha na rannpháirtíochta, gnéithe nós imeachta, srl.), rialacha an scaipthe agus an chuir chun cinn (úinéireacht, cosaint, foilsiú, scaipeadh agus úsáid an eolais nua agus réamhbheithigh agus na cearta rochtana ar an eolas seo) agus sainrialacha na rannpháirtíochta sna gníomhaíochtaí a bhaineann leis an réimse dár téama “taighde ar fhuinneamh comhleá”.

Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a leagann amach rialacha na rannpháirtíochta do ghnóthais, do lárionaid taighde agus d’ollscoileanna maidir le cur i bhfeidhm Seachtú Creatchlár an Chomhphobal Eorpaigh agus rialacha maidir le scaipeadh torthaí na taighde (2007-2013) [Foilsithe san Iris Oifigiúil L 391 an 30.12.2006].

Baineann an rialachán seo le rialacha na rannpháirtíochta do ghnóthais, do lárionaid taighde agus d’ollscoileanna i Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh (2007-2013), agus tá ceithre chaibidil ann: na forálacha tosaigh, an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus rialacha an scaipthe agus an chur chun cinn.

Nuashonraithe 07.01.2010

Top