EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aistriú gnólachtaí

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COIM (2006) 117 leagan deireanach) - Aistriú Gnólachtaí - Leanúnachas trí thús nua

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Sonraítear léi conas a chuireann aistriú rathúil gnólachta ionchais shuntasacha ar fáil le haghaidh fáis agus fostaíochta agus go bhfuil sé an-tábhachtach mar sin cosc a chur ar ghnólachtaí a dhúnadh mar thoradh ar bhacainní dlíthiúla agus cánach a chuireann bac ar iad a aistriú.
  • Áirítear leis an teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach moltaí chuig tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) ar chruthú na gcoinníollacha cuí chun gnólachtaí a aistriú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Nuair a théann úinéir gnólachta ar scor, tagann deireadh lena ghnólacht i bhfad rómhinic. De bharr deacrachtaí dlithiúla, fioscacha agus síceolaíochta, teipeann ar go leor aistrithe gnó. Ní bhíonn sé éasca teacht ar chomharba, go háirithe toisc go n-aistrítear gnólachtaí chuig tríú páirtithe seachas chuig duine den teaghlach. Ina theannta sin, is fearr le formhór na nEorpach a bheith fostaithe, agus tá i bhfad níos mó spéise ag fiontraithe gnó a chruthú ná teacht i gceannas air.
  • Mar sin féin, cruthaítear an-chuid buntáistí le teacht i gceannas ar ghnó (struchtúr seanbhunaithe táirgeachta, líonra cliant, fios gnó, clú gnó, srl.). Téann aistriú rathúil gnó chun tairbhe d’fhás agus, dá bhrí sin, tá sé ról ríthábhachtach aige maidir le hoibriú i dtreo spriocanna straitéis Eoraip 2020. Mar shampla, soláthraíonn gnólachtaí reatha cúig phost ar an meán i gcomparáid le dhá phost arna soláthar ag gnólacht nua.
  • Cleachtas is ea aistriú gnólachtaí lena ndéanfaar dul chun cinn le linn na ndeich mbliana atá romhainn, agus trian d’úinéirí gnó ag dul ar scor in AE in imeacht na ndeich mbliana atá romhainn amach. Beidh baint aige seo ar 690,000 fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus ar 2.8 milliún post gach bliain. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, na coinníollacha iomchuí a chruthú chun gnólachtaí a aistriú.
  • Chuige sin, tá an Coimisiún ag moladh roinnt feabhsuithe ar thíortha AE, lena n-áirítear:
  • 1.

    Aird pholaitiúil níos buaine ar aistrithe

Ba cheart do thíortha AE aistriú gnólachtaí a chur chun cinn go córasach mar mhalairt ar chruthú gnó. Ba cheart dóibh, mar shampla, breithniú a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta a thabhairt isteach le haghaidh aistrithe cosúil leo siúd atá ar fáil chun gnó a chruthú.

  • 2.

    Múscailt feasachta i measc geallsealbhóirí

  • Faoi láthair, ní dhéantar dóthain iarrachta chun feasacht a spreagadh. Ní dhearna ach leath de thíortha AE gníomhaíocht iomchuí. Ba cheart go dtabharfaí aird ar leith ar fhiontraithe ionchasacha nua toisc go gcruthaítear malairt spéisiúil ar cheann a chruthú le teacht i gceannas ar ghnó reatha, mar aon le úinéirí gnó atá ag dul ar scor. Molann an Coimisiún, mar sin, níos mó gníomhaíochta chun feasacht a spreagadh i measc úinéirí gnó, mar shampla trí chumainn lucht tráchtála agus pointí teagmhála eile amhail comhairleoirí cánach, cuntasóirí nó bainc maidir leis an ngá atá ann aistrithe a phleanáil go leor roimh ré.
  • Iarrann an Coimisiún ar thíortha AE córais mheantóireachta a spreagadh d’fhonn cabhrú le húinéirí gnó tráth an aistrithe.
  • Ba cheart go mbeartódh tíortha AE cuir chuige dhíreacha d’fhonn feasacht a mhúscailt i measc úinéirí gnó, amhail litreacha a sheoladh chuig úinéirí gnó os cionn aois áirithe.
  • 3.

