Táirgí teicstíle: ainm na snáithíní teicstíleacha agus lipéadú
Cuireann an Rialachán seo forálacha comhchuibhithe ar bun maidir le táirgí teicstíle a lipéadú agus a mharcáil d’fhonn na bacainní a bhaint den mhargadh inmheánach san earnáil teicstíle agus faisnéis shásúil a ráthú don tomhaltóir.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE).
ACHOIMRE
Socraíonn an Rialachán seo na forálacha a bhaineann le:
- ainm na snáithíní teicstíleacha * maidir lena sainmhíniú agus lena n-úsáid chun comhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíle a léiriú;
- lipéadú na dtáirgí teicstíle * a bhfuil páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhí iontu;
- modhanna anailíse chun an fhaisnéis atá ar an lipéad a sheiceáil.
Táirgí a mbaineann an Rialachán leo
Baineann an Rialachán seo le táirgí teicstíle, mar atá:
- na táirgí ar snáithíní teicstíleacha 80 % ar a laghad dá meáchan;
- na táirgí inchurtha le táirgí teicstíle.
Ní bhaineann an Rialachán seo leis na táirgí teicstíle a gcuirtear a gcúram ar dhaoine ag obair sa bhaile nó ar fhiontair neamhspleácha gan aistriú úinéireachta, ná leis na táirgí teicstíle a dhéanann táilliúirí neamhspleácha.
Ainm na snáithíní teicstíleacha
Caithfidh an cur síos ar chomhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíle úsáid a bhaint as na snáithíní teicstíleacha a gcuirtear síos orthu in Iarscríbhinn I den Rialacháin seo. Mionléiríonn an Rialachán cén t-ainm a ghabhann le cén cineál snáithín. Toirmisctear úsáid na n-ainmneacha seo do shnáithíní eile.
Féadann déantúsóirí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ainm nua snáithín teicstíleach a chur le hIarscríbhinn I den Rialachán. Caithfidh siad comhad teicniúil a chur lena n-iarratas, agus é déanta de réir Iarscríbhinn II agus a bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ann:
- an t-ainm, an sainmhíniú agus an t-aitheantas a mholtar don snáithín teicstíleach nua;
- modhanna aitheantais agus cainníochtú atá ilchasta go leor;
- faisnéis bhreise maidir le frithghníomhartha ailléirgeacha féideartha nó le próiseas a dhéantúis nó a mbeadh suim ag an tomhaltóir ann.
Léiriú ar chomhdhéanamh na dtáirgí teicstíle
Níl cead na téarmaí “100 %”, “glan”, “íon” nó “ar fad” a úsáid ach do tháirgí atá déanta de shnáithín teicstíleach amháin.
Féadtar na téarmaí “olann nua” nó “olann lomra” (agus na téarmaí atá in Iarscríbhinn III) a úsáid ar lipéid ar chuntar nach bhfuil an táirge déanta ach de shnáithín olla nár úsáideadh roimhe sin i dtáirge eile, agus nár sníomhadh í. Nuair atá an olann istigh i gcumasc snáithíní teicstíleacha, féadtar an téarma “olann nua” a chur ar an lipéad:
- má tá iomlán na holla déanta de shnáithín aonair olla;
- mura bhfuil méid na holla seo faoi bhun 25 % de mheáchan iomlán an chumaisc;
- mura bhfuil an olann cumaiscthe ach le snáithín amháin eile i gcás dlúthchumaisc.
Caithfear ainm agus céatadán de réir maise na snáithíní uilig in ord íslitheach, a chur ar lipéad na dtáirgí teicstíle déanta de shnáithíní éagsúla. Féadtar an téarma “snáithíní eile” a úsáid murar léiríodh mionsnáithíní áirithe ag am dhéantús an táirge nó do shnáithíní nach bhfuil in Iarscríbhinn I. Féadtar na téarmaí “snáithíní éagsúla” nó “comhdhéanamh teicstíle neamhchinntithe” a úsáid ar tháirge teicstíle a bhfuil sé deacair a chomhdhéanamh a mhionléiriú ag am a dhéantúis.
Má tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhithe i dtáirge teicstíle, caithfear é a léiriú leis an leagan “Tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhithe ann” ar an lipéad.
Lipéadú agus marcáil na dtáirgí teicstíle
Nuair a chuirtear ar an margadh iad, tá lipéad buan soléite sofheicthe inrochtana ar na táirgí teicstíle chun a gcomhdhéanamh snáithín a léiriú. Maidir le táirgí nach don tomhaltóir deiridh iad, is féidir cáipéisí tráchtála tionlacain a chur in áit na lipéad nó na marcálacha seo. Soláthraíonn déantóir an táirge iad ansin.
Maidir leis na táirgí teicstíle a bhfuil dhá pháirt teicstíle nó níos mó iontu agus gan an comhdhéanamh snáithín céanna acu, caithfear comhdhéanamh snáithín gach páirte a léiriú.
Ní chóir giorruithe a bheith ar an lipéad. Ina theannta sin, caithfear é a sholáthar i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit a bhfuil an táirge ar an margadh ann.
Tá an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirge ar an margadh freagrach as an lipéadú nó an marcáil.
Caithfidh an cur síos ar an gcomhdhéanamh snáithín a bheith ann sna catalóga, sna bileoga nó ar an bpacáistíocht chomh maith. Caithfidh an fhaisnéis seo a bheith sofheicthe sa díol ar líne.
Níl an lipéadú éigeantach do na táirgí atá ar an liosta in Iarscríbhinn V.
Monatóireacht ar an margadh
Déanann údarás monatóireachta margaidh seiceálacha comhréireachta ar chomhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíle, de réir na modhanna a gcuirtear síos fúthu in Iarscríbhinn VIII.
Ón 8 Bealtaine 2012, aisghaireann an Rialachán seo na Treoir 73/44/CEE, Treoir 96/73/CE agus Treoir 2008/121/CE.
TAGAIRTÍ
| Acht | Teacht i bhfeidhm | Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit | Iris Oifigiúil |
|---|---|---|---|
|
Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 |
7.11.2011 |
— |
IO L 272, 18.10.2011, lch. 1. |



