EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Riaráistí i gcaidrimh ghnó a chomhrac

ACHOIMRE AR:

Threoir 2011/7/AE – riaráistí in idirbhearta tráchtála a chomhrac

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

  • Féachtar leis an treoir seo gnóthais, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ach go háirithe, a chosaint ar riaráistí* in idirbhearta tráchtála* trína chinntiú go n-íoctar in am as sonraisc.
  • Leagtar amach sa treoir tráthchláir chun íoc as billí agus déantar foráil inti do phionóis airgeadais mura ndéantar é sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do ghnóthais íoc as sonraisc laistigh de thréimhse ama 60 lá, ach amháin sa chás go bhfuil tréimhse ama eile leagtha amach go sainráite sa chonradh agus ar an gcoinníoll nach bhfuil na téarmaí thar a bheith míchothrom don chreidiúnaí.
  • Ní mór d’údaráis phoiblí íoc as na hearraí agus seirbhísí a cheannaíonn siad laistigh de 30 lá. Is féidir an spriocdháta a shíneadh go dtí 60 lá i gcúinsí eisceachtúla, mar shampla san earnáil cúram sláinte nó i gcás gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó tráchtála ar leith.
  • Creidiúnaithe a bhfuil a n-oibleagáidí dlíthiúla agus conarthacha comhlíonta acu, agus nach bhfuil íocaíocht faighte acu laistigh de na tréimhsí ama atá leagtha amach, tá siad i dteideal ús agus cúiteamh a fháil ar na riaráistí.
  • Beidh an t-ús a bheidh le híoc ocht bpointe chéatadáin níos airde ná an ráta tagartha a chuirtear i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach. Cuirtear na rátaí infheidhme ar fáil ar líne ag an gCoimisiún Eorpach. Dáiríre, bíonn 8-10 % i gceist sa chuid is mó de thíortha an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Bíonn creidiúnaithe i dteideal suim sheasta €40 ar a laghad a fháil ó fhéichiúnaithe. Ina theannta sin, bíonn siad i dteideal cúiteamh a fháil i leith aon chostas réasúnta eile a thabhaítear chun an t-airgead atá dlite dóibh a aisghabháil, amhail costais dhlíthiúla nó na costais a bhaineann le gníomhaireacht bhailiú fiach a úsáid.
  • Bíonn creidiúnaithe i dteideal ús a fháil ag tosú ar an lá i ndiaidh dháta dlite na híocaíochta.
  • Sa chás nach bhfuil dáta íocaíochta sonraithe sa chonradh, tá creidiúnaí i dteideal ús a fháil 30 lá i ndiaidh don sonrasc a bheith glactha, nó, sa chás nach bhfuil dáta fála an tsonraisc soiléir, 30 lá i ndiaidh do na hearraí nó seirbhísí a bheith curtha ar fáil.
  • Ní mór d’údaráis náisiúnta bearta a ghlacadh chun an pobal a chur ar an eolas faoi na réitigh atá ar fáil ar riaráistí.
  • Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair faoin 16 Márta 2016 maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta.

Idir mí Dheireadh Fómhair 2012 agus mí na Samhna 2014, reáchtáladh feachtas faisnéise maidir le riaráistí ar fud AE ag an gCoimisiún. Féachadh leis an bhfeachtas sin geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus oibleagáidí.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 15 Márta 2011. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 16 Márta 2013.

CÚLRA

Féach an Treoir maidir le Riaráistí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Riaráistí: íocaíochtaí nach ndéantar laistigh den tréimhse reachtúil nó chonarthach tar éis earraí nó seirbhísí a chur ar fáil.

* Idirbhearta tráchtála: idirbhearta idir gnóthais nó idir gnóthais agus na húdaráis phoiblí, nuair a íoctar as earraí agus seirbhísí.

GNÍOMH

Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le riaráistí in idirbhearta tráchtála a chomhrac (IO L 48, 23.2.2011, lgh. 1-10)

Nuashonraithe 11.02.2016

Top