    Athrú ar stádas dlíthiúil gnó a dhéanamh níos éasca

Is uirlisí dlíthiúla iad conarthaí comharbais, comhaontuithe comhpháirtíochta, bunú cuideachtaí príobháideacha faoi dhliteanas teoranta agus athstruchtúrú is féidir a úsáid chun dúnadh gnó a chosc. Mar shampla, cumasaíonn an conradh comharbais, a bhfuil cosc air i go leor tíortha, an comhaontú comhpháirtíochta nó bunú cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta leanúnachas gnó a áirithiú i gcás bás úinéara nó bás comhlaigh. Nuair a athraítear stádas dlíthiúil, féadfar athstruchtúrú dlíthiúil a dhéanamh ar ghnó atá ar tí a bheith aistrithe d’fhonn leachtú a sheachaint.

  • 4.

    Maoiniú níos fearr ar aistrithe

  • Is annamh a bhíonn an timpeallacht fhabhrach le haghaidh aistrithe gnólachtaí. Go deimhin, bíonn go leor deacrachtaí mar thoradh ar aistriú gnó:
    • éilítear níos mó caipitil ná cruthú gnó, is minic nach leor na saoráidí airgeadais, a dearadh d’fhonn gnólachtaí a chruthú, le haghaidh aistrithe.
    • cinneann na bainc go bhfuil aistrithe airgeadais róchostasach agus go bhfuil riosca rómhór ag baint leo, go háirithe le haghaidh gnólachtaí beaga.
    • uaireanta, bíonn sé deacair teacht ar réiteach airgeadais in am, toisc go mbíonn iasacht agus cothromas i gceist léi go minic.
  • Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go gcuireann tíortha AE coinníollacha airgeadais iomchuí i bhfeidhm amhail cabhair nuathionscanta, iasachtaí agus ráthaíochtaí. Ba cheart go n-áireodh ráthaíochtaí le haghaidh cothromais i FBManna infheistíochtaí cistí áitiúla nó réigiúnacha d’fhonn an caipiteal tosaigh agus/nó nuathionscanta agus maoiniú mezzanine (teaglaim de chothromas agus de chaipiteal fiachais).
  • 5.

    Dreasachtaí cánach le haghaidh aistrithe gnó

Cé gur simplíodh aistrithe laistigh den teaghlach i roinnt mhaith tíortha, ba cheart go spreagfaí aistrithe chuig tríú páirtithe níos mó trí dhíolúintí ó cháin ar ioncam a ghintear trí ghnó a dhíol, faoiseamh sonrach ó cháin ar ioncam athinfheistithe i ngnó eile nó a úsáidtear chun scor an úinéara gnó a mhaoiniú, nó díolúintí cánach le haghaidh fostaithe atá ag infheistiú ina ngnó féin.

  • 6.

    Margaí trédhearcacha le haghaidh aistrithe gnó

Ba cheart go gcumasódh soláthar seirbhísí neamhchlaonta a ghníomhóidh mar idirghabhálaithe idir ceannaitheoirí agus díoltóirí margaí trédhearcacha le haghaidh aistrithe gnó a eagrú. I gcuid mhaith tíortha, glacann na cumainn lucht tráchtála an fhreagracht seo.

Chun na moltaí seo go léir a chur i bhfeidhm, is gá infreastruchtúr tacaíochta a chruthú chun dul i dteagmháil leis na céadta mílte gnó a ndéanfaidh aistriú difear dóibh sna blianta atá amach romhainn. Bainfidh an t-infreastruchtúr feidhmiúcháin úsáid as na tíortha AE, a riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí tacaíochta gnó. Beidh scaipeadh faisnéise chucu siúd a chuireann tacaíocht ar fáil, oiliúint oiliúnóirí agus forbairt ábhar múinteoireachta i gceist go háirithe.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Clár Comhphobail Liospóin le haghaidh fáis agus post a chur chun feidhme - Aistriú gnólachtaí - Leanúnachas trí thús nua (COM (2006) 117 leagan deireanach, 14.3.2006)

Nuashonraithe 01.12.2016

Top